2015-08-31

My Lagan Love/ Laoi an Lagáin



An Lagán binn i mbun suantraí
Is lile bhán faoi bhláth
An tráthnóinín ina súil go caoin
An oíche ina folt go lá
Is mé ar nós an leannáin sí
Mo chroíse i ngeimhle atá
Im’ dhaor a bheidh mé go síoraí
Im’ dhaor ag tiarna an ghrá.

Tá báirse ag seol’ 'dir Leam Beg ‘s an Droim
Is a daidí féin á stiúr’
Is sí atá i bhfeighil an tí
Á sciomradh is á sciúr’.
Nuair bhí sí féin ina gearrchailín
A máithrín dílis d’éag
Ach tá a cuimhne fós go binn
Ar bhruacha an Lagáin shéimh

Is nuair a ghlaonn an ciaróigín
Am suain á mheabhrú dúinn
Seo mé go dtí a teachín
Ó sí mó stór ’s mo rún.
Is bíonn an criogar ag crónán
Is an tine á fadú faoi rún
Is cloisim í i mbun amhráin
An t-aer 'tá lán de dhúil.
 
Céad fáilte romhat, a deir an ríon
Ó bí istigh, a ghrá!
Is tá a póg mar bhainne cí’ -
An mhaighdean shéimh gan cháim!

Is nuair is gá dom éalú
Ón ngile atá mar réalt
Bíonn leoithne lán dem’ thnúth
San oíche i bhfad is i gcéin.


Téacs Béarla anseo

2015-08-30

Haiku le Issa ón mbliain 1795

canann an frog
canann an coileach -
solas chugainn anoir

.蛙鳴き鶏なき東しらみけり
kawazu naki tori naki higashi shirami keri

[Cumtha ar an mbóthar ar moiche maidine, an sagart Hôzen mar pháirtí taistil aige.]

2015-08-29

bhí taibhreamh agam arís faoin bhfear sin

bhí taibhreamh agam arís faoin bhfear sin

Alberto Pimento


bhí taibhreamh agam arís faoin bhfear sin
a chromann os do chionn
a lámha aige
i do phit
do do chrúbáil ag brú ar aghaidh is in airde
go sroicheann do chroí
á sciobadh lena chuid ingne
á tharraingt le dorú
burlálann i gceirt é
tugann leis é
ní stopann an fhuil
tá tú nach mór marbh aige
ar an dé deiridh
ach ní fhaigheann tú bás

tá an ceart agat
ní fhéadfainnse tú a shásamh
chomh dian is a shásaíonn
fear do chuid brionglóidí thú

tornei a sonhar com o homem


tornei a sonhar com o homem
que se debruça sobre ti
mete as mãos
na tua vagina
tacteia empurra segue sobe
chega ao teu coração
arranca-o com as unhas
trá-lo para fora com um fio de pesca
embrulha-o num pano
afasta-se com ele
o sangue não pára
tu ficas a ponto de morrer
com muito estertor
mas não morres

tens razão
eu não conseguiria
satisfazer-te tão intensamente
como o homem dos teus sonhos

2015-08-28

Sa ghrá tá..../Há no amor . .

Sa ghrá tá  . . .

(Do Paulo agus Lídia)

Sa ghrá tá fórsa marfach éigin
A chuireann leannáin in aghaidh a chéile,
Ní gá ach é a scaoileadh saor;
Sa ghrá tá fórsa beoga éigin
A thugann leannáin le chéile,
Ní gá ach é a chur i ngéibheann;
Sa ghrá tá fórsa neamhdhaonna éigin
A choinneoidh leannáin slán
Chun nach gcloífí iad ag teorainneacha a chéile,
Níl le déanamh ach é a chur san áit nach bhfuil teacht ag an ngrá orthu níos mó.

 

 Há no amor . .

( Para Paulo e Lídia )

   
Há no amor uma qualquer força mortífera
Que põe os amantes um contra o outro,
Bastará que a libertem;
Há no amor uma qualquer força vital
Que põe os amantes a favor um do outro,
Bastará que a mantenham em cativeiro;
Há no amor uma qualquer força inumana
Que há-de preservar os amantes
De sucumbirem nas margens um do outro,
Bastará que a coloquem já onde o amor os não alcança.

