2014-09-03

Bigil ar Son na Síochána ar an Aoine: Diúltú Do NATO

Comhghuaillíocht na Gaillimhe in Aghaidh Cogaidh

Preaseisiúint

Bigil ar Son na Síochána ar an Aoine: Diúltú Do NATO


Beidh a chruinniú mullaigh bliantúil ag NATO in Newport/ Casnewydd na Breataine Bige ar an Aoine bheag seo. Bíodh is nach ball í Éire de NATO beidh ionadaithe aici ann. Mar agóid in aghaidh ionadaíocht na hÉireann ag an ócáid sin beidh bigil chiúin ag Comhghuaillíocht na Gaillimhe in aghaidh Cogaidh ar Shráid na Siopaí, Gaillimh, idir 1-2 p.m ar an Aoine.

Thug urlabhraí ar son na Comhghuaillíochta, Niall Farrell, an ráiteas seo uaidh:
"Gríosóir cogaidh an domhain é NATO. Ceannaireacht NATO atá laistiar de shíorchogaíocht an 21ú hAois: ón gcoimhlint reatha san Úcráin go dtí an cogadh leanúnach san Afganastáin. NATO atá laistiar de na coimhlintí sin. Agus le cúig bliana déag anuas tá ionadaíocht ag Éirinn i gceanncheathrú NATO tríd an mbrainse ionsaitheach sin de ar a dtugtar Comhpháirtíocht na Síochána. Le tamall de bhlianta anuas tá Éire tar éis a cuid trúpaí a chur thar sáile go fonnmhar faoi cheannasaíocht NATO le bheith mar chuid den fhorghabháil is den chogadh san Afganastáin. Beimid i mbun bigile ar an Aoine chun a mheabhrú do mhuintir na hÉireann nach cóir dúinn baint a bheith againn le gríosú cogaidh NATO."




Tuilleadh eolais: Niall Farrell 087-9159787