2018-05-31

Cloigtheach an Turlaigh / Turlough Round Tower

Ron Rosenstock
d'fhéachfadh turasóir air
nó préachán óg...
cloigtheach an Turlaigh
a tourist might look at it
or a young crow...
round tower in Turlough

2018-05-30

Dúloch

Ron Rosenstock
sé é féin é
is gan éinne i láthair...
Dúloch
it's itself
when no one's there...
Doo Lough

2018-05-29

Jason Symes

Jason Symes
daigh naircisíochta
cuireann sé meill air féin...
sean-iógaí
twinge of narcissism
he curls his lip...
old yogi

πόνος του ναρκισσισμού
συσπά το χείλι . . .
αρχαίος γιόγκι

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2018-05-28

Robert Duncan

Is mian liom filíocht a chumadh agus an bhrí a bheadh léi diamhair amach is amach, is é sin - an bhrí a bheadh léi ní mar sheoid istigh i mbosca, ach faoi mar atá an taobh istigh de bhosca mar chuid den bhosca sin.

Robert Duncan

2018-05-27

Moncaí


an chéad chith fuar  . . .
an moncaí fiú
theastódh cóta beag tuí uaidh
                            

Bashō


2018-05-25

Celestine Nudanu

Celestine Nudanu
margadh na feirme
boladh mealbhacáin
dom' leanúint abhaile

2018-05-24

Anatoly Kudryavitsky

Anatoly Kudryavitsky
tráthnóna séimh
guthanna na mbeitheanna
is na gcrann creathach

2018-05-23

Coill

cú-cú!
an croí ag tnúth
leis an nglaoch
cuckoo!
how the heart waits
for the call

2018-05-22

Talamh Bán/ Thallabawn

gobadáin an lae inné . . .
a neamhláithreacht
i ngach aon bhall
sandpipers of yesterday . . .
their absence
everywhere

2018-05-21

An lá a n-éireoidh na glúine

Vusi Mchunu
Umuhla wokuvuka kwezizukulwane
Lizoduma izulu ngokuba kungomuhla omkhulu
Kungomuhla lapho ezobuya amaGibhide
Ebuya nezigubhu ebuya nezazi ezizigidigidi!
Ebuya nabobnke abantwana bawo
Ngemuva kweminyakanyaka enkulungwane
Ngemuva kokuqubisa ezintabeni zamajiyankomo!

Vusi Mchunu (i Súlúis (Zulu))


An lá a n-éireoidh na glúine

Toirneach a fhógróidh an lá mór
Nuair a nochtfaidh na sean-Éigiptigh arís inár measc
Ag teacht arís lena gcuid drumaí, ag teacht le milliún saoi!
Seo chugainn í agus clann a clainne sa mhórshiúl
An Éigipt a sheachain sinn leis na mílte bliain
Rúin na sléibhte á nochtadh aici, mistéir na dtáinte gan tuairisc!

2018-05-20

Bol - Speak - Labhair - Habla

Speak!

Speak! Your words are free.
Speak! Your tongue is still your own.
Your body is yours, strong and straight.
Speak! Your life is still your own.
Look! In the forge's flames,
how your steel glows red.
See how the locked doors have opened
and every chain breaks.
Speak! The time left to you is enough.
Before body and tongue give out.
Speak! For truth still survives
Speak! Say what is in your heart! 

Faiz Ahmad Faiz (1911 - 1984)
English version by Ivan M. Granger

Labhair! 

Labhair! Is saor iad do chuid briathra.
Labhair! Is leat féin do theanga i gcónaí.
Is leat do cholainn fhada chaol.
Labhair! Leat féin go fóill do bheatha.

Féach! I lasracha na ceárta
Is dearg a lonraíonn an cruach.
Féach mar osclaíodh na doirse a bhí dúnta
Is mar briseadh na slabhraí go léir.

