2020-07-30

Paidir Shuíceach


ਤੂ ਠਾਕੁਰੁ ਤੁਮ ਪਹਿ ਅਰਦਾਸਿ ॥
तू ठाकुरु तुम पहि अरदासि ॥
Ŧū ṯẖākur ṯum pėh arḏās.
Tusa ár dTiarna is ár Máistir, duitse a ofrálaim an phaidir umhal seo.

ਜੀਉ ਪਿੰਡੁ ਸਭੁ ਤੇਰੀ ਰਾਸਿ ॥
जीउ पिंडु सभु तेरी रासि ॥
Jī▫o pind sabẖ ṯerī rās.
An cholainn seo, an t-anam seo, is leatsa iad.

ਤੁਮ ਮਾਤ ਪਿਤਾ ਹਮ ਬਾਰਿਕ ਤੇਰੇ ॥
तुम मात पिता हम बारिक तेरे ॥
Ŧum māṯ piṯā ham bārik ṯere.
Is tusa ár máthair is ár n-athair, sinne do chlann

ਤੁਮਰੀ ਕ੍ਰਿਪਾ ਮਹਿ ਸੂਖ ਘਨੇਰੇ ॥
तुमरी क्रिपा महि सूख घनेरे ॥
Ŧumrī kirpā mėh sūkẖ gẖanere.
Is iomaí cúis áthais a ghineann do Ghrásta!

ਕੋਇ ਨ ਜਾਨੈ ਤੁਮਰਾ ਅੰਤੁ ॥
कोइ न जानै तुमरा अंतु ॥
Ko▫e na jānai ṯumrā anṯ.
Ní thuigeann éinne do neamhtheorantacht.

ਊਚੇ ਤੇ ਊਚਾ ਭਗਵੰਤ ॥
ऊचे ते ऊचा भगवंत ॥
Ūcẖe ṯe ūcẖā bẖagvanṯ.
An té is airde ar fad, nach tú atá fial, a Dhé!

ਸਗਲ ਸਮਗ੍ਰੀ ਤੁਮਰੈ ਸੂਤ੍ਰਿ ਧਾਰੀ ॥
सगल समग्री तुमरै सूत्रि धारी ॥
Sagal samagrī ṯumrai suṯir ḏẖārī
An chruinne go léir ar téad agat

ਤੁਮ ਤੇ ਹੋਇ ਸੁ ਆਗਿਆਕਾਰੀ ॥
तुम ते होइ सु आगिआकारी ॥
Ŧum ṯe ho▫e so āgi▫ākārī.
Faoi do cheannas-sa atá an uile ní a tháinig uait

ਤੁਮਰੀ ਗਤਿ ਮਿਤਿ ਤੁਮ ਹੀ ਜਾਨੀ ॥
तुमरी गति मिति तुम ही जानी ॥
Ŧumrī gaṯ miṯ ṯum hī jānī.
Tusa amháin a thuigeann do nádúr is do mhéid

ਨਾਨਕ ਦਾਸ ਸਦਾ ਕੁਰਬਾਨੀ ॥੮॥੪॥
नानक दास सदा कुरबानी ॥८॥४॥
Nānak ḏās saḏā kurbānī. ||8||4||
Nanak, do sclábhaí, ina íobairt shíoraí.

2020-07-29

Graifítí an Lae

Tugann an caipitleachas tús áite ar dhaoine do mheaisíní in áit leas a bhaint as meaisíní chun daoine a shaoradh ó eire na síoroibre meicniúla. 

Ernest Mandel

2020-07-28

Alex Hay

Alex Hay
egg on plate with knife, fork and spoon
1964
ar thalamh strainséartha . . .
cuma choimhthíoch
ar an ubh fhriochta
in a strange land . . .
even the fried egg
looks strange
in a fremmit lan . . .
e'en the fried egg
leuks orra


Leagan Béarla na hAlban: John McDonald 
不思議の国で
目玉焼きさえ
不思議なり

leagan Seapáinise: Mariko Sumikura

2020-07-27

Abanindranath Tagore

Nasim Bagh
Abanindranath Tagore
ní raibh uaim
ach mé féin a ísliú romhat
is a bheith im' bhláth
        ní ina dhath, a chuid
        ná ina chruth ná fiú ina chumhracht
i wished for nothing
but to humble myself before You
and become a flower
        no! not its colour, beloved
        nor its shape nor even its scent