Fernando Eduardo Carita (1961 - )


2015-08-27

Evangelos Ioannidis (1868-1942)

Íomhá Evangelos Ioannidis (1868-1942)
séadchomhartha ársa -
bréan de féin
bréan ar fad ar fad
ancient monument -
sick of itself
totally and utterly sick
古代記念碑
そのものの病
総じて全くの病

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
auncient moniment -
seik o'ts sel
the hail jing-bang seik

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2015-08-26

Periklis Tsirigotis (1860-1924)

Íomhá Periklis Tsirigotis (1860-1924)
oíche sa ghaineamhlach . . .
tá rúin ann is is camaill amháin
a thuigeann iad
night in the desert . . .
there are secrets known only
to camels
砂漠の夜
駱駝のみ知る
秘密あり

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
nicht i the desert...
thayr'r saicrets
anely caumels ken

Leagan Béarla na hAlbain: John McDonald

2015-08-25

Thomas Thomopoulos

Íomhá Thomas Thomopoulos
tá ina oíche -
fuaim bhriosc
an uathdhó
night has fallen -
the crackling sound
of spontaneous combustion
夜も更けぬ―
自然発火や
パチパチと

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
nicht's faw'n -
crunklin soonds
o furthie lowes

Leagan Béarla na hAlbain: John McDonald

2015-08-24

Issa: Táimid ag dul in aois

an préachán féin
tá garrán aige
chun dul in aois ann

.烏さへ年とる森は持にけり
karasu sae toshitoru mori wa mochi ni keri

Is ionann iolra agus uatha sa tSeapáinis. An t-iolra [préacháin] atá ag an aistritheoir Fraincise, Jean Cholley  En village de miséreux: Choix de poèmes de Kobayashi Issa (Páras: Gallimard, 1996)

2015-08-23

an chéad bhrádán san fhómhar

Autumn's first drizzle

Ryokan (1758 - 1831)


Autumn's first drizzle:
How delightful,
The nameless mountain.

English version by John Stevens


an chéad bhrádán san fhómhar
nach aoibhinn –
sliabh gan ainm

2015-08-22

Scairdeán mise, tusa an t-uisce

I am a fountain, You are my water

le Zeynep Hatun

(15ú hAois)


I am a fountain, You are my water.
I flow from You to You.

I am an eye, You are my light,
I look from You to You.

You are neither my right nor my left.
You are my foot and my arm as well.

I am a traveler, You are my road.
I go from You to You.

Scairdeán mise, tusa an t-uisce


Scairdeán mise, tusa an t-uisce
Uaitse Chugatsa mo shní.

Súil atá ionamsa, tusa an solas,
Uaitse Chugatsa a fhéachaim.

Ní ar dheis ná ar chlé ataoise.
Is tú mo chos is mo lámh chomh maith.

Taistealaí mise, tusa an ród
Uaitse Chugatsa mo thriall.

Leagan Béarla le Murat Yagan
from Women in Sufism: A Hidden Treasure - Writings and Stories of Mystics Poets, Scholars & Saints, Edited by Camille Adams Helminski

2015-08-21

krähen am abend / préacháin um thráthnóna

krähen am abend

krähen am abend. der apfelgeruch hing süß und schwer
über dem tisch. oder war ich nur müde und wollte verreisen
und rückte nicht alles näher heran? der kleine schirm

an der garderobe, die hausschuhe auf der fensterbank
und wie das holz im ofen mählich krachte. die krähen aber
hielten nicht ruhe und riefen einander durchs dunkel an.

heillose träume, die langsam verblassten: der apfelgeruch
erstickte die nacht; und meine hände bedankten sich
leise bei allem, was einmal tröstung versprach.

préacháin um thráthnóna

préacháin um thráthnóna. ar fud an bhoird cumhracht mhilis úll
ar an aer. nó an é go raibh tuirse orm, fonn éalaithe
agus nach raibh gach aon ní do mo theanntú? an scáth fearthainne beag

ar an raca cótaí. na slipéir ar leac na fuinneoige
agus na lomáin ag pléascadh sa sorn. ach bhí na préacháin
ag glaoch ar a chéile gan traochadh sa dorchadas.

taibhrimh uafásacha, de réir a chéile á ngealadh: an oíche
tachta ag cumhracht na n-úll; agus ghabh mo lámha
buíochas ciúin as an uile ní a gheall sólás tráth.

Nadja Küchenmeister

2015-08-20

le linn duit a bheith i do chodladh / während du schliefst

während du schliefst

als ich an diesem blauen morgen die weiße wäsche endlich
aufgehängt hatte und noch am offenen fenster stand, über
mir die sichel des mondes, unter mir die gedanken der nacht

die mich nicht hatten schlafen lassen und die jetzt friedlich
in den schalensitzen einer beleuchteten straßenbahn saßen
und schwiegen und langsam entschwanden wie tote, die ich

in träumen traf und wieder gehen lassen musste, und ich
die amsel schluchzen hörte, die zart in ihrem lied erwachte
wusste ich, du würdest schlafen. alle sterne waren mir nah.


