2014-09-30

Scannán suimiúil


Tá ábhar machnaimh sa scannán seo, La Société du spectacle. Tagraíonn sé don 'dioscúrsa aontreo' atá ar siúl an t-am ar fad agus an fonn atá ar a lán againn fanacht inár gcodladh!

Ar an lá seo 30 Meán Fómhair

Ar an lá seo 30 Meán Fómhair, 1927, rugadh W. S. Merwin

Teanga

W. S. Merwin

Tá focail áirithe atá ar eolas anois againn nach n-úsáidfimid arís, agus ní dhéanfaimid dearmad go deo orthu. Tá gá againn leo. Ar nós chúl an phictiúir. Ar nós ár gcuid smúsaigh, agus an dath sna féithe againn. Ligimid do lóchrann an tsuain lonrú orthu, le deimhin a dhéanamh de, agus féach orthu is iad ar crith cheana is ag tnúth le lá na fianaise. Adhlacfar linn iad, is éireoidh leis an gcuid eile.

Language

W. S. Merwin,

Certain words now in our knowledge we will not use again, and we will never forget them. We need them. Like the back of the picture. Like our marrow, and the colour in our veins. We shine the lantern of our sleep on them, to make sure, and there they are, trembling already for the day of witness. They will be buried with us, and rise with the rest.

2014-09-29

Seanamhráin


Chuala mé amhráin mar atá ar an YouTube seo agus mé i mBéalgrád.
Seanfhear ina shuí ar bhinse i gceantar do choisithe amháin. Chuimhníos ar Wordsworth sa dán The Solitary Reaper agus é ag éisteacht le hamhrán i nGaeilge na hAlban:  
'Will no one tell me what she sings?'

Shuíos chun éisteacht leis agus d'fhéadfainn an lá ar fad a chaitheamh ag éisteacht. Is aige a bhí na nótaí maise, giofóg á thionlacan ar an mbosca ceoil. Ó am go chéile thógfadh sé sos agus bhí buidéilín biotáille aige ina phóca, chun uchtach a thabhairt dó mar ba mise an t-aon éisteoir a bhí aige an lá sin. Na coisithe ag gabháil thar bráid agus a bhfón póca acu nó iad ag éisteacht leis an gceol is déanaí sna cairteacha is gan meas dá laghad acu ar shaibhreas ceoil an tseanduine ná ar iarmsaí beo a gcultúir féin. Chuir sé sin leis an mbrón a bhí sna hamhráin aige agus leis an tocht ina ghlór - gan éinne bheith ag éisteacht  leis.
 
Cheapfá go bhféadfadh TG4, cuir i gcás, amhráin agus íomhánna mar atá ar an YouTube seo a thabhairt dúinn mura mbeadh ann ach 5 nóiméad in aghaidh na hoíche, seanamhráin thraidisiúnta ó thíortha uile na hEorpa (mar thús) chun a mheabhrú dúinn go bhfuil cultúr eile ann seachas an rud is déanaí 'ar an margadh'.

Ar an lá seo 29 Meán Fómhair

Ar an lá seo 29 Meán Fómhair 1902 cailleadh Émile Zola.
J’accuse!”

“Tá an fhírinne ag máirseáil agus ní stopfaidh aon ní í.”

“Ní faic é an t-ealaíontóir gan an bua, ach ní faic é an bua gan obair.”

“Tá beirt istigh san ealaíontóir, an file agus an ceardaí. Saolaítear i d’fhile thú. Déantar ceardaí díot.”

“Gaibhnítear do stíl ar inneoin uafásach na spriocanna laethúla.”

“Gníomh is ea an smaoineamh. Níl gníomh is mó a leasaíonn an domhan.”

“Níl in aon rud ach taibhreamh.”

Ar an lá seo 29 Meán Fómhair

Ar an lá seo 29 Meán Fómhair 1902, cailleadh William Topaz McGonagall
údar 'The Tay Bridge Disaster', an dán is fearr a scríobhadh riamh, i dteanga ar bith. Beidh cuimhne go deo ar thús an dáin sin:

Beautiful railway bridge of the silv'ry Tay
Alas! I am very sorry to say
That ninety lives have been taken away
On the last sabbath day of 1879
Which will be remember'd for a very long time.

Cervantes

An lá breithe céanna agam is atá ag Miguel de Cervantes (29 Meán Fómhair). Dráma beag aonghnímh le léamh anseo nach mbeadh scríofa agam murach El Quijote.


2014-09-28

Ammassalik

Íomhá Ron Rosenstock
Ammassalik
uair amháin nocht cadhc gan foireann
sa spéir
Ammassalik
once an unmanned kayak appeared
in the sky

Ar an lá seo 28 Meán Fómhair

Ar an lá seo 28 Meán Fómhair, 1964, cailleadh Harpo Marx

2014-09-27

Gaza

GAZA

Os mo chomhair amach
ar an bhfuinneog
cuileog gafa i líon damháin alla
chomh soiléir le grian an mheán lae

an líon nach mór dofheicthe
cá bhfuil a thús
a dheireadh

ní fheicim ach streachailt na cuileoige
cosa beaga ar mire
sciatháin á ngreadadh go faon

Cén fhaid a mhairfidh sé seo?
Ar feadh na síoraíochta?

GAZA

Right in front of me
on the window
a fly caught in a spider’s web
as clear as the mid-day sun

the web almost invisible
where does it begin
where does it end

all I see is the fly’s struggle
furious little legs
wings flapping weakly

How long can this last?
An eternity?

ΓΑΖΑ


Ακριβώς μπροστά μου
στο παράθυρο
μια μύγα αιχμάλωτη σε ιστό αράχνης
διαυγή όσο ο ήλιος το μεσημέρι

ο ιστός σχεδόν αόρατος
πού αρχίζει
πού τελειώνει

βλέπω μόνο τη μάχη της μύγας
τα μανιασμένα ποδαράκια της
πτερύγια που φτερουγίζουν αδύναμα

Πόσο θα κρατήσει αυτό;
Για μια αιωνιότητα;

Leagan Gréigise: Yiorgos Chouliaras

GAZA


Directo frente a mí
en la ventana
una mosca cae en red de una araña
tan clara como el sol de mediodía

la telaraña casi invisible
¿dónde empieza?
¿dónde termina?

todo lo que veo es la lucha de la mosca
las pequeñas patitas furiosas
las alas revoloteando débilmente

¿Cuánto tiempo esto va a durar?
¿Acaso una eternidad?
 
Leagan Spáinnise: Francisco X. Alarcón

Ar an lá seo 27 Meán Fómhair

Ar an lá seo 27 Meán Fómhair, 1944, rugadh Paul Buhle.
Rudaí suimiúla le rá aige faoin nGiúdais san agallamh seo

2014-09-26

Haiku le Issa ón mbliain 1813

Sampla beag eile d'atrua mhór an mháistir!
streachailt, streachailt -
sicín bacach -
lá fada
.鶏やちんば引々日の長き
niwatori ya chinba hiki-hiki hi no nagak

Ar an lá seo 26 Meán Fómhair

Ar an lá seo 26 Meán Fómhair, 2000, cailleadh Baden Powell de Aquino.

