2018-10-31

Tanka

Jason Symes
as spéartha gan chríoch a tháinig sí
is thugas Spéirbhean uirthi
b'i m'ansacht í
     faraor, ba sheachmall í
     grianghraf . . .mainicín
from infinite skies she came
i called her Spéirbhean, Skywoman
and adored her
     alas, she was unreal
     a photo . . . mannequin
ήρθ' απ' τα ουράνια
την κάλεσα Ουρανία
και τη λάτρεψα
αλίμονο, ήταν ψέμα
ένα φωτομοντέλο . . .

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2018-10-30

Miyamoto Shufu

Miyamoto Shufu
an bhfuilir gach áit
féachaim thall féachaim abhus
tá tú gach aon áit
     a shearc, téir i bhfolach
     lig dom dul sa tóir arís ort
are you everywhere
this way I look and that way
you are everywhere
     beloved, hide from me now
     let me seek you out once more

2018-10-29

Graifítí an Lae

Éirí amach laistigh den tsochaí chun feabhas beag a chur uirthi, roinnt leasuithe a chur i gcrích, tá sé sin ar nós éirí amach na bpríosúnach chun feabhas a chur ar an saol laistigh de bhallaí an phríosúin; ní réabhlóid atá ansin ach ceannairc. An léir duit an difríocht eatarthu? Is ionann éirí amach laistigh den tsochaí agus ceannairc na bpríosúnach a bhfuil bia níos fearr uathu agus a dteastaíonn uathu go gcaithfí níos fearr leo sa phríosún; ach an t-éirí amach a tharlaíonn de bharr tuisceana, sin duine ag imeacht ón tsochaí agus réabhlóid chruthaitheach is ea é sin.

J. Krishnamurti

2018-10-21

CÓNAÍMID i bhFORMHUIREÁINÍN BUÍ


Rugadh mé fadó fadó
is is cuimhin liom duine amháin
agus d'inis sé a scéal
faoina shaol i bhfomhuireán

Agus sheolamar faoin ngréin
glas a bhí na farragí
cónaí orainn thíos fo thoinn
inár bhfomhuireáinín buí

Cónaimid i bhfomhuireáinín buí
Fomhuireáinín buí fomhuireáinín buí
Cónaímid i bhfomhuireáinín buí
Fomhuireáinín buí fomhuireáinín buí

Tá ár gcairde linn ar bord
Is tá comharsana ann ar ndóigh
Tá an banna ag déanamh ceoil

Cónaimid i bhfomhuireáinín buí
Fomhuireáinín buí fomhuireáinín buí
Cónaímid i bhfomhuireáinín buí
Fomhuireáinín buí fomhuireáinín buí

Lánluas ar aghaidh, a bhósain ghroí, lánluas ar aghaidh
Gearr an cábla! Scaoil an cábla,
aidhe, aidhe, sir, aidhe aidhe
Captaen! Captaen!

Táimid ar ár saimhín só - [sáimhín só]
Gach aon duine againn - [gach aon duine againn] -
go han-mhaith as - [go han-mhaith as]
Gorm an spéir, [gorm an spéir],
glas-fharraigí, [glas-fharraigí]
Inár bhfomhuir- [inár bhfomhuir] - áinín - áinín - á há!

Cónaimid i bhfomhuireáinín buí
Fomhuireáinín buí fomhuireáinín buí
Cónaímid i bhfomhuireáinín buí
Fomhuireáinín buí fomhuireáinín buí

2018-10-20

Vinalhaven

Ron Rosenstock
Vinalhaven
ó, a Vinalhaven . . .
is ann duit i gcónaí?
Vinalhaven
oh, Vinalhaven . . .
you are still there?

2018-10-19

Solas an Lae

 

 

Solas an Lae


Solas athuair
chun na leapa im' dhiaidh
Smaoiníos siar céad bliain ó shin, níos mó
ar ár sinsir liath'

Is léir dom measaim gleanntán
Dath gorm ar na cná'
Saighdiúirí cróga nach n-éiríonn níos óige
ag cur do thuairisc' tá

Glaonn an t-am fadó orainn
ar thaobh Harmagadón
Gach éinne i gcomhrá gan éinne ag éisteacht
N'fheadair éinne an ród

An bhfuil costas mór na Saoirse
adhlactha sa chré
Slogfaidh an Ollmháthair thú
síos leat síos go réidh

Daylight 

 Daylight again
Following me to bed
I think about a hundred years ago
How my fathers bled

I think I see a valley
Covered with bones in blue
All the brave soldiers that cannot get older
Been asking after you

