2015-08-20

le linn duit a bheith i do chodladh / während du schliefst

während du schliefst

als ich an diesem blauen morgen die weiße wäsche endlich
aufgehängt hatte und noch am offenen fenster stand, über
mir die sichel des mondes, unter mir die gedanken der nacht

die mich nicht hatten schlafen lassen und die jetzt friedlich
in den schalensitzen einer beleuchteten straßenbahn saßen
und schwiegen und langsam entschwanden wie tote, die ich

in träumen traf und wieder gehen lassen musste, und ich
die amsel schluchzen hörte, die zart in ihrem lied erwachte
wusste ich, du würdest schlafen. alle sterne waren mir nah.


Nadja Küchenmeister


le linn duit a bheith i do chodladh


tar éis dom an níochán a chrochadh sa deireadh i ngoirme
na maidine agus seasamh tamall ag an bhfuinneog oscailte, corrán
na gealaí os mo chionn in airde, thíos fúm smaointe na hoíche

nár lig dom dul a chodladh agus iad ina suí go séimh
sna suíocháin bhairille, na soilse ar lasadh sa tram
titeann ciúnas orthu agus imíonn leo go mall ar nós na marbh

a mbuailinn leo im’ bhrionglóidí is liginn dóibh bualadh ar aghaidh
is nuair a chuala an lon caointeach is an scol ag dúiseacht ann go téiglí
thuigeas gur id’ chodladh a bhís. na réaltaí go léir i ngaobhar dom.