Labhair! Is leor an t-am a fágadh duit
Sula dteipfidh ar an gcolainn is ar an teanga.
Labhair! Mar is ann don fhírinne i gcónaí
Labhair is nocht a bhfuil go domhain istigh id' chroí!

¡Habla!

¡Habla! Tus palabras son libres
¡Habla! Tu lengua sigue siendo tuya.
Tu cuerpo es tuyo, fuerte y recto.
¡Habla! Tu vida sigue siendo tuya.
¡Mira! En las llamas de la fragua,
cómo tu acero se torna rojo.
Mira cómo se abren las puertas cerradas.
y cada cadena se rompe.
¡Habla! El tiempo que te queda es suficiente.
Antes de que el cuerpo y la lengua se rindan.
¡Habla! Porque la verdad todavía sobrevive
¡Habla! ¡Di lo que está en tu corazón!

    Leagan Spáinnise Patricia Jiménez  

2018-05-19

Suantraí Iroquoi: Ani couni chaouani


Ani couni chaouani
Ani couni chaouani
Awawa bikana caïna
Awawa bikana caïna
E aouni bissini
E aouni bissini

Nuair a thiteann Tráthnóna


Nuair a thiteann Tráthnóna
Nuair a thiteann Tráthnóna
Téann  Fear Leighis ’dtí an Fhoraois
Téann  Fear Leighis ’dtí an Fhoraois
Ar an Talamh leagann sé lámh
Ar an Talamh leagann sé lámh

2018-05-18

Radostina A. Angelova

Radostina A. Angelova

báisteach mhín
nach beag bídeach iad
lámha an linbh

2018-05-17

Dubravko Ivančan

Dubravko Ivančan
1931 - 1982


an saol fán dtuath . . .
cuairt á tabhairt ar chomharsa
cúpla uair sa lá

2018-05-16

Duilleoga

Ron Rosenstock
duilleoga...
na seacht dteangacha
acu
leaves...
speaking
in tongues

2018-05-15

Ros Bairneach

Ron Rosenstock
folach bíog
an lá ar fad . . .
an solas i Ros Bairneach
hide-and-go-seek
all day long . . .
the light in Rossbarnagh

2018-05-14

Haiku le Issa ón mbliain 1819

  • Sa bhliain  1819, rugadh an scríbhneoir Sasanach, John Ruskin
  • Rugadh an Bhanríon Victoria faoinar leathadh impireacht léanmhar
  • Rugadh Walt Whitman, file Meiriceánach
  • Rugadh Gustave Courbet, péintéir Francach
  • Rugadh Gottfried Keller, scríbhneoir Eilvéiseach
  • Rugadh George Eliot, úrscéalaí Sasanach
  • Rugadh Theodor Fontane, scríbhneoir Gearmánach
  • Cailleadh an file Portaingéalach Francisco Manoel de Nascimento
  • Cailleadh an file Riocard Bairéad:
Is iomaí slí sin a bhíonn ag daoine
Ag cruinniú píosaí is ag déanamh stóir,
Is a laghad a chuimhníonn ar ghiorracht an tsaoil seo,
Is go mbeidh siad sínte faoi leac go fóill.
Más tiarna tíre, diúc nó rí thú,
Ní chuirfear pingin leat ag dul faoi fhód:
Mar sin, is dá bhrí sin, níl beart níos críonna
Ná bheith go síoraí ag cur preab san ól . . .
  • Agus sa bhliain 1819 chum Issa an haiku seo:
cogar uaimse –
éiríonn na pilibíní láithreach
san aer

2018-05-13

Aisling na Saoirse

aisling na saoirse . . .
an salann a thóg sé
fós ag glioscarnach
vision of freedom . . .
salt he took from the sea
still glistening

2018-05-12

FÓNTACHT NA FILÍOCHTA

Leabhar dátheangach (Fraincis-Béarla) é If the Symptoms Persist, dánta le Francis Combes aistrithe go Béarla ag Alan Dent agus foilsithe ag Smokestack Books: www.smokestack-books.co.uk.