Nadja Küchenmeister


le linn duit a bheith i do chodladh


tar éis dom an níochán a chrochadh sa deireadh i ngoirme
na maidine agus seasamh tamall ag an bhfuinneog oscailte, corrán
na gealaí os mo chionn in airde, thíos fúm smaointe na hoíche

nár lig dom dul a chodladh agus iad ina suí go séimh
sna suíocháin bhairille, na soilse ar lasadh sa tram
titeann ciúnas orthu agus imíonn leo go mall ar nós na marbh

a mbuailinn leo im’ bhrionglóidí is liginn dóibh bualadh ar aghaidh
is nuair a chuala an lon caointeach is an scol ag dúiseacht ann go téiglí
thuigeas gur id’ chodladh a bhís. na réaltaí go léir i ngaobhar dom.

2015-08-19

Joni Mitchell: Oíche Sa Chathair



OÍCHE SA CHATHAIR

Las suas las suas
Las suas na súile leisciúl’
Ré thuas oích’ thuas
Iontas á chur féin in iúl

Oíche oíche
D’fhágamar slán ag an lá
Soilse oíche
An mbeidh orainn fanacht go brách
Tá ball ina rabhamar
Is ball eile ann

Féachann an chathair istoíche go breá
Féachann an chathair thar barr
Tagann an ceol chugainn ina shruth ar an tsráid
Dathanna ag splancadh in am

Bain díot bain díot
Bain díot na seana shlipéir
Stoith díot croith díot
Lig díot na blues sin go léir

Staighre staighre
Síos ’dtí an slua sa tsráid
Sluaite meidhre
Sluaite ag imeacht thar bráid
Imímid ag gáire, ní ghlacaimid páirt
Féachann an chathair istoíche go breá
Féachann an chathair thar barr
Tagann an ceol chugainn ina shruth ar an tsráid
Dathanna ag splancadh in am

NIGHT IN THE CITY

Light up light up
Light up your lazy blue eyes
Moon's up nights up
Taking the town by surprise

Night time night time
Day left an hour ago
City light time
Must you get ready so slow
There are places to come from
and places to go

Night in the city looks pretty to me
Night in the city looks fine
Music comes spilling out into the street
Colors go flashing in time

Take off take off
Take off your stay-at-home shoes
Break off shake off
Chase off those stay-at-home blues

Stairway stairway
Down to the crowds in the street
They go their way
Looking for faces to greet
But we run on laughing with no one to meet

Night in the city looks pretty to me
Night in the city looks fine
Music comes spilling out into the street
Colors go waltzing in time

2015-08-18

The Pogues: A Rainy Night in Soho/ Oíche Bháistí in Sóhó


Thugas grá duit ’nois le fada
Grá buan daingean le fada an lá
Is bhíos suaite is tú i dtrioblóid
Is bhí gáire againn, a ghrá

Is d’fhás ár gcairde suas ’nár dteannta
Bhíomar ann nuair bhíodar thíos
Cuid acu a chuaigh sna Flaithis
Thit a thuilleadh in Ifreann síos.

Chuas ar foscadh ón gcith tobann
Chuas isteach id’ bhaclainn shéimh
Oíche bháistí úd in Sóhó
Is feadaíl mhealltach úr ón ngaoth.

Chanas duit mo bhuairt iomlán
D’inis tusa do ríméad
Is cad a tharla don amhrán sin
Na leanaí uile a chuaigh in éag.

Dúisím ar uairibh teacht na maid’ne
An bheainín rua ar na gaobhair
Clóca tosta mór á clúdach
Is tusa ag labhairt ionam le faobhar.

Ní don todhchaí táimse ag canadh
Ná ag taibhreamh faoi inné
Ní ag caint atáim faoin gcéad uair
Ní smaoiním riamh faoi dheireadh ré.

Tá an t-amhrán nach mór ráite
Is seans nach dtuigimid fós a bhrí
Ach féach tá solas romham i gcónaí
Is tú croí na n-aislingí
 Tusa croí na n-aislingí.

2015-08-17

The Pogues: Turkish Song of the Damned/ Amhrán Turcach Lucht an Diabhail



As Ifreann tháinig mé anocht
An taoide lofa bhí
Tá na tairní ón gcros
Is an fhuil ó Chríost
Gan mhaith duitse gan bhrí

Tá fiacha ort a deir na mairbh id chluas
Is seasann siad sa chlós
Táid romhat, an slua

’Rabhais ag faire amach do ghaoth an mharbháin
Nó an bhfeacaís an bhean ina lámh gheal an chíor
Ag caoineadh go géar ar bhalla na trá
Is tú ag damhsa d’amhrán Turcach an diabhail

’Cuimhin leat an long ag dul go tóin poill
Mé fágtha ansin liom féin
Do léim an captaen marbh
Is d’fháisc sé mé go rabhas i bpéin
Is tá sé orm, á iompar ina cheaist
Is fiacha é seo nach féidir ’íoc ambaist.