2020-07-25

Ahmed Morsi: White Fish

Ahmed Morsi
The White Fish (1974)
Acrylic on canvas
82 x 55 cm
Mathaf Arab Museum of Modern Art Collection
tá m'anam ar eolas agat
iasc geal a shnámhann
in uiscí cosmacha
        tá na milliúin bliain gan áireamh
        imithe tharainn, a thaisce
my spirit is known to You
the white fish that swims
in cosmic waters
        how many millions of years
        have gone by, beloved

2020-07-24

saor ón mbraighdeanas

Ní gá dhuit éirí as an smaointeoireacht, ní gá ach smaoineamh ar fhréamh na smaointe; téir á lorg agus aimsigh í. Lonraíonn an Féin ann Féin.
Nuair a aimsítear í, stopann na smaointe dá ndeoin féin.
Sin is brí le bheith saor ón mbraighdeanas.

2020-07-23

Bog Breá, a Chara

Bog breá, a chara.
Cén fuadar atá fút?
Tar éis do bháis
an cholainn a bhí pulctha
le milseáin
iomprófar amach í le dó,
agus an cloigeann ar a raibh
turban geal ceangailte
á rolladh ag préacháin sa dusta.

Priocfaidh fear an bhata
an luaithreach fhuar díot
sa tóir ar chnámha.

Dhera, táim ag cur mo chuid ama amú,
arsa Kabir.
Smachtín féin an bháis
ar tí do cheann a bhascadh
ní dhúiseodh sé thú.

Kabir 

2020-07-22

Hiroshige

Detail from: Chrysanthemums in Fan-shaped Design 
táim ar do thóir, a chuid
le diongbháilteacht
bheach an tsamhraidh
        file mar mé níl aigne aige
        is mistéir leis í an bheach
with the single mindedness
of a summer bee
i seek you out, beloved
        a poet in my state has no mind
        the bee is also a mystery

2020-07-21

Staidéar Ar Mhaisc

Chen Liming
Caithfear labhairt faoi mhaisc inniu
Fiú más ó long chúrsála féin é ar coraintín san Aigéan Ciúin.
Tá an fharraige ina léinseach, ní tharraingíonn grian an mheán lae aird uirthi féin.

Rud bídeach is ea masc taobh le long chúrsála;
Rud bídeach is ea long taobh leis an Aigéan Ciúin;
Rud bídeach í an mhuir taobh leis an spéir.

Sin slí amháin chun féachaint air. Tá an loighic neamhchasta.
Ní gá don spéir ná don Aigéan Ciúin masc a chaitheamh,
Ná an long chúrsála atá ar ancaire san aigéan.

Ach tá gá againne leis, ní mar chosaint ar gach uile olc,
Ach ar ár gcóras riospráide amháin. Cloiseann tú casacht uaimse,
Agus cloisimse an fhuaim chéanna ní rófhada uaim.
   
Ní hiad na faoileáin os ár gcionn a dhein an fhuaim sin.
Féach, tá na faoileáin ag eitilt
Mar is gnáth, ní maisc atá iontu is léir.

[Meifu Wang & Michael Soper a chuir Béarla air]

2020-07-20

An Gadaí Gallda / The Thieving English Speaker

Dán Ilteangach



Sciobadar na pitseámaí uaimse, arsa an tIndiach
 They stole the pyjamas from me, said the Indian
Agus an mangó deireanach
 And my last mango.
Maistíní! Tá an seampú imithe leis!
 Thugs! The shampoo is gone as well!
Agus an bungaló féin
 And even the bungalow.
Seo, bíodh braon slivovitz agat, arsa Crótach
 Here, have a drop of slivovitz, says a Croat
(A raibh cuma an tsúmaire air)
 (Who looked like a vampire)
Thógadar smidiríní uainne, arsa Gael
 They took smithereens from us, says a Gael
Agus go leor eile, arsa Gael Albanach, a chlaíomh mór á bhagairt aige
 And much else besides – galore!’ said a  Scottish Gael, wielding his claymore.
Bíodh na smidiríní acu agus fáilte!
 They’re welcome to the smithereens!
Lán de bhladhmann atá siad, arsa Peirseach agus é ag imirt fichille go ciúin leis féin
 They are full of bombast, said a Persian,  quietly playing chess with himself.
Níl aon srian orthu, arsa Indinéiseach, is lig osna
 They run amok, sighed an Indonesian.
Mo bhúmaraing! Arsa Astrálach
 My boomerang! says an Australian.