Hear the past a' calling
From Armageddon's side
When everyone's talking and no one is listening
How can we decide

Do we find the cost of freedom
Buried in the ground
Mother Earth will swallow you
Lay your body down


Crosby, Stills & Nash

2018-10-18

Ruth Orkin

Ruth Orkin
dordán ag cuileog . . .
seoid ise
leis
buzzing fly . . .
it too
a treasure

2018-10-17

Balthus

Balthus
gan éinne ina dhúiseacht
ach mé féin is leamhan ...
solas a chéile
no one awake
but myself and a moth . . .
the light of one another
κανένας ξύπνιος
μόνον εγώ και ο σκόρος...
φως ο ένας του άλλου

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2018-10-16

Joan Fontcuberta 2

Joan Fontcuberta
aimsir gharbh . . .
tá glór na ngéanna
ag eitilt ó dheas
harsh weather . . .
the sound of geese
is flying south
άγριος καιρός . . .
το πέταγμα της χήνας
ηχεί στον νότο

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2018-10-15

Joan Fontcuberta

Joan Fontcuberta
fulaingt na gcrann . . .
is eol dóibhsean leis
oíche dhuairc an anama
suffering of trees . . .
they too know the dark night
of the soul
πόνος των δέντρων . . .
τη σκοτεινή γνωρίζουν
νύχτα της ψυχής

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2018-10-14

Dylan: Creidimse thú


Fiafraíonn siad i mo thaobh,
Grá fíor mo ghrá, nó saobh
An éireoidh liom teacht slán arú
Agus, breathnaíonn siad orm go tur
Agus an ruaig orm á cur
Ba mhaith leo mé a scor
Mar go gcreidimse thú

Siod é an bóthar romhat
Is ná tar ar ais níos mó!
Mar nílimse i mo bhall dá gcriú
Agus amach liom faoin ngréin
I bhfad i bhfad i gcéin
Ach nílimse liom fhéin
Mar go gcreidimse thú

Mar creidimse thú fiú i measc na ndeor is an gháire
Mar creidimse thú fiú má táimid beirt scartha
Mar creidimse thú fiú ar maidin lá arna mhárach
Ó, is an lá ag breacadh
Ó, is an dorchacht ag scaipeadh
Ó, mothaímse é i gcónaí im’ lár.

Ná lig dom dul ar fán
Fanfad leat go brách
Is beidh mé seasta síoraí úr
An méid a fuaireas uait le mo linn
An grá nár chosain aon phínn
Siollaí uait ag teacht go binn
Mar creidimse thú

Mar creidimse thú, an geimhreadh ina shamhradh
Mar creidimse thú, ’s an dubh ina gheal
Mar creidimse thú cé gur líonmhar iad mo naimhde
Ó, ag an domhan seo céasta
Ó, ag mo chairde tréigthe
Ó, níor leor sin chun é a chur ar ceal. 


Ná lig dom’ phort athrú
Coinnigh mé inniu
Ó chleasa a chuirfeadh mé amú
Ó is cuma liom faoin bpian
An bháisteach atá dian
Mar domsa ’s tú an ghrian
Mar go gcreidimse thú.

I Believe In You

 They ask me how I feel
 And if my love is real
 And how I know I’ll make it through
 And they, they look at me and frown
 They’d like to drive me from this town
 They don’t want me around
 ’Cause I believe in you

 They show me to the door
 They say don’t come back no more
 ’Cause I don’t be like they’d like me to
 And I walk out on my own
 A thousand miles from home
 But I don’t feel alone
 ’Cause I believe in you

 I believe in you even through the tears and the laughter
 I believe in you even though we be apart
 I believe in you even on the morning after
 Oh, when the dawn is nearing
 Oh, when the night is disappearing
 Oh, this feeling is still here in my heart

 Don’t let me drift too far
 Keep me where you are
 Where I will always be renewed
 And that which you’ve given me today
 Is worth more than I could pay
 And no matter what they say
 I believe in you

 I believe in you when winter turn to summer
 I believe in you when white turn to black
 I believe in you even though I be outnumbered
 Oh, though the earth may shake me
 Oh, though my friends forsake me
 Oh, even that couldn’t make me go back

 Don’t let me change my heart
 Keep me set apart
 From all the plans they do pursue
 And I, I don’t mind the pain
 Don’t mind the driving rain
 I know I will sustain
 ’Cause I believe in you   

2018-10-13

Roberto De Mitri

Roberto De Mitri
má ba phianmhar í mo bhreith
aon fhocal nó gníomh . . .
pardún, a mháithrín
if my birth pained you
or any word or deed ...
mother, forgive me
αν σε πόνεσε η γέννα
λόγος μου ή πράξη . . .
μαμά, συγγνώμη

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2018-10-12

Chiyo-ni



corrán gealaí  . . .
gabhann an ciúnas
isteach sa chroí

Mισοφέγγαρο . . .
η ησυχία
εισέρχεται στην καρδιά

Sarah Thilykou a rinne an leagan Gréigise

2018-10-11

Briathra an Bhúda

Uttiṭṭhe! Nappamajjeyya!