 Is mé im’ shuí ag comhrá leat tá d’aghaidh á hiompú bán
An rud atá agam ar mo dhroim
Ní cleas ’tá ann ná scáil
Is gearr go mbeidh sé saor anois, an mua,
Tá fiacha ort, a deir na mairbh id’ chluas.

2015-08-16

The Pogues: Suantraí Londan



Ba ghnáth mé ’siúl le ciumhais na habhann
Tráthnónta is an t-aer go húr
Is chuala amhrán
Ón am fadó
Á shéideadh ag an ngaoth aduaidh.

Cé nach gcloistear riamh an traonach garg
 An brón is an t-áthas tríd
Bíonn callán ón gcarr
Agus liú ón mbeár
Agus troid is an scairt gháirí.

Is na taibhsí bhíonn
Lán de ghlór istoích’
Go raibh siad i bhfad ód’ shuan
Agus codladh sámh
Dóibh i measc na gcnámh
Nó ar leac na bpian go buan.

Do shiúlas liom is mo chroí go trom
Is bhí cloch ag rinc’ ar toinn
Bhí an t-amhrán ann
Is an solas fann
Is an ghaoth aduaidh do chaoin

Is bhí leoithne úr ag séideadh anoir
A phóg an bruach faoi thrí
 Is a pháistín fionn bí go sámh id’ shuan
Mar is duitse an suantraí

Is an ghaoth ’tá ’teacht ón gcillín fuar
Ná raibh aon dearóile léi
Ach gach aingeal docht
Led’ thaobh anocht
Id’ shuan go breacadh an lae.

2015-08-15

The Pogues: Sally Mac Lennane




Sheinn Jimí an t-orgán béil insan tábhairne a rugadh mé
Ó lár na hoíche sheinn sé é go fáinne geal an lae
Do sheinn sé dos na gealtaibh é chun iad a dhéanamh séimh
Is bhí cuma shásta orthu teacht na maid’ne.

Bhí Jimí saghas míshásta leis an áit bhí aige sa saol Má bhí an iomarca Powers ag an ‘elephant man’
Bhí gach aon mhuineál i mbaol
Mo léan bhí daoine ag caoineadh mar ní bheadh sé ann Dé hAoine
Agus bhuail sé bóthar éigin teacht na maid’ne.

Do thugamar é faoin mbáisteach ‘dtí an traein
Is phógamar faoi dhó é, ó mo léan,
Is do chanamar amhrán le croí mór lán
Cé go bhfeicfimis arís é mar sin féin
(‘bhfad i gcéin) Ó mo léan ní mór dom dul i gcéin
Tá beoir is fuisce uaimse tá mo thriall i bhfad i gcéin [‘bhfad i gcéin)
Ba bhreá liom filleadh abhaile agus mé ag dul thar meán
Ar an tábhairne is fearr sa chruinne is ar Sally Mac Lennane.

Is d’fhás mé suas is tharla ana-athruithe ar a lán
Is d’éirigh mé níos ceanúla ar Sally Mac Lennane
Do chuas thar fóir is d’ólas beoir gur gheal orm an lá
Is bhíos i m’fhear an bheáir teacht na maid’ne.

I bhfeighil na dí is eascainí, an fuisce is uisce tríd,
Ag caint le fir faoi striapacha is capaill lán de bhrí
Do chuala fhéin go raibh Jimí ‘déanamh cairn mhóir i gcéin
Is chuaigh slua chun na bhflaitheas gan foláireamh.

Do thugamar iad faoin mbáisteach ‘dtí an traein
Is phógamar faoi dhó iad ó mo léan,
Is do chanamar amhrán le croí mór lán
Cé go bhfeicfimis arís iad mar sin féin
(‘bhfad i gcéin) Ó mo léan ní mór dom dul i gcéin
Tá beoir is fuisce uaimse tá mo thriall i bhfad i gcéin [‘bhfad i gcéin)
Ba bhreá liom filleadh abhaile agus mé ag dul thar meán –
Ar an tábhairne is fearr sa chruinne is ar Sally Mac Lennane.

Bhí Jimí tagtha abhaile ach cá raibh an chóip go léir
Is d’fhiafraigh díom cá rabhadar, ar imíodar ar an dtraein
Bíonn daoine scanraithe roimh an mbás ach d’ól ár Jimí an t-uafás
Is bhuail ar gheataí neimhe teacht na maid’ne.