Chuaigh sí amú sa chlapsholas, déarfainn, arsa Albanach
 I’d say it vanished in the gloaming, said a  Scotsman.
Seans maith, arsa Ioruach a raibh cuma an leimín air agus aill á lorg aige
 Quite likely, said a Norwegian who looked  like a lemming in search of a cliff.
Xǐnǎo, a deir mo chara Sineach
 Xǐnǎo, says my Chinese friend:
Múnlú inchinne!
 Brainwashing!
Poncán! arsa cailín Dúitseach is déistin uirthi
 Yankee! says a Dutch girl, in disgust
Gan trácht ar an mbruitíneach  
 Not to mention measles.
Ó, nach acu atá an chutzpah, a admhaíonn Giúdach
 They have chutzpah, we’ll give them that, a Jew admits
Béigeal ó éinne?
 Bagel, anybody?
Tógfadsa leis an mborsch é, arsa Úcránach
 I’ll have one with my borsch, says an  Ukrainian.
Tabhair don chorchú é, arsa fear na Breataine Bige
 Give it to the corgi, says the Welshman.
Beidh ceann agamsa agus caife leis, arsa an Turcach
 I’ll have one with my coffee, says the Turk.
Hé! Ce a sciob an béigeal uaim? An Béarlóir bréan sin!
 Hey! Who stole my bagel? That smelly English  speaker!
Ophidia in herba – nathair san fhéar – arsa múinteoir Laidine.
 Ophidia in herba – a snake in the grass – said  a Latin teacher.
Ba chóir é chur i sputnic! Fán fada air! arsa an Rúiseach
 He should be put into a sputnik, said the  Russian, and despatched to nowhere.
Gan de chomhluadar aige ach órang-útan, arsa Malaech
 With only an orangutan for company, said a  Malay
Agus brístí leathair air, arsa Gearmánach
 One that wears lederhosen, said a German
Órang-útan a scríobhann haiku, arsa Seapánach mná
 An orangutan that writes haiku said a  Japanese lady
Agus dealramh an Tóraí air, arsa Éireannach
 And looks like a Tory, said an Irishman
Agus gircín ina chaincín! arsa Polannach
 With a gherkin up his nose, said the Pole.
An scunc! arsa an Meirindiach
 The skunk! says the Native American.
Aontaím leat, arsa an Romanaí, éadaí ban air
 I agree, says the Romany, in drag.
Ní gá dhuit náire ar bith a bheith ort, arsa an Portaingéalach
 You needn’t be embarrassed, said the  Portuguese.
An caipitleachas! a d’fhógair an tIodálach
 Capitalism! exclaimed the Italian.
Is maith liom an tatú sin ort, arsa an Polainéiseach
 I like your tattoo, said the Polynesian
An-osréalach, arsa Francach
 Very surreal, said a Frenchman.
‘Bhfuil bríos ann? arsa Spáinneach
 Is there a breeze? asked a Spaniard.
Níl, níl ann ach mé féin is mo yó-yó, arsa an Filipíneach
 No, it’s just me and my yo-yo, says the  Filipino.
Eureka! arsa an Gréagach
 Eureka! said the Greek.
D’aimsigh sé a ucailéile, arsa Haváíoch
 He has found his ukulele, said a Hawaiian.
Cén áit, san Áiféiseastáin? arsa Seiceach
 Where, in Absurdistan? asked a Czech.
Tá sé in am agamsa gúláis a bheith agam, arsa an tUngárach
 Time for my goulash, said the Hungarian.

