2018-05-14

Haiku le Issa ón mbliain 1819

  • Sa bhliain  1819, rugadh an scríbhneoir Sasanach, John Ruskin
  • Rugadh an Bhanríon Victoria faoinar leathadh impireacht léanmhar
  • Rugadh Walt Whitman, file Meiriceánach
  • Rugadh Gustave Courbet, péintéir Francach
  • Rugadh Gottfried Keller, scríbhneoir Eilvéiseach
  • Rugadh George Eliot, úrscéalaí Sasanach
  • Rugadh Theodor Fontane, scríbhneoir Gearmánach
  • Cailleadh an file Portaingéalach Francisco Manoel de Nascimento
  • Cailleadh an file Riocard Bairéad:
Is iomaí slí sin a bhíonn ag daoine
Ag cruinniú píosaí is ag déanamh stóir,
Is a laghad a chuimhníonn ar ghiorracht an tsaoil seo,
Is go mbeidh siad sínte faoi leac go fóill.
Más tiarna tíre, diúc nó rí thú,
Ní chuirfear pingin leat ag dul faoi fhód:
Mar sin, is dá bhrí sin, níl beart níos críonna
Ná bheith go síoraí ag cur preab san ól . . .
  • Agus sa bhliain 1819 chum Issa an haiku seo:
cogar uaimse –
éiríonn na pilibíní láithreach
san aer