Do thugamar é faoin mbáisteach ‘dtí an traein
Is phógamar faoi dhó é, ó mo léan,
Is do chanamar amhrán le croí mór lán
Cé go bhfeicfimis arís é mar sin féin
(‘bhfad i gcéin) Ó mo léan ní mór dom dul i gcéin
Tá beoir is fuisce uaimse, tá mo thriall i bhfad i gcéin [‘bhfad i gcéin)
Ba bhreá liom filleadh abhaile agus mé ag dul thar meán
Ar an tábhairne is fearr sa chruinne is ar Sally Mac Lennane.

2015-08-14

O mar é para todos nós/ Dúinn go léir í an mhuir

O mar é para todos nós

Isabel Aguiar (1958 -)

O mar é para todos nós
O mar tem peixes místicos
O mar é o Firmamento
O mar é o Firmamento
O mar é o Firmamento
Só os peixes místicos sabem saltar para as redes
Só os peixes místicos sabem saltar para as redes
Só os peixe místicos sabem saltar para as redes
Só os peixes místicos sabem saltar para as redes
As redes São Todo o Firmamento a Luzir.
 

Dúinn go léir í an mhuir


Dúinn go léir í an mhuir
Tá éisc mhisteacha sa mhuir
Is í an Fhirmimint í an mhuir
Is í an Fhirmimint í an mhuir
Is í an Fhirmimint í an mhuir
Na héisc mhisteacha amháin atá in ann léim sna líonta
Na héisc mhisteacha amháin atá in ann léim sna líonta
Na héisc mhisteacha amháin atá in ann léim sna líonta
Na héisc mhisteacha amháin atá in ann léim sna líonta
An Fhirmimint ar Fad is í Lonrach iad na líonta.

2015-08-13

Haiku le Issa ón mbliain 1814

.六十に二ッふみ込む夜寒哉

roku jû ni futatsu fumikomu yozamu kana
 
bliain eile níos cóngaraí
   don trí scór  . . .
      oíche fhuar

2015-08-12

Joni Mitchell - Both Sides Now/ÓN DA THAOBH


ÓN DA THAOBH


Folt na n-aingeal thuas sa spéir
Is féach na caisleáin bhán’ go léir
Is níl sna sléibhte ach cleití gé
Sin mise is an néal

Is bac anois iad ar an ngrian
Is sneachta iad is báisteach dhian
Is bhí an saol ’gam ar mo mhian
Bhí néalta orm sa tslí

Is feicim néalta ón dá thaobh
Ó bhun go barr, le súil ’tá saobh,
Ach níl sa rud ar fad ach néal
Ní thuigimse é fós mar scéal.

Bíonn an samhradh lán de spraoi
An chraic go léir, an céilí
Is creideann tú sna scéalta sí
Sin mise ‘gus an grá.

Ach níl sa chraic ar fad ach seó
Is fág ag gáire iad, slán beo
Is bíodh sé seo i ngan fhios dóibh
Ná bíodh sé le rá.

Is feicim grá ón dá thaobh
Ó bhun go barr, le súil ’tá saobh,
Ach níl sa rud ar fad ach néal
Ní thuigimse é fós mar scéal.

Deor’ go leor is fós an bród
Á rá ‘Mo ghrá thú’! Imeacht le scód
Aislingí i measc na bplód
Sin mise ’gus an saol.

Na seanchairde bhí ’gam tráth
Táim athraithe, tá siad á rá
Bhuel sin mar bhíonn is sin mar tá
Bheith beo ó lá go lá.

Is feicim é ón dá thaobh
An bua an chaill, le súil ’tá saobh
Ach níl sa saol ar fad ach néal
Ní thuigimse é fós mar scéal.

Is feicim é ón dá thaobh
Ó bhun go barr, le súil ’tá saobh
Ach níl sa saol ar fad ach néal
Ní thuigimse é fós mar scéal.

