Ar an lá seo 12 Meán Fómhair, 2003, cailleadh Johnny Cash. | |
An chéad uairAn chéad uair domsa do ghnúis ’fheiceáil,id shúilese a scal an ghrian Is do bhronn tú gealach agus bhronn tú réalt’ ar spéartha dú’ dorcha síoraí A mhian Is an chéad uair dúinne bheith beol le beol Im lámha bhí an domhan gan suan Mar chroí ag preabadh, croí éin i gcás Agus é ar ordú uaim Is an chéad uair domsa im luí led thaobh Nach cóngarach dom a bhí do chroí Is bheadh ár lúcháir ar fud an domhain Anois agus go síoraí A mhian An chéad uair domsa do ghnúis ’fheiceáil. |
|
Folsom Prison BluesTá an traein ag teannadh linneÓn gcúinne chugainn go mear Ní fhaca mé ga gréine Le …ní tamall gearr Táim sáite in Folsom Prison Is stop an t-am, ochón, Is tá an traein ag gluaiseacht léi Síos go San Antone. Nuair bhíos-sa i mo bháibín, Ar Mama liom “A mhac Bí i do bhuachaill múinte Gan gunna i do ghlac.” Ach do lámhachas fear in Reno Chun breathnú ar a bhás Nuair a chloisimse an fheadaíl Tosnaím ag gol go fras. Bí cinnte go bhfuil boic ag ithe Ina gcarr galánta dóibh Nó ag slogadh siar an chaife Ag caitheamh na dtodóg Ach nach raibh sé tuillte agam! Ní bheidh mé saor go deo Is na daoine ag síorghluaiseacht Iad 'na ndealg sa bheo. Bhuel, dá saorfaí mé ón bpríosún seo Dá mba liom an t-iarnród Bí cinnte go mbogfainn as an áit seo Ó, gan aon agó I bhfad ó Folsom Prison Is ann a gheobhainnse scíth Agus ligfinnse don fheadaíl An brón a ghlanadh díom. |