2023-03-26

An Scáth

 

Ivar Arosenius

 
 
 
 
Bhí sé ann arís tráthnóna inné
An scáth a théann ar fán,
Tháinig sé arís tráthnóna inniu
Agus shiúil sé isteach im' dhán!

 
 
 
 
 
Amach amach! a deirimse
Amach leat as mo dhán!
Ó, tá go maith, a deir an scáth
Imeoidh mé mar sin - slán!


2023-03-25

An chruit

 an chruit! Cruit a sheinn 
os ard i hallaí Teamhrach
go binn, go hársa
samhlaigh an fhuaim sin, a chroí
ag dul go smior ionatsa




the harp! Harp that once 
through Taras halls rang loudly
sweetly, anciently
can you imagine that sound
pirecing your heart, Beloved?

2023-03-24

stractha

 


stractha atáimse 

ag an gcathair seo - scoilte 

ag tua Lochlannach

santaím thú, a chroí istigh

do chumhrachtsa mar ghiúis ard


2023-03-23

ΓΝΩΘΙ ΣΑΥΤΟΝ

 know the Self . . .

look deep 

within.

 


cuir eolas 

ar an bhFéin . . .

tum ionat féin

 


2023-03-22

druideanna

 ár n-ardú féin

asainn féin . . .

druideanna



lifting ourselves

out of ourselves . . .

starlings

2023-03-21

Scáil

 tread softly . . .

shadows, too,

feel pain



siúil go réidh . . .

an scáil féin

mothaíonn pian

2023-03-20

Fianna

 deer . . .

a heartbeat 

the only sound



fianna . . .

gan de ghlór ann

ach buille croí

2023-03-19

Aingeal na Síochána

 

Walter Crane
 

Féach in airde
Nach bhfuil sí go hálainn!
Os cionn ár ndomhain chráite
Aingeal na Síochána
Is í líonta le háthas . . .
Fáilte!

2023-03-18

Cláirseoir

 

August Malmström
 
 
Bhí cláirseoir ann fadó fadó
Agus sheinn sé Mí
Mí Ré Dó
Sheinn sé Dó
Dó Ré Mí
Agus sheinn sé Ré
Ré Mí Dó

Bhí cláirseoir ann fadó fadó
Agus sheinn sé Lá
Lá Só Fá
Sheinn sé Fá
Fá Só Lá
Agus sheinn sé Só
Só Fá Lá

Sheinn sé Dó Ré Mí Fá
Dó Ré Mí Fá
Dó Ré Mí Fá
Dó Ré Mí Fá Só Lá Tí Dó

Sheinn sé Dó Tí Lá Só
Dó Tí Lá Só
Dó Tí Lá Só
Dó Tí Lá Só Fá Mí Ré Dó

2023-03-17

An Troll

 

Theodor Severin Kittelsen

Rugadh mé fadó:
Táim céad is a dó
Nó níos mó.

Céad is a ceathair?
Táim chomh righin leis an dá bhróg leathair
A bhí ag m'athair!

Ní hea! Táim céad is a sé
Sin é!
Huré!


Tá sé sin óg! An-óg!
Seo dhuit póg!

2023-03-16

Cá dTéann na Boilgeoga?

 

 

 

Paul Peel

 

Bhí buachaill ar thaitin leis
Boilgeoga a shéideadh
Boilgeoga aonair
Nó boilgeoga le chéile

Shéid sé agus shéid sé
Agus is beag nár phléasc sé!

An buachaill ar thaitin leis
Boilgeoga a shéideadh
Bhí ceist an-mhaith aige
Is ní raibh an freagra ag éinne

Shéid sé agus shéid sé
Agus is beag nár phléasc sé!

An cheist a bhí aige:
Cá dtéann siad in aon chor
Na boilgeoga a phléascann  . . .
Chun na bhflaitheas? . . . B'fhéidir

Shéid sé agus shéid sé
Agus is beag nár phléasc sé!

2023-03-15

Shalimar

Abanindranath Tagore
 

Ba bhreá liom dul go Shalimar
Faoi bhun na sléibhte bána
Ba mhaith liom bheith in Shalimar
Tá gach ní ann go hálainn

Ba bhreá liom dul go Shalimar
Faoi bhun na sléibhte bána
Ba mhaith liom bheith in Shalimar
Níl aon ní ann atá gránna

Ba bhreá liom dul go Shalimar
Faoi bhun na sléibhte bána
Ba mhaith liom bheith in Shalimar
Is ar na réaltaí stánfainn

Ba bhreá liom dul go Shalimar
Faoi bhun na sléibhte bána
Ba mhaith liom bheith in Shalimar
Uair an chloig roimh láchan!