2020-07-19

Raja Ravi Varma

Menaka the nymph tempting the yogi
Ravi Varma
cad chuige do theacht chugam
id' nimfeach chun mé a mhealladh
is leat mé cheana
        ó thús ama, a thaisce
        is tusa a bhí ionam riamh
why do You come
as a nymph to tempt me
I am already Yours
        since the dawn of time
        who else have I been but You

2020-07-18

Chokei





ardaím an dallóg...
is féachaim amach
ar dhomhan athraithe

2020-07-17

Varavara Rao: file faoi ghlas

Machnamh

Ní mise a chuir na pléascáin ar fáil
Ná na smaointe ach oiread leis sin,
Sibhse a shatail le bhur sála iarainn
ar an nead seangán
agus as an talamh bhrúite
d'eascair díoltas.

Sibhse a leag an choirceog
Le bhur smachtín
Glór na mbeach ar a dteitheadh
Mar bhuama ar fud na bhfud
Dearg-sceimhle oraibh

Nuair a bhuail an druma caithréimeach 
I gcroí na ndaoine
Mheas sibhse gur duine a bhí ann: dhírigh
bhur ngunnaí air -  macalla réabhlóideach ó gach aird


Reflection


I did not supply the explosives
Nor ideas for that matter
It was you who trod with iron heels
Upon the anthill
And from the trampled earth
Sprouted the ideas of vengeance

It was you who struck the beehive
With your lathi
The sound of the scattering bees
Exploded in your shaken facade
Blotched red with fear

When the victory drum started beating
In the heart of the masses
You mistook it for a person and trained your guns
Revolution echoed from all horizons.

Varavara Rao

2020-07-16

John Prine - Lake Marie/Loch Marie



Curfá:
Inár seasamh
Seasamh cois uiscí ciúine
Seasamh cois uiscí ciúine
Whoa Wá Ó Wá Ó
Whoa Wá Ó Wá Ó

Blianta fada ó shin feadh Theorainn Illinois-Wisconsin
Do bhí treibh Mheir-Indiach
Thángadar ar naíonáin sa choill
Naíonáin gheala
Duine acu darbh ainm Elizabeth
Agus ba ise ba ghile
Agus an duine ba lú den bheirt, b'í sin Marie
Ní fhacadar páistí geala cheana
Agus bhí cónaí orthu taobh leis an Dá Loch
Thugadar Lake Elizabeth ar an loch ab áille orthu
Agus an loch ba lú a bhí tamall ar an iargúil
Lake Marie a bheadh ar an loch ba lú. 

[Curfá]

Blianta ina dhiaidh sin bhíos i gcomhrá leis an ainnir
A bhí ina seasamh is a cúl le Lake Marie
An ghaoth ag séideadh, trína dlaoithe geala
Ceithre ispín Iodálacha ag cócaráil ar an ngreille
A dheabhail, dob in ssssiosarnach
Blianta ina dhiaidh sin tharla dúinn bheith i gCeanada
Bhí pósadh le sábháil is cúpla iasc le gabháil
Pé jab a bhí indéanta
Chodail sí ansin 'na luí i m'ucht
Ag crónán di féin, 'Louie Louie'
Á, a stór - ní mór dúinn imeacht.

[Curfá]

Tafann na ngadhar is carranna ag páirceáil
Úsairí i mbun úsaireacht', narcanna ag narcáil
Bhí an domhan is a mháthair ann
Sa charrchlós taobh leis an tearmann coille
Tháinig na péas ar dhá chorpán
Dhá chorpán nochta
Bhí a n-aghaidh ar fad loite ag uirlis ghéar de shaghas éigin
Bhí sé ar an nuacht
Ar an teilifís
I bhfíseán, físeán dubh is bán
An bhfaca tú fuil riamh ar fhíseán dubh is bán, 'bhfaca?
Mar scáil, mar scáil, is mar sin a fhéachann an fhuil
Agus rapáladh an grá go léir a bhí eadrainn
Rapáladh é in aghaidh bhruacha Loch Marie, Marie

Inár seasamh
Seasamh cois uiscí ciúine
Seasamh cois uiscí ciúine
Whoa Wá Ó Wá Ó
Whoa Wá Ó Wá Ó
Whoa Wá Ó Wá Ó
Whoa Wá Ó Wá Ó
Seasamh cois uiscí ciúine
Uiscí ciúine
Seasamh cois uiscí ciúine
Uiscí ciúine,
A stóirín, ní mór dúinn imeacht.

