2019-07-30

2019-07-29

Bíonn Smaointe gan Chuing

Amhrán de chuid na ndaoine

Bíonn Smaointe gan Chuing

Bíonn smaointe gan chuing, níl léamh orthu ag daoine,
Ar eite a bhíonn, mar scáileanna oíche,
Éalaíonn siad uainn choíche, ó philéar an fhiagaí.
Is mar sin a bhíonn, bíonn smaointe gan chuing.

Liom féin é mo mheon is é chun mo shásaimh
Istigh ionam beo de réir mar a fhásann.
Beidh mianta mo chroíse go hiomlán neamhchloíte
Is mar sin a bhíonn, bíonn smaointe gan chuing.

I bpríosún dá mbeinn, i gcarcair ghruama,
Ní bheinnse i bpéin, ba am curtha amú é:
Do bhrisfeadh mo smaointe na barraí ina bpíosaí
Is mar sin a bhíonn, bíonn smaointe gan chuing!

Céad slán leis an mbuaireamh, céad slán leis go deo
Is slán leis an duairceas, is mian liom bheith beo
Sé teanga an chroí an gáire, an spraoi
Nach in é mar a bhíonn, bíonn smaointe gan chuing.
Bíonn smaointe gan chuing!

Die Gedanken sind frei

Die Gedanken sind frei, wer kann sie erraten,
sie fliehen vorbei wie nächtliche Schatten.
Kein Mensch kann sie wissen, kein Jäger erschießen
es bleibet dabei: Die Gedanken sind frei!

Ich denke was ich will und was mich beglücket,
doch alles in der Still', und wie es sich schicket.
Mein Wunsch, mein Begehren kann niemand verwehren,
es bleibet dabei: Die Gedanken sind frei!

Und sperrt man mich ein im finsteren Kerker,
das alles sind rein vergebliche Werke.
Denn meine Gedanken zerreißen die Schranken
und Mauern entzwei, die Gedanken sind frei!

Drum will ich auf immer den Sorgen entsagen
und will mich auch nimmer mit Grillen mehr plagen.
Man kann ja im Herzen stets lachen und scherzen
und denken dabei: Die Gedanken sind frei!
Die Gedanken sind frei!

2019-07-28

Da unten im Tale/ I bhFad Thíos sa Ghleanntán

Teanga:Boarisch/ Bavárais
Amhrán de chuid na ndaoine,
cóirithe ag Brahms
I bhfad thíos sa ghleanntán
An t-uisce faoi smúit,
Is ní féidir a ansacht
Mo ghrá ’chur in iúl.

Ag síorchaint ar fhíorghrá
Ar dhílseacht gan stad
Agus iarracht den éitheach
Sa chaint sin ar fad.

T’réis deich n-uaire a rá leat
Mo lámh duit, táim i ngrá
Is fanann tú go dúr -
Ní mór dom bheith sa tsiúl.

As an ngrá ’ thug tú dom ód’ chroí
Táim buíoch díot, a rún
Agus guím go mbeidh grá arís
Id’ chroíse go luath.
Da unten im Tale
Läuft's Wasser so trüb,
Und i kann dir's net sagen,
I hab' di so lieb.

Sprichst allweil von Liebe,
Sprichst allweil von Treu',
Und a bissele Falschheit
Is auch wohl dabei.

Und wenn i dir's zehnmal sag,
Daß i di lieb und mag,
Und du willst nit verstehn,
Muß i halt weitergehn.

Für die Zeit, wo du gliebt mi hast,
Da dank i dir schön,
Und i wünsch, daß dir's anderswo
Besser mag gehn.

2019-07-27

D'eitil tráth cúig eala áille

File: Amhrán na nDaoine
Cumadóir: Hannes Wader

D'eitil tráth cúig eala áille

D’eitil tráth cúig eala áille
Ealaí breátha geal mar lá
D’eitil tráth cúig eala áille
Ealaí breátha geal mar lá
Can, can, cén scéal é?
N’fhacthas iad ó shin i leith
Can, can, cén scéal é?
Ní fhacthas iad ó shin.