2014-09-25

Oighearchaidhp/ ice cap

Íomhá Ron Rosenstock
oighearchaidhp-
imíonn fiolar mara as radharc
san uaigneas
ice cap
a white-tailed eagle vanishes
in loneliness

Ar an lá seo 25 Meán Fómhair

Ar an lá seo 25 Meán Fómhair, 2003, cailleadh Edward Said.
“Rud coitianta go maith is ea é ardfheidhmeannaigh i Washington agus áiteanna eile agus iad ag caint ar mhapa an Mheán Oirthir a athrú faoi mar d’fhéadfá pobail ársa ilghnéitheacha a chroitheadh mar phiseanna talún i bpróca.”

“Smaoinigh gur sa bhliain 1800 d’éiligh cumhachtaí an Iarthair 55 faoin gcéad de dhromchla an domhain agus bhí thart ar 35 faoin gcéad de ina seilbh acu; faoin mbliain 1874 is 67 faoin gcéad an coibhneas a bhí ann, ráta méadaithe de 83,000 míle cearnach in aghaidh na bliana. Faoi 1914, bhí an ráta bliantúil imithe suas, iontach le rá é, go dtí 240,000 míle cearnach in aghaidh na bliana agus ba leis an Eoraip thart ar 85 faoin gcéad den domhan, mar choilíneacht nó mar chosantóireacht, mar spleáchchríoch, mar thiarnas nó mar chomhlathas.”

“Tá ráite ina dioscúrsa oifigiúil ag gach aon impireacht a bhí riamh ann go mbaineann cúinsí speisialta léi, gurb é an misean atá aici ná daoine a chur ar an eolas, iad a thabhairt chun sibhialtachta, ord agus daonlathas a chur i réim, agus nach mbaineann sí leas as fórsa ach mar bheart in am na héigne. Agus, níos brónaí fós mar scéal, beidh cór d’intleachtaigh ann i gcónaí agus iad sásta focail shéimhe a rá mar gheall ar impireachtaí atá lách altrúíoch, faoi mar nach ceart muinín a chur i bhfianaise do dhá shúl féin agus tú ag breathnú ar an léirscrios, ar an ainnise agus ar an mbás a thugann an mission civilizatrice is déanaí leis.”

“Níl stair ar bith ag cultúr ar bith go dtí go bpléascann sé in aghaidh na Stát Aontaithe.”

“An fhíric lárnach domsa, measaim, ná nach féidir ról an intleachtaigh a imirt mura mbraithfeá gur duine thú a ardaíonn ceisteanna cigilteacha go poiblí, a théann i ngleic leis an gceartchreidmheacht agus le dogma (seachas iad a tháirgeadh), a bheith mar dhuine nach ligeann do rialtais ná do chorparáidí é a chomhthoghadh agus arb é a raison d'être ná seasamh do na daoine sin is do na ceisteanna sin a ligtear i ndearmad de ghnáth nó a scuabtar faoin ruga.”

2014-09-24

Haiku le Klaus-Dieter Wirth

böiger Wind
der erzwungene Kunstflug
einer Elster

gustaí gaoithe
aeraclaíocht éigeantach
an tsnaga bhric

Feictear domsa go bhfuil aigne eolaíoch an Ghearmánaigh le feiceáil sa haiku seo. Mo dhuine Wirth ag breathnú ar an snag breac agus ar éifeacht na gaoithe air, aigne an innealtóra geall leis.

Ar an lá seo 24 Meán Fómhair

Ar an lá seo 24 Meán Fómhair, 1991, chuir an t-amhránaí tíre Peter Bellamy lámh ina bhás féin.

2014-09-23

Haiku le Kerouac

Haiku le Kerouac á léamh ag Gabriel ag Féile Raghnallach, 15.9.2014
Tionlacan ar an ngiotár: Enda Reilly




Ar an lá seo 23 Meán Fómhair

Ar an lá seo 23 Meán Fómhair, 1973, cailleadh Pablo Neruda

An Mhaighdean Mhara agus na Druncaeirí: Fabhalscéal

Bhí na fearaibh go léir ann
nuair a tháinig sí isteach, tarnocht
bhíodar ag ól: thosnaíodar ag caitheamh seile
nuathagtha ón abhainn níorbh eol di faic
murúch ab ea í a chaill a slí
ghabh na maslaí a colainn ghléineach síos
bádh a cíocha órga i ngraostacht
dall ar dheora, deoir níor chaoin
dall ar éadach, luid níor chaith
dhubhaíodar le corc dóite í is le stupaí toitíní
agus iad sna trithí gáire ar urlár an tí tábhairne
níor labhair sí mar urlabhra ní raibh aici
ar dhath an ghrá i gcéin a bhí na súile aici
tópás bán ab ea a dhá lámh
bhog a beola, go ciúin, faoi sholas coiréalach
agus go tobann, amach an doras sin thall léi
glanadh í ar dhul isteach san abhainn di
í ag lonrú mar chloch bhán faoin mbáisteach
agus gan féachaint siar, shnámh arís
shnámh i dtreo an fholúis, i dtreo an bháis.

Fábula de la sirena y los borrachos

Todos estos señores estaban dentro
cuando ella entró completamente desnuda
ellos habían bebido y comenzaron a escupirla
ella no entendía nada recién salía del rio
era una sirena que se había extraviado
los insultos corrían sobre su carne lisa
la inmundicia cubrió sus pechos de oro
ella no sabía llorar por eso no lloraba
no sabía vestirse por eso no se vestía
la tatuaron con cigarrillos y con corchos quemados
y reían hasta caer al suelo de la taberna
ella no hablaba porque no sabía hablar
sus ojos eran color de amor distante
sus brazos construídos de topacios gemelos
sus labios se cortaron en la luz del coral
y de pronto salió por esa puerta
apenas entro al rio quedó limpia
relució como una piedra blanca en la lluvia
y sin mirar atrás nadó de nuevo
nadó hacia nunca más hacia morir.