BOTH SIDES NOW


Rows and flows of angel hair
And ice cream castles in the air
And feather canyons everywhere
I’ve looked at clouds that way

But now they only block the sun
They rain and snow on everyone
So many things I would have done
But clouds got in my way

I’ve looked at clouds from both sides now
From up and down, and still somehow
It’s cloud illusions I recall
I really don’t know clouds at all

Moons and Junes and Ferris wheels
The dizzy dancing way you feel
As every fairy tale comes real
I’ve looked at love that way

But now it’s just another show
You leave ‘em laughing when you go
And if you care, don’t let them know
Don’t give yourself away

I’ve looked at love from both sides now
From give and take, and still somehow
It’s love’s illusions I recall
I really don’t know love at all

Tears and fears and feeling proud
To say “I love you” right out loud
Dreams and schemes and circus crowds
I’ve looked at life that way

But now old friends are acting strange
They shake their heads, they say I’ve changed
Well something’s lost, but something’s gained
In living every day

I’ve looked at life from both sides now
From win and lose and still somehow
It’s life’s illusions I recall
I really don’t know life at all

I’ve looked at life from both sides now
From up and down and still somehow
It’s life’s illusions I recall
I really don’t know life at all

2015-08-11

Joni Mitchell: Préachán Dubh/ Black Crow

PRÉACHÁN DUBH


Tá préachán sa spéir
Dubh is ceamach
Crann go crann
Chomh dubh leis an mbóthar mór atá ann
É ag tumadh síos
Chun breith ar rud éigin lonrach
Mothaím ar nós an éin
Eitlím
I ngorm-spéir

Do fuaireas bád go dtí an bóthar
Is thiomáineas chuig eitleán
Fuaireas eitleán go tacsaí
Agus tacsaí chuig an traein
Fada mé ar an ród
Conas a aithneoidh mé an baile
Tar éis a bheith i gcéin
Táim mar phréachán dubh mo léan
I ngoirme spéir’.

Sa tóir ar ghrá is ceolta
Mar sin 'bhí mo shaol
Soilsiú anama
Corbadh
Is tumadh tumadh tumadh tumadh
Tumadh síos chun breith ar gach aon rud lonrach
Díreach ar nós an éin
I ngorm-spéir

Is romham bhí an mhaidin
Mé gan suan gan srann
Is chonac sa seomra folctha gur m’aghaidh bhí ann
Is cad a bhí lasmuigh
Ach an t-anam bocht is é ar fán
Chonac préachán ag eitilt
I ngorm-spéir
Ó táim mar phréachán dubh mo léan
I ngorm-spéir.

Black Crow


There’s a crow flying
Black and ragged
Tree to tree
He’s black as the highway that’s leading me
Now he’s diving down
To pick up on something shiny
I feel like that black crow
Flying
In a blue sky

I took a ferry to the highway
Then I drove to a pontoon plane
I took a plane to a taxi
And a taxi to a train
I’ve been traveling so long
How’m I ever going to know my home
When I see it again
I’m like a black crow flying
In a blue blue sky

In search of love and music
My whole life has been
Illumination
Corruption
And diving diving diving diving
Diving down to pick up on every shiny thing
Just like that black crow flying
In a blue sky

I looked at the morning
After being up all night
I looked at my haggard face in the bathroom light
I looked out the window
And I saw that ragged soul take flight
I saw a back crow flying
In a blue sky
Oh I’m like a black crow flying
In a blue sky

2015-08-10

Pogues: Dirty Old Town/ Seanbhaile Bréan


Seanbhaile Bréan


Cois balla bhí an spéirbhean án
Brionglóidí is an tseanchanáil
Phógas bé cois na monarchan
Seanbhaile bréan
Seanbhaile bréan

Tá na scamaill os comhair na ré
Cait amuigh ar a gcamachuairt
Cailín tá san earrach istoích’
Seanbhaile bréan
Seanbhaile bréan

Ó na dugaí bhúir bonnán
Bhí an traein ina luisne bhuí
Tús na bliana, deatach is gaoth
Seanbhaile bréan
Seanbhaile bréan

Is táim chun tua breá géar a shnoí
Cuirfead faghairt ann le tine bhreá
Is leagfad thú mar a leagfainn crann
Seanbhaile bréan
Seanbhaile bréan

Cois balla bhí an spéirbhean án
Brionglóidí is an tseanchanáil
Phógas bé cois na monarchan
Seanbhaile bréan
Seanbhaile bréan

"Dirty Old Town"


I met my love by the gas works wall
Dreamed a dream by the old canal
Kissed a girl by the factory wall
Dirty old town
Dirty old town

Clouds a drifting across the moon
Cats a prowling on their beat
Spring's a girl in the street at night
Dirty old town
Dirty old town

Heard a siren from the docks
Saw a train set the night on fire
Smelled the spring on the smoky wind
Dirty old town
Dirty old town

I'm going to make me a good sharp axe
Shining steel tempered in the fire
Will chop you down like an old dead tree
Dirty old town
Dirty old town

I met my love by the gas works wall
Dreamed a dream by the old canal
Kissed a girl by the factory wall
Dirty old town
Dirty old town
Dirty old town
Dirty old town

