2020-07-05

Rian ar bith níl fágtha anois

Shíleas nach raibh leannán fágtha domsa
sa saol mór
Ansin is ea a thréigeas mé féin.
Níl stróinséir fágtha anois ar domhan
Chínn an dealg i ngach aon ní
ní fhaca riamh an rós
Den chruinne deineadh gairdín rósanna
dealg ar bith níl fágtha
De ló is d’oíche bhíodh mo chroí ag éamh
N’fheadar conas a tharla sé
Níl uch ná ach in aon chor uaim níos mó.
D’imigh an déachas, thainig an Aontacht,
bhuaileas ar an gcúlráid leis an gCara
D’imigh an slua, d’fhan an tAon,
níor fhan ach an tAon.
Reiligiún, cráifeacht, nósanna, dea-cháil,
bhínn an-tógtha ar fad leo.
A Niyazi – cad d’imigh ort?
Rian den reiligiún níl fágtha!

Niyazi Misri