2014-09-21

Cumha Dhonncha Mhic Iain


IMRAM FÉILE LITRÍOCHTA GAEILGE - CLÁR NA FÉILE 2014

Déardaoin 9 Deireadh Fómhair 7.00pm UCD Belfield (Léachtlann M, Áras Newman) ‘CUIMHNE AGUS DÍCHUIMHNE’: LÉACHT UÍ CHADHAIN le Darach Ó Scolaí
Dé hAoine 10 Deireadh Fómhair 8.00pm Pavilion Theatre AMHRÁIN NA SAOIRSE: TIONSCADAL BOB MARLEY
Dé Sathairn 11 Deireadh Fómhair 6.30pm Gaelchultúr Simon Ó Faoláin & Mícheál Ó Ruairc: MÓRSHEOLADH LEABHAR
Dé Sathairn 11 Deireadh Fómhair 8.30pm McGrattan’s The Other Tongues: MÓRLÉAMH ⁊ COIRM CHEOIL
Dé Luain 13 Deireadh Fómhair 7.00pm The Grand Social CLÓ DRAíOCHTA 4: Taispeántas Clóghrafaíochta
Déardaoin 9 – Déardaoin 16 Deireadh Fómhair SEACHT SCÉAL le DIARMUID DE FAOITE
Dé Máirt 14 Deireadh Fómhair 6.00pm Helen Roe Theatre PÁDRAIC BREATHNACH: AGALLAMH POIBLÍ
Dé Máirt 14 Deireadh Fómhair 8.30pm Smock Alley Theatre THE WHEELCHAIR MONOLOGUES
Dé Céadaoin 15 Deireadh Fómhair 6.00pm Helen Roe Theatre LÉACHT IMRAM le Liam Mac Mathúna
Dé Céadaoin 15 Deireadh Fómhair 8.30pm The Grand Social Port a’ tSaoil: TIONSCADAL KATE BUSH
Déardaoin 16 ⁊ Dé Céadaoin 22 Deireadh Fómhair 5.30pm Áras na Scríbhneoirí IDIR NA CLÚDAIGH: Books review radio programme
Déardaoin 16 Deireadh Fómhair 8.30pm Smock Alley Theatre Mo Pheann ag Rince: TIONSCADAL AN RÍORDÁNAIGH
Dé hAoine 17 Deireadh Fómhair 6.00pm An Siopa Leabhar Foilsitheoireacht don Óige: cur agus cúiteamh
Dé hAoine 17 Deireadh Fómhair 8.30pm Smock Alley Theatre Blas-Bhinn na Cathrach: Ceiliúradh ar Bhaile Átha Cliath
Dé Sathairn 18 Deireadh Fómhair Áras na Scríbhneoirí CEARDLANN NÁISIÚNTA DO GHEARRSCÉALAITHE GAEILGE: CLÓ IAR-CHONNACHT
Dé Sathairn 18 Deireadh Fómhair 6.30pm Royal Society of Antiquaries of Ireland SEOLADH LEABHAR: AN BHEAN FEASA le Alan Titley
Dé Sathairn 18 Deireadh Fómhair 8.30pm McGrattan’s OÍCHE ÓMÓIS DO SHEÁN MAC MATHÚNA
Déardaoin 18 – Dé hAoine 24 Deireadh Fómhair Axis Theatre AN CHÉAD CHÉAD
Céadaoin 5 – Céadaoin 26 Samhain 7.30pm Irish Writers CentreTHE DISCOVERY LECTURES:
5 Samhain
ALAN TITLEY
12 Samhain 
DOIREANN Ní GHRÍOFA
19 Samhain
LIAM Ó MUIRTHILE
26 Samhain 
MÁIRÍN NIC EOIN
CLÁR IOMLÁN NA FÉILE

Féach www.imram.ie 
Nó cuir r-phost chuig: liamog62@mac.com 

FIOSRÚCHÁIN PHOIBLÍOCHTA
Na meáin Bhéarla: déan teagmháil le do thoil le Kate Bowe
kate@katebowepr.ie
Fón: 01 652 0143 or 086 267 5018 

Na meáin Ghaeilge: déan teagmháil le do thoil le Julianne Ní Chonchobhair julianichonchobhair@gmail.com
Fón: 087 174 6189 

FIOSRÚCHÁIN GHINEARÁLTA IMRAM: Déan teagmháil le do thoil le Liam Carson liamog62@mac.com 
Fón: 087-2912797

Ar an lá seo 21 Meán Fómhair

Ar an lá seo 21 Meán Fómhair, 1904, cailleadh Hinmatóowyalahtq’it (“Toirneach ag Rabhláil Síos an Sliabh”) nó Chief Joseph. Briseadh croí ba thrúig bháis dó.
“Táim tinn tuirseach den troid. Tá ár dTaoisigh marbh; tá Looking Glass marbh, tá Ta Hool Hool Shute marbh. Tá na seanóirí go léir marbh… Tá sé fuar is níl blaincéid ar bith againn; tá an fuacht dulta go smior sna páistí. An pobal seo againne, cuid acu theitheadar go dtí na cnoic agus níl blaincéid ná bia acu. Níl a fhios ag éinne cá bhfuil siad – b’fhéidir gur reoite atáid. Tá am uaim chun mo pháistí a lorg, féachaint cé mhéad acu atáim in ann teacht orthu. B’fhéidir go dtiocfainn orthu i measc na marbh. Éistigí liom, a Thaoiseacha liom. Táim tnáite; is tinn agus is brónach atá mo chroí.”

2014-09-20

Ar an lá seo 20 Meán Fómhair

Ar an lá seo 20 Meán Fómhair, 1878, rugadh Upton Sinclair
“Níl san ealaín ar fad ach bolscaireacht.”

“Is deacair tathant ar dhuine rud éigin a thuiscint má tá a thuarastal á rá leis gan é a thuiscint!”


“Insítear dúinn gur tugadh Íosa chuig sliabh ard is gur thaispeáin an diabhal ríochtaí uile an domhain dó. Mar is eol dúinn, dúirt Íosa leis, ‘Imigh leat, a Shátain …’Agus bhí sé lándáiríre; ní bheadh aon bhaint aige le glóir dhomhanda, le cumhacht shaolta; is é an ghairm a roghnaigh sé ná a bheith ina ghríosóir réabhlóideach agus an bás a fuair sé ná bás mar gheall ar dhíshocraíocht na síochána. Agus ar feadh dhá chéad nó trí chéad bliain, chloígh an eaglais leis an soiscéal prólatáireach sin aige…. ach péist ghlic is ea an diabhal; ní leor go gcloífí uair amháin é chun go n-éireodh sé as mar tuigeann sé nádúr an duine… Níor éirigh leis Íosa a fháil ach tháinig sé arís chun an eaglais a fháil.... tháinig sé faoi ghné an Impire féin agus mhol sé don Impire iompó ar an gcreideamh nua chun go mbeadh sé féin agus an Eaglais in ann oibriú le chéile ar son ghlóire Dé. Ghlac na heaspaig agus aithreacha na hEaglaise leis an scéim seo, agus iad ag súil le dul chun cinn dá n-eagraíocht, agus bhailigh Sátan leis sna trithí dubha gáire.”

2014-09-19

Ar an lá seo 19 Meán Fómhair

Ar an lá seo 19 Meán Fómhair, 1902, cailleadh Masaoka Shiki.
an ghrian ag dul faoi
laistiar den mhanach fáin
ard sa ghort dreoite

lócaistí ag eitilt íseal
os cionn na ngort ríse
ga lag gréine

bainim plaic as dátphluma
buaileann an clog
Teampall Horyu-ji

siúlann tachrán
ar an bhféar glas
cosnochta

ciocáid amach sa samhradh
bíoc! bíoc!
in ard a cinn


Breis Haiku anseo:

2014-09-17

Ar an lá seo 17 Meán Fómhair

Ar an lá seo 17 Meán Fómhair, 1935, rugadh Ken Kesey.
“Is dóigh linn go bhfuilimid san am atá i láthair ach níl. An t-am i láthair mar is eol dúinn é níl ann ach scannán den am atá thart.”

“Ní mhaireann aon ní.”