D’fhás cúig bheith gheal tráth sa gharrán
Glas is úr cois bhruach na habhann
D’fhás cúig bheith gheal tráth sa gharrán
Glas is úr cois bhruach na habhann
Can, can, cén scéal é?
Níor bhláthaigh oiread is crann ann
Can, can cén scéal é?
Níor bhláthaigh oiread is crann.

D’imigh tráth cúigear ógfhear
Bród orthu a bheith sa chath
D’imigh tráth cúigear ógfhear
Bród orthu a bheith sa chath
Can, can, cén scéal é?
Slán níor tháinig siad ón ár
Can, can, cén scéal é?
Níor tháinig siad ón ár.

Cúigear maighdean bhí tráth ann
A gcom seang singil ó mo léir
Cúigear maighdean bhí tráth ann
A gcom seang singil ó mo léir
Can, can, cén scéal é?
Fáinne níor cuireadh ar a méar
Can, can, cén scéal é?
Gan fáinne ar a méar.

Zogen einst fünf wilde Schwäne

Zogen einst fünf wilde Schwäne,
Schwäne, leuchtend weiß und schön.
Zogen einst fünf wilde Schwäne,
Schwäne, leuchtend weiß und schön.
Sing, sing, was geschah?
Keiner ward mehr gesehn, ja.
Sing, sing, was geschah?
Keiner ward mehr gesehn.

Wuchsen einst fünf junge Birken
Grün und frisch am Bachesrand.
Wuchsen einst fünf junge Birken
Grün und frisch am Bachesrand.
Sing, sing, was geschah?
Keine in Blüten stand, ja.
Sing, sing, was geschah?
Keine in Blüten stand.

Zogen einst fünf junge Burschen
Stolz und kühn zum Kampf hinaus.
Zogen einst fünf junge Burschen
Stolz und kühn zum Kampf hinaus.
Sing, sing, was geschah?
Keiner kehrt mehr nach Hause, ja.
Sing, sing, was geschah?
Keiner kehrt nach Haus.

Wuchsen einst fünf junge Mädchen
Schlank und schön am Memelstrand.
Wuchsen einst fünf junge Mädchen
Schlank und schön am Memelstrand.
Sing, sing was geschah?
Keine den Brautkranz wand, ja.
Sing, sing, was geschah?
Keine den Brautkranz wand.

Déanaigí Machnamh Air Seo, a Fhilí

cá bhfuil éigse na ceannairceachta uainn,

                 éigse an dúshláin ionraic

gan eagla uirthi roimh bhréaga na bpolaiteoirí proifisiúnta is lucht gnó,

gan urraim d’iriseoirí a bhreacann síos

béarlagair gan smaoineamh cóir laistiar de

gan taighde gan dul faoin dromchla

rud a éilíonn caint ar chogadh?

Cá bhfuil éigse an amhrais is an drochamhrais

neamhspleách ar an stát, ar easpaig is ar shagairt

neamhspleách ar an gcleas álainn is geallúintí amach san oíche

neamhspleách ar thionchar, ar neamhinniúlacht is ar sheafóid lucht ollscoile?

Haki Madhubuti


2019-07-26

Dé Luain in B Maol

D’fhéadfainn bheith ag guí

an lá ar fad

& ní thiocfadh

Dia


Ach má ghlaoimse

911

beidh an Diabhal

anseo

laistigh de nóiméad.


Amiri Baraka

2019-07-25

Mantra chun machnamh a dhéanamh ar an bhFírinne Shuthain Ionainn Féin


ੴ ਸਤਿ ਨਾਮੁ ਕਰਤਾ ਪੁਰਖੁ ਨਿਰਭਉ ਨਿਰਵੈਰੁ ਅਕਾਲ ਮੂਰਤਿ ਅਜੂਨੀ ਸੈਭੰ ਗੁਰ ਪ੍ਰਸਾਦਿ ॥
Ik oaʼnkār saṯ nām karṯā purakẖ nirbẖao nirvair akāl mūraṯ ajūnī saibẖaʼn gur parsāḏ.
Aon Chruthaitheoir Uilíoch, Dia, ar a dtugtar An Fhírinne, An Bheith Chruthaitheach á Léiriú Aige. Gan Eagla. Gan Ghráin. Íomhá na Neamhbhásmhaireachta, Lastall den Bhreith, Tarchéimnitheach. Trí Ghrásta an Ghúrú.