2020-07-15

Ahmed Morsi - Untitled, 1969

Ahmed Morsi,
Untitled, 1969,
Oil on canvas,
124 x 73 cm.
an t-uaigneas seo
a chuid, tógfar díom é
níl ann ach an bhuairt
        a bhraitheann brúid nár maraíodh fós
        lá báistí . . . iarthar na hÉireann
this melancholy
beloved, it will pass
it is but the sorrow
        of the unslaughtered beast
        rainy day . . . west of Ireland

2020-07-14

Monoku: Haiku aon líne de chuid Allen Ginsberg

Crescent moon, girls chatter at twilight on the bus ride to Ankara 
corrán gealaí,comhrá na gcailíní sa chlapsholas ar an mbus go hAnkara 

To be sucking your thumb in Rome by the Tiber among fallen leaves . . .
d'ordóg a dhiúl sa Róimh cois na Tibire i measc duilleoga tite

I can still see Neal’s 23-year-old corpse when I come in my hand.
feicim fós corp marbh Neal 23 bliana d'aois nuair a thagaim im' ghlac

I felt a breeze below my waist and realized that my fly was open.
bhraitheas leoithne faoim' choim is thuigeas go raibh mo fhlapa ar oscailt.

A good shit is worth a thousand dollars if your purse can afford it.
Is fiú míle dollar é cac breá má tá sé ar d'acmhainn.

Oh my mad mind, my mad mind, where've you been all my life, my old mad mind?
Ó, m'aigne chraiceáilte, m'aigne chraiceáilte, cá rabhais ar feadh mo shaoil, a sheanaigne chraiceáilte?

Allen Ginsberg

2020-07-13

Croí an Fhéir agam ar Iasacht

Guo Xiaoqi 郭晓琦
(r. 1973)
In Guanegou a bhíomar an lá sin.
Liath a bhí an spéir an lá sin, an t-aer fliuch agus milis, 
an t-uisce ag rith go ceolmhar.
In abar a bhíomar,
báite i sága fuatha agus grá, gan ar ár gcumas éalú.

Mé i gcéin faoi láthair,
agus is tusa an áit i mo shaolsa atá san imigéin. 
Nílim in ann ach a admháil duit, dar croí an fhéir atá thart ort. 
Nílim in ann ach croí na mbraonta drúchta a fháil ar iasacht is iad le fána an féar síos
chun admháil a dhéanamh. Lig dom, leis,
croí na bhfeithidí crónánacha sa mhothar a fháil ar iasacht, lig dom míniú a thabhairt duit. 

An brobh féir, nach simplí atá sé,
gile an drúchta,      
umhlaíocht na bhfeithidí, 
leis na trí croíthe sin is gaire don talamh, tabharfadsa mo shaol
iomlán is mé i ngrá leat.

Guo Xiaoqi 郭晓琦

[Is iad na Duck Yard Lyricists, a réitigh an leagan Béarla de: Meifu Wang, Michael Soper, Peter Micic & Johan Ramaekers]

2020-07-12

cruinne lán d'fhéileacáin

Anna Mgaloblishvili
ghabh m'anam chugat
ní mar aon fhéileacán amháin
ach mar chruinne lán d'fhéileacáin
        d'fhilleadar a gcuid sciathán -
        tar éis a n-eitilte - mar ghuí
my soul wandered to You
not as one butterfly
but as a universe of butterflies
        all beating their wings in unison
        and folding them in prayer

2020-07-10

Ahmed Morsi - Black Fish (1984)

Ahmed Morsi
Black Fish (1984)
Acrylic on canvas
152 x 132 cm
Kiran Nadar Museum of Art
is é iasc dubh
mo chroíse é a ceapadh duitse
in aigéan gan ainm
        a chumann! cad a dhéanfair
        é a chaitheamh ar ais sa duibheagán
it is the black fish
of my heart caught for You
in a nameless ocean
        beloved! what will You do
        throw it back into the deep

2020-07-09

Nuair a gheal an lá

ó Chehel Sotoun, Isfahan, 

Iran, 17 Céad




Nuair a gheal an lá
tar éis oíche fíona
b’ionann ciall is ciall amuigh
agus sin í an fhírinne