“Ar son na mistéire atáimse seachas an freagra léirmhínitheach… Ní freagra a bhíonn riamh san fhreagra. An rud atá spéisiúil dáiríre ná an mhistéir. Má lorgaíonn tú an mhistéir seachas an freagra beidh tú á lorg de shíor. Ní fhaca mise éinne riamh a tháinig ar an bhfreagra, ach ceapann siad gur tháinig. Mar sin stopann siad ag smaoineamh.”

2014-09-16

Ar an lá seo 16 Meán Fómhair

Ar an lá seo 16 Meán Fómhair, 1925, rugadh B B King

Gach aon lá mé tá gorm

Gach aon lá, gach aon lá mé tá gorm
Gach aon lá, gach aon lá mé tá gorm
Nuair ’chíonn tú buartha mé, a stór
Ó sea bíonn uaigneas orm.

Ó níl grá ag éinn’ dom, is cuma leo sa diabhal
Sea níl grá ag éinn’ dom, is cuma leo sa diabhal
Maidir le mí-ádh is trioblóid
Bhuel is liomsa bhí siad fial.

Táim chun mála a phacáil, bogadh liom, a ghrá
Sea táim chun mála a phacáil, bogadh liom, a ghrá
Áit nach mbeidh aon duine buartha
Agus gan éinne á chrá.

2014-09-15

Rumi:

MAR IS DUAL DO SCIATHÁIN


Cad a dhéanfaidh ár bpáistí
ar maidin?
An ndúiseoidh siad is fonn ar a gcroí dul ag spraoi
mar is dual
do sciatháin?

An mbeidh na heitiltí riachtanacha ina dtaibhreamh acu is an neart sin cruinnithe ó na pláinéid acu is gá má tá fir is mná
chun meallacacht iontach
an domhain seo
a chur sa mheá
i dtreo is nach ligfí dá chumhacht is áilleacht
na tréithe sin ionainne a dhearúd?

Tá seanchur amach agamsa ar an gcroí – an flosc atá air a bheith beo.
Tá gá chomh mór sin ag an ngrá le grá
go gcuirfeadh sé suas le haon ní, an drochíde féin,
ar mhaithe le drithliú seal.  Béal na spéire, ámh, is tláith,
ní ghortódh a amhrán go deo thú, mar go gcanaimse
na briathra seo.

Cad a dhéanfaidh ár bpáistí ar maidin
mura bhfeicfidh siad ag eitilt
sinn

 

THE WAY WINGS SHOULD


What will
our children do in the morning?
Will they wake with their hearts wanting to play,
the way wings
should?

Will they have dreamed the needed flights and gathered
the strength from the planets that all men and women need to balance
the wonderful charms of
the earth

so that her power and beauty does not make us forget our own?

I know all about the ways of the heart - how it wants to be alive.

Love so needs to love
that it will endure almost anything, even abuse,
just to flicker for a moment.  But the sky's mouth is kind,
its song will never hurt you, for I
sing those words.

What will our children do in the morning
if they do not see us
fly?

~ Rumi ~

 
(Love Poems From God: Twelve Sacred Voices from the East and West by Daniel Ladinsky)

Íomhá an Lae: Ganesh ar an bpíb uilleann


Ar an lá seo 15 Meán Fómhair

Ar an lá seo
15 Meán Fómhair, 1973, dúnmharaíodh Victor Jara

2014-09-14

Granum Sinapis

Granum Sinapis

Deisceabal de chuid Meister Eckhart


I dtosach,
go hard os cionn na tuisceana, is ea an briathar, go deo.
A thaisce as cuimse,
ina bhfuil an tús de shíor i mbroinn an túis!
A ucht athartha as a eascraíonn
an briathar go háthasach is go deo.
Is fós chloígh an bhroinn
go dlúth leis an mbriathar, gan aon agó.

As an dís an t-aon ina thuile
ina sméaróid bheo
á gceangal araon,
is mar sin an spiorad is milse ina shruth
siméadrach go hiomlán,
doscartha óna chéile.
Is Aon í an Tríonóid:
an eol duit cad é? Ní heol,
ní heol d'éinne é ach é féin amháin go hiomlán.

Sceimhle gan teorainn a dtriúr in aon líon.
Níor chuimsigh an réasún
riamh é mar chiorcal:
ag seo an duibheagán gan ghrinneall.
Am, cruthanna, spás
i sáinn! Foinse an uile ní
ciorcal na mistéirí;
ann féin a bhunús dochlaochlaithe.

Fág seo, dreap go hiomasach,
sliabh na rinne seo!
Tabharfaidh an tslí seo
amach sa díseart iontach thú
iontach fairsing agus fada.
Am ná spás
níl sa díseart seo.
Tá a nádúr féin aige.


Níl cos ann
a shiúil an díseart seo,
ná réasún
a chuaigh fad leis.
Is ann dó is n'fheadair éinne cad é féin.
Anso atá sé, thall,
cóngarach, i gcéin,
thíos, thuas,
sa tslí
nach rud amháin ná rud eile é.

Éadrom, glé,
chomh dubh le pic,
gan ainm,
thar eolas,
gan tús, níl deireadh leis go deo,
soiprithe ann féin,
nocht, gan cheileatram.
Cá bhfios cá bhfuil cónaí air?
Tagadh sé
is abradh sé cén cruth atá air.

Bí mar leanbh,
bí bodhar, bí dall!
Bíse id shubstaint féin
id neamhní;
cuir uait gach substaint,
gach neamhní, cuir uait iad!
Tréig idir spás is am,
tabhair cúl le do chló.
Imigh gan conair romhat
ar feadh an chosáin chaoil,
is éireoidh leat teacht ar an díseart.

Ó, a anam liom,
amach leat, isteach le Dia!
Síos liom síos
i neamhní Dé
síos sa tuile dhothomhaiste.
Má theithim uait,
tagann tú chugam,
má chaillim mé féin,
aimsím thú:
A shuáilce is tú ag leathnú leat ar fud na bhfud.

In dem begin
hô uber sin
ist ie daz wort.
ô rîcher hort,
dâ ie begin begin gebar!
ô vader brust,
ûz der mit lust
daz wort ie vlôz!
doch hat der schôz
daz wort behalden, daz ist wâr.

Von zwên ein vlût,
der minnen glût,
der zweier bant,
den zwein bekant,
vlûzet der vil sûze geist
vil ebinglîch,
unscheidelîch.
dî drî sîn ein.
weiz du waz? nein.
iz weiz sich selber aller meist.

Der drîer strik
hat tîfen schrik,
den selben reif
nî sin begreif:
hîr ist ein tûfe sunder grunt.
schach unde mat
zît, formen, stat!
der wunder rink
ist ein gesprink,
gâr unbewegit stêt sîn punt

Des puntez berk
stîg âne werk,
vorstentlichkeit!
der wek dich treit
in eine wûste wunderlîch,
dî breit, dî wît,
unmêzik lît.
dî wûste hat
noch zît noch stat,
ir wîse dî ist sunderlîch.

Daz wüste gût
nî vûz durch wût,
geschaffen sin
quam nî dâ hin:
us ist und weis doch nimant was.
us hî, us dâ,
us verre, us nâ,
us tîf, us hô,
us ist alsô,
daz us ist weder diz noch daz.

