2022-01-09

Graifítí an Lae - Alexander Berkman

  • Ciallaíonn Ainrialachas gur cheart duit a bheith saor; gan sclábhaí á dhéanamh díot ag éinne, ná éinne a bheith anuas ort, do do robáil, ná ag cur isteach ort.

  • Ciallaíonn sé gur chóir go mbeifeá saor chun na nithe sin a dhéanamh is mian leat a dhéanamh; agus nach cóir go gcuirfí brú ort nithe a dhéanamh nach mian leat a dhéanamh.

  • Ciallaíonn sé gur cheart go mbeadh deis agat an saghas saoil is mian leat a chaitheamh a roghnú duit féin, agus é a chaitheamh gan cur isteach ó éinne.

  • Ciallaíonn sé gur cheart go mbeadh an tsaoirse chéanna ag an gcéad duine eile is atá agatsa, gur cheart go mbeadh na cearta agus an tsaoirse chéanna ag gach éinne.

  • Ciallaíonn sé gur bráithre is ea sinn go léir agus gur cheart dúinn maireachtáil mar bhráithre, go síochánta agus go séimh.

  • I bhfocail eile, ní ceart go mbeadh cogadh ar bith ann ná foréigean á úsáid ag baicle amháin in aghaidh baicle eile, gan monaplacht ar bith a bheith ann ná bochtaineacht, gan cos ar bolg a bheith ann ná buntáiste á bhreith ag éinne ar do chomhdhaonnaí.

  • Go hachomair, staid is ea an t-ainrialachas, nó sochaí, ina bhfuil gach fear is bean saor agus sult á bhaint ag gach éinne as an sochar a éiríonn as saol stuama a chaitheamh.
Alexander Berkman