2023-03-14

Sos

Elijah Walton

Tóg sos
lig do scíth
Faoi dhó sa lá
nó más maith leat faoi thrí!

Tóg sos
lig do scíth
Tosaigh arís
Agus beidh tú lán de bhrí!

Tóg sos
lig do scíth
Má tá tuirse ort
nó imní . . .

Tóg sos
lig do scíth
Abair: "Fí faigh fó
Fíge fíge fí!"



2023-03-13

Síofra

 

 
 
Ba bhreá liom a bheith i mo shíofra
Is mé ag obair do Shan Nioclás,
Ag obair ó mhaidin go hoíche
Is an cairdeas eadrainn ag fás!

Nárbh aoibhinn a bheith i do shíofra
Is tú ag obair do Dhaidí na Nollag
Ní thabharfadh sé amach duit choíche
Mar is duine gan pheaca é gan cholg.

 

2023-03-12

Julian Assange

 

Níor eisíodh íomhá nua de Julian Assange  ó Lá Bealtaine, 2019.


Julian Assange

Bhís gach áit, tráth
Nach mór id' dhia, uileláithreach, gach áit
Cá bhfuilir anois?
Níl fáil ar íomhánna úra díot
Ag iompú id' dhia ataoi
Dofheicthe, thar m'eolas

Julian Assange

You were everywhere once
Something of a god, omnipresent, ubiquitous
Where are you now?
There are no recent images
You are becoming a god
Invisible, unknowable

Gabriel Rosenstock



2023-03-02

Uaigneas na Seanbhréagán

 

August Macke

Nach uaigneach iad
na seanbhréagáin nach mbacann éinne leo
Ní bheidh spórt acu arís go deo.
     Nach uaigneach!

Nach uaigneach iad
Na seanbhréagáin. Cad is aois dóibh?
Tá siad ann ón am fadó.
     Nach uaigneach.

Nach uaigneach iad
Na seanbhréagáin. Ní fheictear iad níos mó
Is geall le taibhsí iad! Ochón.
     Nach uaigneach.

2023-03-01

Kabir

 VII

Sâdho, Brahm alakh lakhâyâ




When He Himself reveals Himself, Brahma
brings into manifestation That which can never be
seen.
As the seed is in the plant, as the shade is in
the tree, as the void is in the sky, as infinite forms
are in the void—so from beyond the Infinite, the
Infinite comes; and from the
Infinite the finite
extends.
The creature is in Brahma, and Brahma is
in the creature: they
are ever distinct, yet ever
united. He Himself is the tree, the seed, and the
germ.
He Himself is the flower, the fruit, and the
shade.
He Himself is the sun, the light, and the
lighted.
He Himself is Brahma, creature, and
Maya.
He Himself is the manifold form, the infinite
space;
He is the breath, the word, and the
meaning.
He Himself is the limit and the limitless:
and beyond both the
limited and the limitless is
He, the Pure Being.
He is the Immanent Mind in
Brahma and in the creature. The Supreme Soul is
seen within the soul,
the Point is seen within the
Supreme Soul, and within the Point, the reflection
is seen again.
Kabîr is blest because he has this
supreme vision!



Nuair a nochtann Sé É féin,
Léiríonn Bráma a dhofheictheacht.
Faoi mar atá an síol sa phlanda,
An scáil sa chrann,
An folús sa spéir,
Foirmeacha gan áireamh san fholús –
Mar sin is ó lastall den Infinideach
A thagann an tInfinideach.
Tá an neach i mBráma,
Agus Bráma sa neach:
Táid idirdhealaithe óna chéile
Ach fós féin táid aontaithe lena chéile go deo.
Is É féin an crann,
An síol,
Is an ginidín.
É féin an bláth,
An toradh,
Agus an scáil.
É féin an ghrian,
An solas,
Agus an ní atá soilsithe.
É féin Bráma,
An neach,
Is an Seachmall.
Is É an tIlchruthach É,
An spás gan teorainn;
Is É an anáil É,
An briathar,
Agus an bhrí.
Is É an teorainn É
agus is gan teorainn atá Sé,
An Ard-Bheith Íon.
Is É an Aigne Imeanach i mBráma É
Agus sa neach.
Feictear an tArd-Anam
Laistigh den anam,
Feictear an Pointe
Laistigh den Ard-Anam,
Agus laistigh den Phointe,
Feictear an scáil arís.
Nach méanar do Kabîr
Ar tugadh an ardfhís sin dó!

 

Ealaín le Masood Hussain (An Chaismír)
Téacs le Kabir Das (1398-1518)
Leagan Béarla le Rabindranath Tagore (1861 -1941)