Us licht, us clâr,
us vinster gâr,
us unbenant,
us unbekant,
beginnes und ouch endes vrî,
us stille stât,
blôs âne wât.
wer weiz sîn hûs?
der gê her ûz
und sage uns, welich sîn forme sî.

Wirt als ein kint
wirt toup, wirt blint!
dîn selbes icht
mûz werden nicht,
al icht, al nicht trîb uber hôr!
lâ stat, lâ zît,
ouch bilde mît!
genk âne wek
den smalen stek,
sô kums du an der wûste spôr.

Ô sêle mîn
genk ûz, got în!
sink al mîn icht
in gotis nicht,
sink in dî grundelôze vlût!
vlî ich von dir,
du kumst zu mir.
vorlîs ich mich,
sô vind ich dich,
ô uberweselîches gût!



Granum Sinapis

(Anon.) (14ú hAois)

Leagan Béarla Karen J. Campbell


In the beginning
high above comprehension
is the word, eternally.
O rich treasure,
where the beginning eternally bore the beginning!
O paternal bosom,
out of which, in bliss,
the word flowed forth eternally.
Yet the womb still
held fast to the word, truly.

Of the two, one flowing forth,
ember of love,
binding both,
known to both,
so flows the sweetest spirit
in complete symmetry,
inseparable.
The three are one:
do you know, what? No,
it alone knows itself completely.

The enmeshment of the three
harbors deep terror.
No reason has ever
comprehended this circle:
here is a depth without bottom.
Check and mate
to time, to shapes, to space!
The circle of mysteries
is a source of everything;
its point of origin rests, completely immutable, in itself.

Leave your doings
and climb, insight,
the mountain of this point!
The way leads you
into a wondrous desert
which extends wide
and immeasurably far.
The desert knows
neither time nor space.
Its nature is unique.

Never has a foot
crossed the domain of the desert,
created reason
has never attained it.
It is, and yet no one knows what.
It is here, there,
far, near,
deep, high,
so that
it is neither the one nor the other.

Light, clear,
completely dark,
nameless,
unknown,
without beginning and also without end,
it rests in itself,
unveiled, without disguise.
Who knows what its dwelling is?
Let him come forth
and tell us of what shape it is.

Become as a child,
become deaf, become blind!
Your own substance
must become nothingness;
drive all substance, all nothingness far from you!
Leave space, leave time,
eschew also all physical representation.
Go without a way
the narrow foot-path,
then you will succeed in finding the desert.

O my soul,
go out, let God in!
Sink, my entire being,
into God's nothingness,
sink into the bottomless flood!
If I flee from you,
you come to me,
if I lose myself,
I find you:
O goodness extending over all being

Ar an lá seo 14 Meán Fómhair

Ar an lá seo 14 Meán Fómhair, 2009, cailleadh Henry Gibson:

2014-09-12

Kate Bush: Gafa i nGaffa

Amuigh sa ghairdín
Tá leath de na flaithis,
Ag cluanaíocht atáimid.
Ní lucht briste trí fhallaí sinn.


Tá sé ráite
Déan é a chruthú
Go bhfuil sé ar siúl
Nó caill an t-iomlán.

Seifteoidh sé slí
Slí éigin chun éalú as.
Leithscéal í siúd
Finné a labharfaidh nuair ‘ghlaofar air.


Tá sé ráite
Déan é a chruthú
Go bhfuil sé ar siúl
Nó caill an t-iomlán.
Nó caill an t-iomlán.

“Fuaireas spléachadh ar dhia, ag lonrú go glé.”

Go tobann de chré iad mo dhá chos
Gach aon ní sló-mó
Cad is brí leis na deora
An bhfuil mé gafa i nGaffa?

Nuair a bheidh mé ullamh duit beidh
Nuair a bheidh mé ullamh duit beidh
Agam an t-iomlán.

Ag teacht ina ghaor dom
Is léir is is baolach
Rud éigin mar bhac orm sa tslí
Clár adhmaid im shúil é

Agus camall
Ag iarraidh imeacht tríd
Mé á dhéanamh?
An t-iomlán le do thoil.

Bainim an clár, mé á rá:
“Buíochas as mé 'tharraing siar
’Dtí an fhíric sin
Go n-imíonn gach aon rud fiar.”

Is deacair gan dabht
A rá bhfuil sé déanta i gceart.
An liom an t-iomlán?
An t-iomlán le do thoil?
Ní linn an t-iomlán.

“Tá brionglóid ag cách … b’fhéidir.”

Go tobann de chré iad mo dhá chos
Gach aon ní sló-mó
Cad is brí leis na deora
An bhfuil mé gafa i nGaffa? Nuair a bheidh mé ullamh duit beidh
Nuair a bheidh mé ullamh duit beidh
Agam an t-iomlán.


Ní osclóidh mé boscaí
Má tá siad orm coiscthe
Ní mise Pandóra
Ach mé ar nós

Í siúd ‘’tá sa scáthán.
Is eadrainn féin
Níl seans in Éirinn aici dul chun cinn ar bith ’dhéanamh.
Seans ar bith in Éirinn.
Seans – in Éirinn.
Ní léi an t-iomlán.

“’Mháithrín, cá bhfuil na haingil? Is scanrúil gach athrú.”

Go tobann de chré iad mo dhá chos
Gach aon ní sló-mó
Cad is brí leis na deora
An bhfuil mé gafa i nGaffa?
Nuair a bheidh mé ullamh duit beidh
Nuair a bheidh mé ullamh duit beidh
Agam an t-iomlán.

Ar an lá seo 12 Meán Fómhair

Ar an lá seo 12 Meán Fómhair, 2003, cailleadh Johnny Cash.

An chéad uair

An chéad uair domsa do ghnúis ’fheiceáil,
id shúilese a scal an ghrian
Is do bhronn tú gealach agus bhronn tú réalt’
ar spéartha dú’ dorcha síoraí
A mhian

Is an chéad uair dúinne bheith beol le beol
Im lámha bhí an domhan gan suan
Mar chroí ag preabadh, croí éin i gcás
Agus é ar ordú uaim

Is an chéad uair domsa im luí led thaobh
Nach cóngarach dom a bhí do chroí
Is bheadh ár lúcháir ar fud an domhain
Anois agus go síoraí
A mhian
An chéad uair domsa do ghnúis ’fheiceáil.

Folsom Prison Blues

Tá an traein ag teannadh linne
Ón gcúinne chugainn go mear
Ní fhaca mé ga gréine
Le …ní tamall gearr
Táim sáite in Folsom Prison
Is stop an t-am, ochón,
Is tá an traein ag gluaiseacht léi
Síos go San Antone.

Nuair bhíos-sa i mo bháibín,
Ar Mama liom “A mhac
Bí i do bhuachaill múinte
Gan gunna i do ghlac.”
Ach do lámhachas fear in Reno
Chun breathnú ar a bhás
Nuair a chloisimse an fheadaíl
Tosnaím ag gol go fras.

