2022-01-29

Meiriceánach Dúchasach a chuaigh le Haiku

Bhí Gerald Vizenor ocht mbliana déag d’aois agus é in Arm Mheiriceá. Cuireadh chun na Seapáine é le cathlán tancanna. Is ann a leag sé súil ar áiteanna ar nós Matsushima, áit atá molta ag filí haiku ar nós Buson, Bashō agus filí eile rompu is ina ndiaidh, go háirithe Matsushima faoi sholas na gealaí.


Phéinteáil Kawase Hasui an pictiúr seo den áit sa bhliain 1930.

 


Bhí Vizenor in ann ceangal suaithinseach a dhéanamh idir an dá dhomhan, domhan an haiku agus domhan na Meirindiach:

‘Many Anishinaabe dream songs are about the presence of animals, birds and other totemic creatures in experience, visions and in memory. The same can be said about haiku scenes, that the visions of nature are the perceptions and traces of memory.’

‘Táim fós ag iarraidh teacht orm féin,’ a dúirt sé uair amháin. ‘Is leath-phréachán mé, leath-shnáthaid mhór, leath-iora rua, leath-bhéar… táim ag eitilt abhaile i mbriathra is i miotas.’ (Sa leabhar Gerald Vizenor: Writing in the Oral Tradition le Kimberly M. Blaeser, University of Oklahoma Press, 1996). Ní fhéadfadh an WASP é sin a rá – an Protastúnach Geal Angla-Shacsanach – nó dá ndéarfadh ní chreidfí é. Ach i mbéal an Mheirindiaigh is ráiteas uasal aislingeach é, dar liomsa. Ag ag eitilt abhaile atá sé i mbriathra agus i miotais mar go bhfuil beocht sna briathra agus sna miotais, ainneoin a bhfuil déanta ag an bhfear geal chun léirscrios a dhéanamh ar chultúr na dtreibheanna dúchais.

Mhúin an fear geal an Bíobla dó: I dtosach báire bhí an Briathar ann. Ní mar sin in aon chor é, a deir an Meirindiach. Bhí an Briathar ann roimhe sin!

Dúirt R H Blyth, Londanach, fear a dhein cion fir chun haiku a aistriú go Béarla, go bhfuil an t-anamachas laistiar de gach saghas filíochta a bhfuil an dúlra ina lár. Baineann an t-anamachas go dlúth le Sinteo, an creideamh Seapánach a bhí ann sular tháinig an Búdachas. Agus, ar ndóigh, baineanann an t-anamachas chomh maith le creideamh na Meirindiach; níl Éire gann ar anamachas ach oiread. Mar sin, cá hionadh go raibh lé ag Vizenor le haiku, an fhoirm litríochta a dhéanann comóradh ar mhíorúiltí móra agus míorúilti beaga gearra an dúlra ó shéasúr go séasúr. Leabhar dar teideal Favor of Crows an bailiúchán haiku uaidh (Wesleyan Universty Press, 2014).

Ní raibh a fhios agam, dála an scéil, go ngéilleann na Meirindiagh don athionchollú ach tugtar fianaise ina leith sin sa leabhar Chippewa Customs le Frances Densmore ina ndeirtear faoi aislingí na bhfilí go rabhadar chomh cumhachtach sin, “that a man had been known to assume the form which had been his in a previous existence, and which had formed the subject of his dreams.” Obair an diabhail a bhí sna haislingí sin dar leis na ceannairí geala agus a gcuid gníomhairí – múinteoirí ina measc – a thug faoi chultúr dúchasach Mheiriceá a scriosadh.

Thall sa tSeapáin dó, thug an teagmháil a dhein Vizenor le haiku deis mhíorúilteach dó ateagmháil a dhéanamh lena nádúr is lena dhúchas féin mar Mheirindiach:


gealach dheireadh fómhair
ar crith i mbairille báistí
racún fiosrach