2015-08-21

krähen am abend / préacháin um thráthnóna

krähen am abend

krähen am abend. der apfelgeruch hing süß und schwer
über dem tisch. oder war ich nur müde und wollte verreisen
und rückte nicht alles näher heran? der kleine schirm

an der garderobe, die hausschuhe auf der fensterbank
und wie das holz im ofen mählich krachte. die krähen aber
hielten nicht ruhe und riefen einander durchs dunkel an.

heillose träume, die langsam verblassten: der apfelgeruch
erstickte die nacht; und meine hände bedankten sich
leise bei allem, was einmal tröstung versprach.

préacháin um thráthnóna

préacháin um thráthnóna. ar fud an bhoird cumhracht mhilis úll
ar an aer. nó an é go raibh tuirse orm, fonn éalaithe
agus nach raibh gach aon ní do mo theanntú? an scáth fearthainne beag

ar an raca cótaí. na slipéir ar leac na fuinneoige
agus na lomáin ag pléascadh sa sorn. ach bhí na préacháin
ag glaoch ar a chéile gan traochadh sa dorchadas.

taibhrimh uafásacha, de réir a chéile á ngealadh: an oíche
tachta ag cumhracht na n-úll; agus ghabh mo lámha
buíochas ciúin as an uile ní a gheall sólás tráth.

Nadja Küchenmeister