Creideann Combes san fhilíocht, filíocht de shaghas áirithe, une poésie d’utilité publique. Is réabhlóideach an dearcadh é sin ar go leor slite. File réabhlóideach é Combes. Grianghraf de bhacach sráide a mhaisíonn clúdach an leabhair, fógra ag an mbacach á rá go bhfuil ocras air.

Cén fáth a bhfuil ocras air? Tá ocras agus tart ar Combes leis, ní gnáth-ocras é ach an cíocras sin a luann Mata (5.6), "Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad". Cén fáth a bhfuil ocras ar an mbacach? Cuimhním ar Dom Hélder Câmara a dúirt: “Nuair a thugaim bia do na bochtáin tugtar naomh orm. Nuair a deirim, ‘Cén fáth a bhfuil siad bocht?’ tugtar Cumannaí orm.”

Chláraigh Combes ina bhall d’Ógra na gCumannaithe sa bhliain 1968. Bhí sé óg go maith ag an am (rugadh é sa bhliain 1953). Tá a rian sin air, é dúthrachtach agus dílis i gcónaí dá fhís fhileata agus shóisialta araon.

Ní teagascóir tur é. Pléisiúr le roinnt é, dar leis, ról nó feidhm an dáin, faoi mar a roinnfeá bia agus deoch le do chairde – nó le bacach sráide:

Utilité de la poésie

Un jeune mendiant croisé dans le métro,
sur un bout de carton accroché à son cou
avait écrit ces mots:

“Comme la forêt en feu 
crie vers l’eau de la rivière
je m’adresse à vous:
Donnez-moi SVP
Quelque chose à manger.”

Et, semble-t-il,
des gens donnaient.
(Ce qui tendrait à démontrer
l’utilité dans nos sociétés
de la poésie)
 

Fóntacht na Filíochta

Bacach óg ar bhuaileas leis sa Mheitreo
bhí na focail seo scríofa ar phíosa cairtpháipéir aige
agus é crochta timpeall a mhuiníl:

“Mar a ghlaonn an fhoraois trí thine
ar uiscí na habhann
achainím oraibh:
Tugaigí greim le hithe dom
más é bhur dtoil é!

Agus táthar ag déanamh rud air
is cosúil.
(Rud a chuireann fóntas na filíochta
sa tsochaí in iúl dúinn
ba dhóigh leat).

 

2018-05-05

Auf einen Totenacker hat mich mein Weg...

File: Wilhelm Müller
Cumadóir: Franz Schubert
Istigh i lár na reil’ge a bhíos tar éis mo shiúil;
Anseo a bheidh mo lóistín, ar mé liom féin go ciúin.
Is sibhse, a bhláthfhleasca, a chuireann fáilte romham,
Treoraígí chun mo shuain mé, is cortha atáim mo leo.

Ach cogar i leith chugamsa, níl seomra le spáráil?
Ag titim as mo sheasamh is créachtach creachta atáim.
A fhir an tí gan tróca’re, ní mór dom dul ar fán?
Ar aghaidh mar sin, ar aghaidh liom, mo bhata i mo lámh!
Auf einen Totenacker hat mich mein Weg gebracht;
Allhier will ich einkehren, hab' ich bei mir gedacht.
Ihr grünen Totenkränze könnt wohl die Zeichen sein,
Die müde Wand'rer laden ins kühle Wirtshaus ein.

Sind denn in diesem Hause die Kammern all' besetzt?
Bin matt zum Niedersinken, und tödlich schwer verletzt.
O unbarmherz'ge Schenke, doch weisest du mich ab?
Nun weiter denn, nur weiter, mein treuer Wanderstab!

