2018-05-01

Gabhaimis Molta Krishna

Lig do chré mo cholainne bheith measctha
le cré an domhain ar a siúlann mo chéadsearc.
Lig do lasracha mo cholainne bheith ina ngile
sa scáthán ina bhfuil a ghnúis.
Lig d'uisce mo cholainne bheith mar chuid  d'uisce
na linne loiteog ina snámhann sé.
Lig d'anáil mo cholainne bheith ina haer
a chuimlíonn a ghéaga traochta.
Lig dom bheith im' spéir agus ag gluaiseacht tríom
Shyama, néal-dubh, m'ansacht.