॥ ਜਪੁ ॥
Jap.
Déan Cantaireacht agus Machnamh.

ਆਦਿ ਸਚੁ ਜੁਗਾਦਿ ਸਚੁ ॥
Āḏ sacẖ jugāḏ sacẖ.
Fíor ón dTús Príomhúil. Fíor i gCaitheamh na gCianta.

ਹੈ ਭੀ ਸਚੁ ਨਾਨਕ ਹੋਸੀ ਭੀ ਸਚੁ
Hai bẖī sacẖ Nānak hosī bẖī sacẖ.
Fíor Anseo Agus Anois. Ó, a Nanak, Fíor go Deo Deo.

2019-07-24

DUANAIRE SPOON RIVER

My mind was a mirror:
It saw what it saw, it knew what it knew.
In youth my mind was just a mirror
In a rapidly flying car,
Which catches and loses bits of the landscape.
Then in time
Great scratches were made on the mirror,
Letting the outside world come in,
And letting my inner self look out.
For this is the birth of the soul in sorrow,
A birth with gains and losses.
The mind sees the world as a thing apart,
And the soul makes the world at one with itself.
A mirror scratched reflects no image —
And this is the silence of wisdom.
 

~ Ernest Hyde ~  (Spoon River Anthology)


Scáthán ab ea m’aigne:
chonaic sí a bhfaca sí, b’eol di an rud ab eol.
Le linn m’óige ní raibh i m’aignese ach scáthán
i ngluaisteán faoi ardluas,
a bheireann ar chodanna den tírdhreach
is a chailleann iad. Ansin le himeacht ama
tharla go raibh scríoba móra ar an scáthán
a lig don domhan lasmuigh teacht isteach
is a lig don mise istigh breathnú amach.
Breith an anama i mbuairt is ea é sin,
breith a bhfuil bua is caillteanas ag baint léi.

Féachann an aigne ar an domhan mar rud lasmuigh di
is déanann an t-anam an domhan ina chuid de féin.
An scáthán scríobtha ní dhéanann íomhá a fhrithchaitheamh –
gaois an tosta is ea é sin.

Ma mynd wis a keekin gless:
It seen whit it seen, an kent whit it kent.
In youtheid ma mynd wis juist a keekin gless
In a car stoorin by,
Whilk keps then losses pairts o the lanscape.
Syne in time
Muckle scarts kythit on the keekin gless,
Latten the ootside warl cum in,
An latten ma inby sel leuk oot.
Fir yon's the birth o the sowl in dool,
A birth wi winnins an tynins.
The mynd glisks the warl as a thingum apairt,
An the sowl maks the warl it yin wi itsel
A scartit keekin gless reflecks nae eemage -
This is the quate o wiceheid.


leagan Béarla na hAlbain John McDonald


2019-07-23

Monet Refuses the Operation -- Lisel Mueller -- Diúltaíonn Monet don Obráid

Monet Refuses the Operation


Doctor, you say that there are no haloes
around the streetlights in Paris
and what I see is an aberration
caused by old age, an affliction.
I tell you it has taken me all my life
to arrive at the vision of gas lamps as angels,
to soften and blur and finally banish
the edges you regret I don't see,
to learn that the line I called the horizon
does not exist and sky and water,
so long apart, are the same state of being.
Fifty-four years before I could see
Rouen cathedral is built
of parallel shafts of sun,
and now you want to restore
my youthful errors: fixed
notions of top and bottom,
the illusion of three-dimensional space,
wisteria separate
from the bridge it covers.
What can I say to convince you
the Houses of Parliament dissolve
night after night to become
the fluid dream of the Thames?
I will not return to a universe
of objects that don't know each other,
as if islands were not the lost children
of one great continent.  The world
is flux, and light becomes what it touches,
becomes water, lilies on water,
above and below water,
becomes lilac and mauve and yellow
and white and cerulean lamps,
small fists passing sunlight
so quickly to one another
that it would take long, streaming hair
inside my brush to catch it.
To paint the speed of light!
Our weighted shapes, these verticals,
burn to mix with air
and changes our bones, skin, clothes
to gases.  Doctor,
if only you could see
how heaven pulls earth into its arms
and how infinitely the heart expands
to claim this world, blue vapor without end.
 