2018-05-04

Hélène Duc

chute de flocons
je coche tristement
les emails indésirables

calóga sneachta ina gceann
is ina gceann
scriosaim ríomhphoist nach bhfuil uaim

fonte de la neige
j'efface son dernier message
de mon répondeur


sneachta ag leá
scriosaim an scéal deireanach uaidh
ar an ngléas freagartha

2018-05-03

2018-05-02

Haiku le Issa ón mbliain 1821

Bheadh Issa corraithe dá dtitfeadh gealbhan óg as nead, abair; samhlaigh an atrua a bhraithfeadh sé dá bhfeicfeadh sé páiste tréigthe. Radharc coitianta ab ea é lena linn, faraor, agus insíonn Bashō roimhe faoina leithéid:

"I was walking along the Fuji River when I saw an abandoned child, barely two,   weeping pitifully. Had his parents been unable to endure this floating world which is as wave-tossed as these rapids, and so left him here to wait out a life brief as dew? He   seemed like a bush clover in autumn's wind that might scatter in the evening or wither in the morning. I tossed him some food from my sleeve and said in passing,

猿を聞く人捨子に秋の風いかに
saru o kiku hito sutego ni aki no kaze ika ni

those who listen for the monkeys:
what of this child
in the autumn wind?

(as Journal of Bleached Bones in a Field, David Barnhill a d’aistrigh ón tSeapáinis).


Samhlaíodh uaigneas is dobrón le héamh an mhoncaí agus tá an tróp sin an-choitianta i bhfilíocht na Sínise agus na Seapáinise. Tá sé i gceann de na dánta is deise liom féin, The River-Merchant’s Wife: A Letter, leagan Ezra Pound de dhán Sínise de chuid Li Bai (nó Li Po):

https://www.poetryfoundation.org/poems/47692/the-river-merchants-wife-a-letter-56d22853677f9

Ba sa bhliain 1821 a chum Issa haiku faoi leanbh tréigthe. Cad eile a bhí ag titim amach sa bhliain sin?

  • Rugadh Fyodor Dostoyevsky, scríbhneoir Rúiseach 
  • Rugadh Gustave Flaubert, scríbhneoir Francach 
  • Cailleadh John Keats, file Sasanach 
  • Rugadh Lady Wilde, nó Speranza, máthair an scríbhneora, bean a thuig nach Gorta Mór a tharla in Éirinn a linne ach cinedhíothú:

Weary men, what reap ye?—golden corn for the stranger.
What sow ye?— human corpses that wait for the avenger.
Fainting forms, hunger–stricken, what see you in the offing?
Stately ships to bear our food away, amid the stranger’s scoffing.
There’s a proud array of soldiers — what do they round your door?
They guard our masters’ granaries from the thin hands of the poor.
Pale mothers, wherefore weeping— would to God that we were dead;
Our children swoon before us, and we cannot give them bread.
  • Cailleadh Napoléon Bonaparte
  • Cailleadh William Neilson, saineolaí ar Ghaeilge Chontae an Dúin.
  • Rugadh John O’ Hanlon, file agus scoláire
  • Rugadh Thaddeus O’Mahony, scoláire
  • Rugadh John George Augustus Prim, ársaitheoir

Agus sa bhliain 1821 chum Issa an haiku seo:

tá sioc air –
a leithéid d’oíche
chun leanbh a thréigint

 .霜をくや此夜はたして子を捨る
shimo oku ya kono yo hatashite ko wo suteru

2018-05-01

Gabhaimis Molta Krishna

Lig do chré mo cholainne bheith measctha
le cré an domhain ar a siúlann mo chéadsearc.
Lig do lasracha mo cholainne bheith ina ngile
sa scáthán ina bhfuil a ghnúis.
Lig d'uisce mo cholainne bheith mar chuid  d'uisce
na linne loiteog ina snámhann sé.
Lig d'anáil mo cholainne bheith ina haer
a chuimlíonn a ghéaga traochta.
Lig dom bheith im' spéir agus ag gluaiseacht tríom
Shyama, néal-dubh, m'ansacht.