Qushayri


2020-07-08

Aistear Anama

Is suaite atá m’anam is é sa tóir ar an áilleacht
Mar dhúil na leoithne i gcumhracht bláthanna
Mar ghrian a ólann an drúcht is ea do scéimhse
Iompaíonn mo ghol ina gháire um breacadh an lae ghil
Ag smaoineamh ar do ghile dhom
Líontar mo chroí
Íomhá do chuntanóis ghlé
A chuireann m’anam ag canadh mar éan
Sa cholainn tréith seo atá m’anam ina luí
Gléigeal, mar fhíon i ngloine
Nuair a thug mo chuardach chun do scéimhe mé
Dhamhsaigh m’anam mar ghrian de ló is d’oíche
Sa tóir ar do dhá leiceann deineadh fánaí díom
Gabhann m’anam i gcéin chun na hIndia 
     is fiú go Khorasan

Rahman Baba


2020-07-07

féin-aonrú...





féin-aonrú...
an aigne
faoi bhláth


samo izolacija
cvatući
um

Helena Peričić a dhein an leagan Cróitise

2020-07-06

Súil Siar

Rong Rong (r1964)

Táim sean anois, mearbhall orm, miotais
is aguisíní go leor curtha agam le mo chuimhní.

Nithe is daoine ar mheascas leo nó ar sciorras tríothu,
cairdeas leamh nó gáifeach,
an t-uaigneas nó an tsáinn atá ar eolas agam féin amháin,

ní haon mhaith dul siar orthu ach níl leigheas air.
I gcás mo leithéidese, dul amú orm, is cumha,
cuimhní amháin a dhaingníonn an caisleán leochaileach istigh.

I láthair na huaire, abair, braithim uaim seanchara liom,
braithim uaim é ar nós uisce is talamh na ríochta seo agamsa –
creimeadh mall – mé ag breathnú uaim ar an rith chun srutha.

Rong Rong
[Meifu Wang & Michael Soper a chuir Béarla air].

2020-07-05

Rian ar bith níl fágtha anois

Shíleas nach raibh leannán fágtha domsa
sa saol mór
Ansin is ea a thréigeas mé féin.
Níl stróinséir fágtha anois ar domhan
Chínn an dealg i ngach aon ní
ní fhaca riamh an rós
Den chruinne deineadh gairdín rósanna
dealg ar bith níl fágtha
De ló is d’oíche bhíodh mo chroí ag éamh
N’fheadar conas a tharla sé
Níl uch ná ach in aon chor uaim níos mó.
D’imigh an déachas, thainig an Aontacht,
bhuaileas ar an gcúlráid leis an gCara
D’imigh an slua, d’fhan an tAon,
níor fhan ach an tAon.
Reiligiún, cráifeacht, nósanna, dea-cháil,
bhínn an-tógtha ar fad leo.
A Niyazi – cad d’imigh ort?
Rian den reiligiún níl fágtha!

Niyazi Misri


2020-07-04

An Rud Nach Raibh Riamh Ann

An rud nach raibh riamh ann
ní fhágann ina dhiaidh id’ ghlac
ach puth
Is an rud atá ann
níl faic ann ach smál,
teip
Sa chás sin, ní thig linn
ach an rud nach raibh riamh ann
a shamhlú
Agus an rud atá ann, mar dhea,
cuimhnigh
nach ann dó

Najmoddin Kubra


2020-07-03

Ag triall ar Mheiriceá

<
"Leaving for America", Laura Jean Zito, ©
if trees could weep...
another soul
leaves for America
dá mbeadh deora ag na crainn...
baistíoch eile
ag triall ar Mheiriceá

2020-07-02

Merab Abramishvili

Merab Abramishvili
deireadh le deora
thóg an Tiarna iad
chun blátha Pharthais a uisciú
        osclaíonn an rós
        canann aingil a Ainm Naofa
no more tears to be shed
my Lord has taken them
to water the flowers of Paradise
        roses burst into bloom
        angels chant His holy name

2020-07-01

Tobar/ Well

<
"Mallow", Laura Jean Zito, ©
tobar dubh
na cuimhne...
gan tóin
the black well
of memory...
bottomless