Creideann Combes san fhilíocht, filíocht de shaghas áirithe, une poésie d’utilité publique. Is réabhlóideach an dearcadh é sin ar go leor slite. File réabhlóideach é Combes. Grianghraf de bhacach sráide a mhaisíonn clúdach an leabhair, fógra ag an mbacach á rá go bhfuil ocras air.
Cén fáth a bhfuil ocras air? Tá ocras agus tart ar Combes leis, ní gnáth-ocras é ach an cíocras sin a luann Mata (5.6), "Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad". Cén fáth a bhfuil ocras ar an mbacach? Cuimhním ar Dom Hélder Câmara a dúirt: “Nuair a thugaim bia do na bochtáin tugtar naomh orm. Nuair a deirim, ‘Cén fáth a bhfuil siad bocht?’ tugtar Cumannaí orm.”
Chláraigh Combes ina bhall d’Ógra na gCumannaithe sa bhliain 1968. Bhí sé óg go maith ag an am (rugadh é sa bhliain 1953). Tá a rian sin air, é dúthrachtach agus dílis i gcónaí dá fhís fhileata agus shóisialta araon.
Ní teagascóir tur é. Pléisiúr le roinnt é, dar leis, ról nó feidhm an dáin, faoi mar a roinnfeá bia agus deoch le do chairde – nó le bacach sráide:
Utilité de la poésie
Un jeune mendiant croisé dans le métro,sur un bout de carton accroché à son cou
avait écrit ces mots:
“Comme la forêt en feu
crie vers l’eau de la rivière
je m’adresse à vous:
Donnez-moi SVP
Quelque chose à manger.”
Et, semble-t-il,
des gens donnaient.
(Ce qui tendrait à démontrer
l’utilité dans nos sociétés
de la poésie)
Fóntacht na Filíochta
Bacach óg ar bhuaileas leis sa Mheitreobhí na focail seo scríofa ar phíosa cairtpháipéir aige
agus é crochta timpeall a mhuiníl:
“Mar a ghlaonn an fhoraois trí thine
ar uiscí na habhann
achainím oraibh:
Tugaigí greim le hithe dom
más é bhur dtoil é!
Agus táthar ag déanamh rud air
is cosúil.
(Rud a chuireann fóntas na filíochta
sa tsochaí in iúl dúinn
ba dhóigh leat).