2015-08-31

My Lagan Love/ Laoi an Lagáin



An Lagán binn i mbun suantraí
Is lile bhán faoi bhláth
An tráthnóinín ina súil go caoin
An oíche ina folt go lá
Is mé ar nós an leannáin sí
Mo chroíse i ngeimhle atá
Im’ dhaor a bheidh mé go síoraí
Im’ dhaor ag tiarna an ghrá.

Tá báirse ag seol’ 'dir Leam Beg ‘s an Droim
Is a daidí féin á stiúr’
Is sí atá i bhfeighil an tí
Á sciomradh is á sciúr’.
Nuair bhí sí féin ina gearrchailín
A máithrín dílis d’éag
Ach tá a cuimhne fós go binn
Ar bhruacha an Lagáin shéimh

Is nuair a ghlaonn an ciaróigín
Am suain á mheabhrú dúinn
Seo mé go dtí a teachín
Ó sí mó stór ’s mo rún.
Is bíonn an criogar ag crónán
Is an tine á fadú faoi rún
Is cloisim í i mbun amhráin
An t-aer 'tá lán de dhúil.
 
Céad fáilte romhat, a deir an ríon
Ó bí istigh, a ghrá!
Is tá a póg mar bhainne cí’ -
An mhaighdean shéimh gan cháim!

Is nuair is gá dom éalú
Ón ngile atá mar réalt
Bíonn leoithne lán dem’ thnúth
San oíche i bhfad is i gcéin.


Téacs Béarla anseo