2015-08-09

Adolph Menzel

Íomhá Adolph Menzel
d'fhéadfadh ordóg na coise fiú
rud éigin a chur
inár leith
even a big toe
can accuse us of something
or other
親指すら
非難ができる
ましてや

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

2015-08-08

aber die tage sind elend: einsam/ach is dearóil iad na laethanta: liom féin

aber die tage sind elend: einsam


aber die tage sind elend: einsam
in einer fremden stadt. wenige
hinterlassenschaften. tampons

auf der fensterbank. das bettzeug
ist zurückgeschlagen. die heizung
aufgedreht. der anorak hängt dort

am schmiedeeisernen haken. regen
rinnt die scheibe herab, zeichnet zarte
schattenbäche auf die hellen laken ...

ach is dearóil iad na laethanta: liom féin


ach is dearóil iad na laethanta: liom féin
i gcathair iasachta. is beag a fágadh
anseo domsa. roinnt súitíní

ar leac na fuinneoige. clúdaigh leapa
iompaithe ar ais. an teas ardaithe.
an t-anorac crochta thall

ar chrúca d’iarann saoirsithe. sileann braonta
báistí síos an pána, srutháiníní scáile á dtarraingt
acu ar na braillíní geala ...                       

Nadja Küchenmeister


2015-08-07

Ohara Koson

oíche réaltógach
    fara den scoth
        aimsithe ag an éigrit

starry night
    an egret has found
        a perfect perch

sterny nicht
    an egret's
        fund a perfit spaik

Leagan Bhéarla na hAlban John McDonald

2015-08-06

Marc Chagall

<
an buan don ghrá?
corrán gealaí i bhfad i bhfad
i gcéin
is love forever?
a sickle moon far far
away
is luve fir aye?
a sickle muin
yondermaist
 

Leagan Bhéarla na hAlban John McDonald
恋 永遠に?
遠ざかりゆく
鎌の月

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

2015-08-05

Jutta Tillmann

uaireanta
ní hann don bhriathar -
boladh líomóidí
there are times
when the word does not exist -
scent of lemons
thare'r times
whan the wurd disnae exist -
snowk o leemons
 

Leagan Bhéarla na hAlban John McDonald
ことばなぞ
在らぬ時あり
檸檬の香
 

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

2015-08-04

Henderson Cisz

    smaointe
        ag dul amach leis an taoide . . .
            nár fhille siad choíche

    thoughts
       going out with the tide  . . .
           may they never return

2015-08-03

unter dem wacholder/faoin aiteal

Juan Antonio Frias y Escalante

unter dem wacholder I

unter dem wacholder liege ich und träume dir zu.
ich erinnere mich. wir berühren uns nicht. keine
scham. kein nervenflattern reicht an mich heran.

keine gewaltigen stürme, die sonst immer nahen
nahen. trockne ich die netzhaut ab, mein ganzes
leben lang? vielleicht singe ich auch oder falte

die hände über dem bauch und warte. etwas betet
in mir. wer in die wüste geht zum sterben, der kann
sterben oder unter dem wacholder noch den rest vom

leben erben: in der bibel käme jetzt ein engel zu elia
aber hier? rette, was es noch zu retten gibt. ich träume
von sternen, träume von dir, wie von einer wasserquelle.
 

faoin aiteal I

luímse faoin aiteal agus mo bhrionglóidí chugatsa.
téim siar ar bhóithrín na smaointe. ní bhraithimid a chéile.
náire ar bith. níl na néaróga ag cur isteach orm.

níl spéirlingí ann a thagann níos cóngaraí is níos cóngaraí
de ghnáth. an mbeidh orm an reitine a chuimilt ar feadh
mo shaoil go léir? b’fhéidir go dtosnóinn ag cantaireacht nó

na lámha a fhilleadh ar mo bholg, ag feitheamh. rud éigin ionam
ag guí. an té a thugann an fiántas air fein chun bás a fháil, d’fhéadfadh
sé bás a fháil nó, faoin aiteal, an chuid eile den saol a fháil

mar oidhreacht: sa bhíobla thiocfadh aingeal anois chuig éilias
 ach anseo? sábháil an méid is féidir a shábháil.
 mé ag taibhreamh faoi réaltaí. mé ag taibhreamh fútsa, mar scairdeán uisce.
 

unter dem wacholder II

da versickerst du vor mir, wie auch ein stern versickert
in der dunkelheit. ist das nicht kurios. ich träume
schwarzen raum, in dem sich körper umeinander drehen

und in der schwebe halten, so wie wir. und irgendwann
das lässt sich leider nicht vermeiden, elendig zugrunde
gehen. nur dass sie gar kein elend spüren, wie ich in mir.

man hat ein teleskop, mehr hat man nicht. oder aber man
hat keines, so wie ich. dann hat man nur, was sich im geist
zu keinem ganzen formen will, mit ausnahme der furcht

vor dir. der ganzen großen furchtsamkeit. körper drehen
sich im all, solange sie sich drehen können, tanzen sie
wie du mit mir. ach, könnten die körper doch telefonieren.