Bí cinnte go bhfuil boic ag ithe
Ina gcarr galánta dóibh
Nó ag slogadh siar an chaife
Ag caitheamh na dtodóg
Ach nach raibh sé tuillte agam!
Ní bheidh mé saor go deo
Is na daoine ag síorghluaiseacht
Iad 'na ndealg sa bheo.

Bhuel, dá saorfaí mé ón bpríosún seo
Dá mba liom an t-iarnród
Bí cinnte go mbogfainn as an áit seo
Ó, gan aon agó
I bhfad ó Folsom Prison
Is ann a gheobhainnse scíth
Agus ligfinnse don fheadaíl
An brón a ghlanadh díom.

2014-09-11

Kate Bush: An Fear is an Páiste ’na Shúil’

The Man With The Child In His Eyes"

An Fear is an Páiste ’na Shúil’

(“Ann dó! Ann dó!
Ann dó! Ann dó!”)

Cloisim é, sula dtéimse chun suain
Mé ’ díriú ar an lá a bhí.
Is eol dom é bheith ann
Ar mhúchadh an tsolais, ar iompú dhom.

Cé hé an fear ní heol do chách Dar leo ar fhíor na spéire ’tá sé.
Go tobann tugaim cluas do neach
Ag éisteacht le fear nár casadh riamh orm.

Labhair sé liom faoi fharraigí
Is a ghrá atá buan síoraí.
Ó, ’s ann dó arís An fear is an páiste ’na shúil’.
Ó, ’s ann dó arís An fear is an páiste ’na shúil’.

Is tuisceanach an neach é
Is is eol dó gach a mbaineann le mo chruachás.
Má fhanaim i mo shuí
Beidh sé ag feitheamh liom mar fhear na fionraí
Ó is mé ’tá buartha faoi mo ghrá
Ar siad, ‘Ní hea, ní mhairfidh sé go brách.”
Is seo arís mé, a chailín
Is cad sa diabhal atá ar siúl agam.
B’fhéidir nach bhfuil grá aige dom
Ar imram grá a bhíos-sa ar a shon.
Ó, ’s ann dó arís An fear is an páiste ’na shúil’.
Ó, ’s ann dó arís An fear is an páiste ’na shúil’.

Ar an lá seo 11 Meán Fómhair

Ar an lá seo 11 Meán Fómhair, 1895, rugadh Vinoba Bhave.
Is fada a bheidh cuimhne agam ar an gcuairt a thugas ar Ashram Vinoba lasmuigh de Wardha [sa ghrianghraf]. Duine ab ea Vinoba a chreid go bhféadfaí fáil réidh leis an bPolaitíocht agus ina háit acmhainní uile an domhain a bheith á roinnt ag daoine ar nós aeir. Smaoinigh air!

“Nach ait an obair é! Dhein Dia croí na ndaoine bochta saibhir agus croí na ndaoine saibhre bocht.”

“Ná samhlaigh go deo go bhfuil cumhacht rialtais in ann smaointeoireacht réabhlóideach a chraobhscaoileadh.”

“Is spioradálta í foinse gach réabhlóide. Níl de chuspóir ag mo chuid gníomhartha go léir ach croíthe a aontú.”

2014-09-10

Kate Bush: Analú

ANÁLÚ

Taobh amuigh istigh
Ó, trína cneas
Bhíos-sa cheana ’muigh
Ach bheith istigh tá sé go deas

Thuas sa spéir aréir
Ó, solas breá glé
Cuireann mo radar baol chugam
Ach deir m’instinn liom, Lean leis an

Anáil
(Am-ach, is-teach, am-ach)
Tarraingím mo mháthair isteach
(Am-ach, ist-each, am-ach)
Tarraingím mo shearc isteach
(Am-ach, is-teach, am-ach)
Tarraingím nicitín isteach
(Am-ach, is-teach, am-ach)
An titim san anáil
(am-ach,is-teach, am-ach)
Am-ach, is-teach, am-ach is-teach, am-ach
(Am-ach,is-teach, am-ach

Chailleamar deis
Tús is deireadh an áil
Tar éis an áir, píosaí plútóiniam
Ag lonrú i ngach scamhóg
Mo ghreidhin go deo mo shearc, ó
Gach áit, fud na bhfud,
Ach deineadh cac den scéal
Bhí fhios againn é, níl sa saol ach

Anáil
(Am-ach, is-teach, am-ach)
Tarraingím mo mháthair isteach
(Am-ach, is-teach, am-ach)
Tarraingím mo shearc isteach
(Am-ach, is-teach, am-ach)
Tarraingím nicitín isteach
(Am-ach, is-teach, am-ach)
An titim san anáil
(am-ach, is-teach, am-ach)
Am-ach, is-teach, am-ach is-teach, am-ach
Am-ach, is-teach, am-ach, am-ach
Am-ach, am-ach

Go deimhin is féidir an difríocht atá idir
maidhm bheag núicléach mar shampla agus ceann an-mhór
a chruthú le modh an-simplí ar fad is é sin ná
go mbíonn scal ón mbuama núicléach atá i bhfad

níos gile ná solas ar bith eile ar domhan is
níos gile ná an ghrian agus is é faid na scaile sin
a ligeann dúinn méid an airm a thomhas agus is í an cheist anois ná
Cad a dhéanfaimid ’na éagmais?)

Tar éis na scaile feictear caor thine ’g éirí
is súitear suas an smionagar, dusta is nithe beo
thart ar limistéir na pléisce móire
ar a bealach suas, aithnítear í gan aon rómhoill
sea ambaist an néal muisiriúnach

Chun faid na scaile sin a thriail
Tugaimis faoi líon na soicindí
Sin a chomhaireamh nuair a scaoileann buama an-bheag scal uaidh
is ceann níos toirtiúla ansin, meánmhéide
is i ndeireadh na dála buama láidir thar na bearta

Cad a dhéanfaimid ’na éagmais?)
(Led thoil)
Cad a dhéanfaimid ’na éagmais?)
(Cá bhfuil m’anáil)

Cad a dhéanfaimid ’na éagmais?)
(Ó, tarraing an anáil)
Caillfear sinn go léir ’na éagmais
(Ó fág beagán aeir id dhiaidh)

Cad a dhéanfaimid ’na éagmais?)
(Ó fág beagán aeir id dhiaidh)
Caillfear sinn go léir ’na éagmais
A Dhia, fág beagán aeir id dhiaidh
Cad a dhéanfaimid ’na éagmais?
(Ó, an saol)

Ar an lá seo 10 Meán Fómhair

Ar an lá seo 10 Meán Fómhair, 1912, rugadh an Bráthair Antoninus.
Bhuaileas leis ag Scoil Merriman fadó. Is cuimhin liom go raibh sé ag iarraidh barróg a thabhairt do chloigtheach! Bhí an cloigtheach rómhór dó agus bhí cúpla ‘Gaeilgeoir’ i láthair nach raibh spiorad Merriman iontu i gceart agus a shíl nach raibh sé cuibhiúil in aon chor go mbeadh Bráthair Doiminiceach ag iarraidh pléisiúr a bhaint as cloigtheach, nó pléisiúr a thabhairt do chloigtheach nó pé cuimilt, dar leo, a bhí ar siúl eatarthu. B’in an dream céanna a chuir ‘fáilte’ roimh an mBráthair beannaithe an oíche roimhe sin, is dócha, de réir an chuntais seo ón Athair Wall sa leabhar William Everson: The Life of Brother Antoninus le Lee Bartlett: 