Dhammaṃ sucaritaṃ care.
Dhammacārī sukhaṃ seti
asmiṃ loke paramhi ca.
 
 
Éist leis an mbun-Pháilis:
Éirigh! Ná bí ar nós cuma liom!
Caith do shaol i gceart.
An té a chaitheann a shaol i gceart
beidh sé sona sa saol seo agus sa saol atá le teacht.

2018-10-10

Graifítí an Lae

Éirí amach laistigh den tsochaí chun feabhas beag a chur uirthi, roinnt leasuithe
a chur i gcrích, tá sé sin ar nós éirí amach na bpríosúnach chun feabhas a chur ar an saol laistigh de bhallaí an phríosúin; ní réabhlóid atá ansin ach ceannairc. An léir duit an difríocht eatarthu? Is ionann éirí amach laistigh den tsochaí agus ceannairc na bpríosúnach a bhfuil bia níos fearr uathu agus a dteastaíonn uathu go gcaithfí níos fearr leo sa phríosún; ach an t-éirí amach a tharlaíonn de bharr tuisceana, sin duine ag imeacht ón tsochaí agus réabhlóid chruthaitheach is ea é sin.

J. Krishnamurti

2018-10-09

Gadhar ag Rith i nDiaidh Cairr


Dá mba ghrianghrafadóir a bhí ionat agus tú ag tiomáint timpeall, is dócha go stopfá an gluaisteán chun grianghraf a ghlacadh de radharc éigin a thaitin leat.

Bhí smaoineamh eile ag Simon Baker, smaoineamh le haghaidh taispeántais – agus leabhair. Thabharfadh sé triúr grianghrafadóirí le chéile, Joel Meyerowitz, Daido Moriyama agus John Divola agus an treoir a thabharfadh sé dóibh gan stopadh ach grianghraif a ghlacadh agus an carr ag gluaiseacht, fuinneog an chairr a bheith ina fráma ar an ngrianghraf, más maith leat.

Gadhar ag rith i ndiaidh cairr le Divola atá mar chlúdach an leabhair Pictures from Moving Cars (Adad Books, £30, 78 leathanach, bog). Níor cuireadh ach trí chéad cóip i gcló, iad go léir uimhrithe. Deirtear faoin gclúdach nach bhfuil seans ag an ngadhar breith ar an gcarr agus cén seans atá ag an ngrianghrafadóir breith ar an rud atá ann más ag scinneadh thairis atá an domhan.



Smaoineamh simplí atá laistiar den leabhar. Is minic gurb iad na smaointe simplí na smaointe is fearr ar fad. ‘Simpligh, simpligh,’ an mana a bhí ag Thoreau.

Ba bhreá liom leabhair den sórt seo a bheith againn i nGaeilge, leabhar atá ag smaoineamh ‘lasmuigh den bhosca’, leabhar is fiú breathnú tríd ó am go chéile, leabhar le cur le bailiúchán leabhar. Níl aon rud níos measa ná ‘tuilleadh den saghas céanna arís is arís eile’.

2018-10-08

Graifítí an Lae

Iarracht is ea an t-ainrialachas chun fáil réidh le gach saghas forlámhais. Cuimsíonn sé sin ní hamháin na foirmeacha follasacha ar nós an náisiúnstáit a bhaineann leas as foréigean agus fórsa an dlí ar bhonn rialta, agus an chorparáid lena neamhfhreagracht institiúidithe, ach foirmeacha inmheánaithe chomh maith, mar shampla patrarcacht, ciníochas, homafóibe. Anuas air sin, iarracht is ea an t-ainrialachas chun breathnú ar na gnéithe sin dár saol a nglactar leo, mar chuid den chruinne, féachaint an bhfuil forlámhas acusan, leis, orainn nó an éascaíonn siad an forlámhas atá againne ar dhaoine eile.

John Zerzan


2018-10-07

Graifítí an Lae

Fíor-éirí amach is ea éirí amach in aghaidh na teicneolaíochta agus na sibhialtachta, fíor-ionsaí ar luachanna an chórais.

Theodore Kaczynski

2018-10-06