 

faoin aiteal II

sileann tú uaim os mo chomhair, mar a shileann réalta
i gcéin sa dorchadas. aisteach nach ea. bhíos ag taibhreamh
faoi spás dubh éigin, agus colainneacha ag timpeallú a chéile

agus á gcoimeád ar mheá chothrom, ár ndála féin. is sa deireadh
ní féidir é a sheachaint, an bás dearóil, ach nach mbraithfidh
siadsan an dearóile a bhraithimse ionam fein.

tugtar teileascóp dúinn, sin uile. nó ní thugtar mar a tharla
i mo chás-sa. níl agat ansin ach an méid atá san aigne
is nach mbeidh iomlán go deo, seachas an eagla a bhraitear

romhatsa. roimh an móreagla go léir. colainneacha á dtimpeallú féin
sa chruinne, fad is atá ar a gcumas timpeallú, damhsaíonn siad
mar a dhamhsaíonn tusa liomsa. á, dá mbeadh cumarsáid idir colainneacha.

unter dem wacholder III

ab und an ein sonnensturm, keiner redet mehr
davon, sobald es wieder ruhiger wird. bleibe also
innerlich. man geht. man ist gegangen. man hat

sich ausgewrungen. man war ein schwamm. tage.
nächte. wochenlang. verrückt. ich schlief und trauerte
im traum um dich. ich rief und schauerte im raum

um nichts. es falten sich ganze berge in mir
die ich nicht zu bezwingen wage. ich bin versehrt.
ich bin ein bergmassiv. und durch die berge führen

gänge und durch die gänge rinnt etwas, seit anbeginn.
wie gut ich mich erinnern kann. es ist noch alles in mir
drin. ich erinnere mich. wir berühren uns nicht, nie mehr.

 

faoin aiteall III

stoirm ghréine uair um á seach, nuair a shíothlaíonn sí
ní labhartar fúithi níos mó. lean ort ag breathnú
isteach. imímid. táimid imithe. táimid fásctha.

ba spúinse sinn. ar feadh roinnt laethanta. oícheanta.
seachtain i ndiaidh seachtaine. as ár meabhair. chodlaíos
agus im’ thaibhreamhsa chaoineas thú. ghlaos amach,

mé ar crith im sheomra gan chúis. sléibhte ionam á bhfilleadh
is nach bhfuilim in ann a chloí. táim martraithe. masaíf mé
agus trí na sléibhte sin tá

pasáistí is trí na pasáistí sin tá rud éigin
ag sileadh ón tús. is maith is cuimhin liom. tá sé ionam
i gcónaí. is cuimhin liom. níl teagmháil eadrainn, ní bheidh go deo.

                        

Nadja Küchenmeister

2015-08-01

unverhofftes wiedersehen/ athchaidreamh gan choinne

 

unverhofftes wiedersehen

diese laterne kenne ich gut. diese laterne
stand vor meinem haus. sie sammelte
die kinder ein, die schlitten. hunde blieben
bei ihr stehen und urinierten. die mütter
fasste sie nicht an. die väter fasste sie nicht an.
in ihrem lichthof sah man bunte stoffe
blitzen. im sommer ruhte sie sich lange aus.
im winter herrschte sie mit strenger hand.
ich kenne ihren schirm und ihren fuß.
sie wachte über meinen schlaf, ich wachte
über ihren. diese laterne kenne ich gut.
diese laterne stand vor meinem haus.

athchaidreamh gan choinne

aithnímse an cuaille lampa sin go maith. sheas an cuaille
lampa sin os comhair an tí seo againne. thug na
páistí isteach, na carranna sleamhnáin. sheasadh gadhair
taobh leis chun fual a dhéanamh. níor bhailigh sé
na máithreacha chuige. níor bhailigh na haithreacha.
faoina luan chonacthas bladhm na bhfabraicí
dathannacha. bhíodh sos fada aige sa samhradh.
tíoránach ab ea é sa gheimhreadh.
tá a scáil ar eolas agam agus a chos.
thugadh sé aire dom is mé i mo chodladh, is
vice versa. Aithnímse an cuaille lampa sin go maith.
sheas an cuaille lampa sin os comhair an tí seo againne.

Nadja Küchenmeister