“We went with the impression that it would be a guitar-strumming poets’ event, and Antoninus would be a hit. We got to the hotel and there was a group of tweedy-looking middle-aged people there. It looked like a convention of librarians. They were sitting there with Irish coffee in their hands, the most staid, stiff, formal, lifeless scene possible. Antoninus has a great streak of paranoia in those situations, where immediately he’d expect the worse – like a great joke had been played on the Yanks, that we had been set up and the people at the bar were laughing their heads off…”

2014-09-09

Soirée Snowden faoi choimirce an WPM, Gluaiseacht Dhomhanda na Filíochta

Gabriel & a dheartháir Greg

Marc Granier

Seán Mac Mathúna
Ní focal róshásúil é 'sceithire' ar 'whistle blower' im thuairimse. Braithim go bhfuaimníonn sé ábhairín diúltach. Is ionann sceitheadh ar dhuine agus feall a dhéanamh air. An briathar 'sceith', ceann de na bríonna a bhaineann leis ná 'caitheamh amach'!
Is dóigh liomsa gur duine cróga é Snowden. Níl gach dá bhfuil ráite is scríofa aige léite agam ach tá meas agam ar na briathra seo leanas uaidh:
"Every person remembers some moment in their life where they witnessed some injustice, big or small, and looked away, because the consequences of intervening seemed too intimidating. But there’s a limit to the amount of incivility and inequality and inhumanity that each individual can tolerate. I crossed that line. And I’m no longer alone."
Nach bhfuil focal níos fearr ná 'sceithire' againn chun cur síos ar an bhfear seo? Laoch, abraimis?

Kate Bush: Laoi na Laoithe

Laoi na Laoithe


Sé Laoi na Laoithe ná
Laoi gach n-aon, laoi an ghrá,
Is laoi an té
Atá ar chonair léi féin
Éist le scol na mná

Caith uait an cac sin, yé
Níl uaim ach sú na collaíochta
Níl leithscéal uaimse, yé
Scríobh do chuid filíochta i ngníomh
Domsa amháin í, yé
Is abair í le póg

Mmm, éist le líne ar bith
“Cuir brí ’onam le húlla
Orm tá galar an ghrá
Is tá a lámh chlé faoi mo cheann
Is a lámh dheas
Tharam anall”
Mar is é seo Laoi na Laoithe
Bean í seo ag canadh


Caith uait an cac sin, yé
Níl uaim ach sú na collaíochta
Níl leithscéal uaimse, yé
Scríobh do chuid filíochta i ngníomh
Domsa amháin í, yé
Is sínigh í le póg
Is déanfad duitse é
Beidh mise i mo chróch ar mhá dhuit
Déanfad duitse é
Beidh mise i mo Lile an Ghleanna duit
Déanfad duitse é
Bead im Isolde nó Marion duit
Déanfad duitse é
Ó tiocfadsa i mo hairicín duit
Déanfad duitse é
Is aililiú

Caith uait an cac sin, yé
Níl uaim ach sú na collaíochta

"The Song Of Solomon"


The Song of Solomon
The song of everyone
Who walks the path
Of the solitary heart
The soul cries out
Hear a woman singing

Don't want your bullshit, yeah
Just want your sexuality
Don't want excuses, yeah
Write me your poetry in motion
Write it just for me, yeah
And sing it with a kiss

Mmm, just take any line
"Comfort me with apples
For I am sick of love
His left hand is under my head
And his right hand
Doth embrace me"
This is the Song of Solomon
Here's a woman singing

Don't want your bullshit, yeah
Just want your sexuality
Don't want your excuses, yeah
Write me your poetry in motion
Write it just for me, yeah
And sign it with a kiss

And I'll do it for you
I'll be the Rose of Sharon for you
I'll do it for you
I'll be the Lily of the Valley for you
I'll do it for you
I'll be Isolde or Marion for you
I'll do it for you
Ooh I'll come in a hurricane for you
I'll do it for you
A wop bam boom

Don't want your bullshit, yeah
Just want your sexuality

Ar an lá seo 9 Meán Fómhair

Ar an lá seo 9 Meán Fómhair 1828, rugadh Leo Tolstoy.
“An ghairm atá ag gach fear is bean ná friotháil ar dhaoine eile.”

“Sa stair go léir ní raibh aon chogadh ann nach iad na rialtais agus na rialtas amháin a chothaigh é, neamhspleách ar leas na ndaoine a ndéanann cogadh dochar dóibh i gcónaí fiú nuair a éiríonn leis.”

“Tá an ceart ag na hAinrialaithe faoi gach rud.”

“Is dóigh le daoine de ghnáth gurb é an rud is dul chun cinn ann ná breis eolais, feabhas a chur ar an saol, ach ní mar sin atá. Níl i ndul chun cinn ach soiléiriú breise ar na freagraí atá ar cheisteanna bunúsacha na beatha. Bíonn teacht i gcónaí ar an bhfírinne ag an duine. Chaithfeadh a bheith mar is splanc dhiaga atá in anam an duine, an fhírinne féin.”

“Chuir na Caecair leabhair chugam ónar fhoghlaimíos go raibh cruthaithe acu gan amhras ar bith, na blianta ó shin, an dualgas atá ar Chríostaí an aithne sin a choimeád gan cur in aghaidh an oilc le fórsa agus nochtadar an earráid sin i dteagasc na hEaglaise a cheadaíonn cogadh agus pionós báis.”
“Is mór an peaca i súile Dé é an saibhreas. Is mór an peaca i súile an duine í an bhochtaineacht.”

“Memento mori— smaoinigh ar an mbás. Dá gcoinneofaí cuimhne air sin, nach bhfuil luibh ná leigheas in aghaidh an bháis, bheadh saol eile ar fad againn. Má tá a fhios ag duine go bhfuil sé chun bás a fháil i gceann leathuair an chloig, níl sé chun rudaí suaracha áiféiseacha nó drochghníomhartha ach go háirithe a dhéanamh i gcaitheamh an ama sin. B’fhéidir go bhfuil leathchéad bliain fágtha agatsa sula bhfaighidh tú bás – conas go mbeadh aon difear idir sin agus leathuair an chloig?”

2014-09-08

Kate Bush: Brionglóid Airm

Brionglóid Airm
Saighdiúir thar lear
Brionglóid Airm
Laoch do mháthar
Saighdiúir thar lear
Laoch do mháthar

Ár mbuachaillín san arm
Ag teacht abhaile ó bheith thar lear
Tá bláthanna corcra
Mar mhaisiú ort, a laoch do mháthar.

Caoineadh ar fud an aeradróim
An aimsir meirbh is eisean righin
Ceathrar fear faoi éide
A iompróidh chugainn an t-iar-shaighdiúirín.

