“Rud coitianta go maith is ea é ardfheidhmeannaigh i Washington agus áiteanna eile agus iad ag caint ar mhapa an Mheán Oirthir a athrú faoi mar d’fhéadfá pobail ársa ilghnéitheacha a chroitheadh mar phiseanna talún i bpróca.”
“Smaoinigh gur sa bhliain 1800 d’éiligh cumhachtaí an Iarthair 55 faoin gcéad de dhromchla an domhain agus bhí thart ar 35 faoin gcéad de ina seilbh acu; faoin mbliain 1874 is 67 faoin gcéad an coibhneas a bhí ann, ráta méadaithe de 83,000 míle cearnach in aghaidh na bliana. Faoi 1914, bhí an ráta bliantúil imithe suas, iontach le rá é, go dtí 240,000 míle cearnach in aghaidh na bliana agus ba leis an Eoraip thart ar 85 faoin gcéad den domhan, mar choilíneacht nó mar chosantóireacht, mar spleáchchríoch, mar thiarnas nó mar chomhlathas.”
“Tá ráite ina dioscúrsa oifigiúil ag gach aon impireacht a bhí riamh ann go mbaineann cúinsí speisialta léi, gurb é an misean atá aici ná daoine a chur ar an eolas, iad a thabhairt chun sibhialtachta, ord agus daonlathas a chur i réim, agus nach mbaineann sí leas as fórsa ach mar bheart in am na héigne. Agus, níos brónaí fós mar scéal, beidh cór d’intleachtaigh ann i gcónaí agus iad sásta focail shéimhe a rá mar gheall ar impireachtaí atá lách altrúíoch, faoi mar nach ceart muinín a chur i bhfianaise do dhá shúl féin agus tú ag breathnú ar an léirscrios, ar an ainnise agus ar an mbás a thugann an mission civilizatrice is déanaí leis.”
“Níl stair ar bith ag cultúr ar bith go dtí go bpléascann sé in aghaidh na Stát Aontaithe.”
“An fhíric lárnach domsa, measaim, ná nach féidir ról an intleachtaigh a imirt mura mbraithfeá gur duine thú a ardaíonn ceisteanna cigilteacha go poiblí, a théann i ngleic leis an gceartchreidmheacht agus le dogma (seachas iad a tháirgeadh), a bheith mar dhuine nach ligeann do rialtais ná do chorparáidí é a chomhthoghadh agus arb é a raison d'être ná seasamh do na daoine sin is do na ceisteanna sin a ligtear i ndearmad de ghnáth nó a scuabtar faoin ruga.”
|