Cén leigheas bhí air? Saol ceoil in áit an áir?
Ach níor tháinig sé ar airgead an ghiotáir
Cén leigheas ’bhí air? Cén fáth nach polaiteoir ’bhí ann?
Ach ar oiliúint an fhir ghaimbín bhí sé an-ghann
Cén leigheas ’bhí air? ’Cheart dó bheith ’na athair
Ach ní fhaca sé an fiche bliain slán.

Cur amú
Brionglóid Airm
Ó, cur amú ceart
Brionglóid Airm

Is deora amú
Ó, Íosa Críost, níorbh eol dó siúd
Mar chearc le maidrín rua
Nach mbuafadh sé an cogadh arú.

Tugtar dó gach aon onóir
Is tabhair na boinn dó is an ribín
Tá sé ina luí sa chré
Tabhair na cuacha dó is na cnaipí

Cén leigheas ’bhí air? Saol ceoil in áit an áir?
Ach níor tháinig sé ar airgead an ghiotáir
Cén leigheas ’bhí air? Cén fáth nach polaiteoir ’bhí ann?
Ach ar oiliúint an fhir ghaimbín bhí sé an-ghann
Cén leigheas ’bhí air? ’Cheart dó bheith ’na athair
Ach ní fhaca sé an fiche bliain slán.

Cur amú
Brionglóid Airm
Ó, cur amú ceart
Brionglóid Airm

Ó, an cur amú go léir
Brionglóid Airm
Brionglóid Airm
Brionglóid Airm, ó
Did n, did n, did n, dum (Saighdiúir thar lear)
Did n, did n, did n, dum
(Laoch do mháthar)

Did n, did n, did n, dum (Saighdiúir thar lear)
(Brionglóid Airm)
Did n, did n, did n, dum
(Laoch do mháthar)
Saighdiúir thar lear
Laoch na laochra
(Laoch do mháthar)
Brionglóid Airm
(Laoch do mháthar)

Ar an lá seo 8 Meán Fómhair,

Ar an lá seo 8 Meán Fómhair, 1969, cailleadh Alexandra David-Néel.
Leabhar léi anseo

2014-09-07

Kate Bush: Néalionsaí

NÉALIONSAÍ

Kate Bush


’Taibhreamh fós ar Orgónón
Dúisím ag caoineadh
Cruthú báistí
Is tá tú taobh liom
Éalaíonn tú uaim is suan leat

Ar nós mo yó-yó
’Lonrú san oíche
An rud ar leith faoi
É ’na dhainséar
Is adhlacaim é
I ndearúd

Ach nuair a thiteann braon
Seo thú i mo cheann
Mar bheadh grian ’teacht amach
Ó, is is eol dom go bhfuil dea-rud ar tí tarlú
N’fheadarsa cathain
Ach dá ndéarfainn é go bhféadfadh sé tarlú

Ar mhullach an domhain
Ag breathnú thar an bhfaobhar
Chonaic tú ag teacht iad
D’fhéachais róbheag
Ina gcarr mór dubh
Le bheith id bhaol do na daoine i gcumhacht.

Chuireas mo yó-yó
’Muigh sa ghairdín
Ní féidir tú
A cheilt ón rialtas
Ó, ’Dhia, ’dhaidí,
Cuimhneoidh mé

Mar nuair a thiteann braon
Seo thú i mo cheann
Mar bheadh grian ’teacht amach
Ó, is is eol dom go bhfuil dea-rud ar tí tarlú
N’fheadarsa cathain
Ach dá ndéarfainn é go bhféadfadh sé tarlú
Tá an ghrian gheal chugainn
Tá do mhaicín chugainn

Ar an lá seo 7 Meán Fómhair

Ar an lá seo, 7 Meán Fómhair, 1936, rugadh Buddy Holly.

PEIGÍ SUE

Och arú, Peigí Sue
Tá mé uaigneach gan tú
Gan mo Pheigí, mo Pheigí Sue
A dhe, mo ghrá thú, ’stóirín, mo ghrá thú, Peigí Sue.

Peigí Sue, Peigí Sue
Ionatsa atá mo dhúil
Ó Peigí, mo Pheigí Sue
A dhe, mo ghrá thú, ’stóirín, mo ghrá thú, Peigí Sue.

Peigí Sue, Peigí Sue
Peigí, Peigí, Peigí, Peigí lán de shú!
Ó Peigí, mo Pheigí Sue
A dhe, mo ghrá thú, ’stóirín, mo ghrá thú, tá tú uaim.

Mo ghrá thú, Peigí Sue,
Táim i ngrá leat, ababú
A Pheigí, mo Pheigí Sue
A dhe, mo ghrá thú, ’stóirín, mo ghrá go daingean thú!

Peigí Sue, Peigí Sue
Peigí, Peigí, Peigí, Peigí lán de shú!
Ó Peigí, mo Pheigí Sue
A dhe, mo ghrá thú, ’stóirín, mo ghrá thú, tá tú uaim.

Mo ghrá thú, Peigí Sue,
Táim i ngrá leat, ababú
A Pheigí, mo Pheigí Sue
A dhe, mo ghrá thú, ’stóirín, mo ghrá go daingean thú
Ó dhe mo ghrá thú, stóirín, is mo ghrá go daingean thú!

2014-09-06

CONAIRT AN GHRÁ

CONAIRT AN GHRÁ

Hounds of Love

Kate Bush


“Sna crainn atá!
Seo chugainn é!”

I mo pháiste dom
Ag rith san oíche,
An saol bhí lán d’imní

Sa dubh i bhfolach
Ar shráid i bhfolach
Ó pé rud bhí ’teacht im dhiaidh

Tá conairt ghrá ag seilg
Is mé im mheatachán
Cad é mo leas? Táim gann ar bhrí
Féach, seo mé!

Is trí na crainn is é ’teacht faoim dhéin,
Fóir orm, fóir!
Tarrtháil mé!
Bain mo bhróga
Is caith iad insan loch
Is beidh mé
Dhá chéim ar an uisce.


Sionnach beag óg
Gafa 'g gadhair.
Lig sé dom é a chur im lámh’.

An croí beag fann
Is tapaidh ann
Is náire ormsa teitheadh ón áit

An áit ina bréag –
Nílim in ann chuige
Is eagla orm a bheith ann

An chonairt ghrá gach áit,
Braithim do ghéaga im thimpeall.
Bhíos riamh im mheatachán,
Cad é mo leas táim gann ar bhrí

Ó féach, seo mé!
Ó tarrtháil mé!
Ceangail mé!
Seo chugam faoim dhéin é trí na crainn.
Fóir, a stóirín,
Fóir, a chroí!

Bain mo bhróga
Is caith iad insan loch
Is beidh mé
Dhá chéim ar an uisce.


Cad é mo leas, gann ar bhrí
Cad é mo leas, gann ar bhrí,
Do ghrá ’tá uaim, grá, grá, grá, grá, yé,
Do ghrá!

Bain do bhróga
Is caith iad insan loch!


An bhfuil fhios agat cad tá uaim
An bhfuil fhios agat cad tá uaim?
Tá grá uaim, grá, grá, grá, grá, yé!