~ Lisel Mueller ~

(Sixty Years of American Poetry, The Academy of American Poets)


Diúltaíonn Monet don Obráid


A Dhochtúir, deir tú nach bhfuil luan ar bith
thart timpeall na soilse sráide i bPáras
agus gur mearbhall atá orm
de dheasca na seanaoise, leatrom.
Táimse á rá leatsa gur thóg sé an saol ar fad orm
lampaí gáis a fheiscint sa deireadh ina n-aingil,
na himill nach bhfeicimse, faraor, dar leat,
a bhogadh, a dhoiléiriú is a dhíbirt sa deireadh,
a fháil amach nach ann don líne ar thugas fíor
na spéire uirthi agus gurb í an staid chéanna
a bhaineann le spéir is uisce – is fada scartha óna chéile iad.
Ceithre bliana is caoga ó shin ba léir dom
gur le gathanna gréine comhthreomhara
a tógadh Ardeaglais Rouen
agus anois ba mhaith leat earráidí na hóige
a athbheochan: nóisin dhaingnithe
de bhun is barr,
seachmall an spáis thríthoisigh
visteáiria neamhspleách
ar an droichead atá á clúdach.
Cad is féidir dom a rá chun go dtuigfeá
go leánn na Tithe Parlaiminte
oíche i ndiaidh oíche le bheith
mar bhrionglóid lachtach na Tamaise?
Ní fhillfeadsa ar chruinne ina bhfuil nithe
aineolach ar a chéile –
nach clann d’aon ollmhór-roinn amháin
iad gach aon oileán? Tá an domhan
ag síorathrú agus is é atá sa solas
ná an rud a dteagmhaíonn sé leis,
uisce, lilí ar uisce,
os cionn agus faoi bhun uisce,
ag éirí liathchorcra agus buí
ina lampaí bána is ceiriúlacha,
doirne beaga ag seachadadh sholas na gréine
chomh gasta sin chun a chéile
go dteastódh ribí fada ina slaoda uaim
laistigh dem’ scuab chun breith air.
Luas an tsolais a phéinteáil!
Ár gcruthanna ualaithe, na ceartingir seo,
á ndó is ag meascadh le haer,
ár gcnámha, ár gcraiceann, ár gcuid éadaigh
á n-athrú ina ngáis. A Dhochtúir,
dá gcífeá neamh
agus an chruinne á tarraingt chuici ina baclainn aici
agus síorleathnú an chroí
chun an domhan seo a éileamh, gal ghorm gan chríoch.

 ~ Lisel Mueller ~

Doctor, ye say thayr's nae gowes
aroon the causeylichts in Pairis
An whit am gliskin's a geegaw
brocht on bi eild, a pyne.
Ken it's taen me aw ma life
tae cum on the veesion o leerielichts as angels,
tae satften, blear, syne bainish
the edges you rue a dinnae sei,
tae lear the line a cried the easin
disnae exeest an lift an watter,
sae lang pairtit, are the samen set o bein.
Fifty-fower year afore a cud sei
Rouen Cathedral's biggit
o parpen beams o sinlicht,
an nou ye'r ettlin tae sort
ma youtheid mistaks: set
notions o tap an boddom,
the blaflum o threy dimensional space,
wisteria apairt
frae the brig it haps.
Whit micht a say tae gar ye see't
the Hooses o Pairlament dwine
nicht efter nicht tae cum
the fluid drame o the Thames?
A'll nivver retour tae a universe
o thingums thit dinnae ken ilk ither,
as tho islands wurnae the tint bairns
o yin muckle continent. The warl
is flux, an licht cums whit it tigs,
cums watter an lilies on watter
abuin an ablow watter,
cums laylock an mauve an yella
an fite an derk-blae leeries,
peerie nieves passin sinlicht
sae swith tae yin anither
thit it wid tak lang, tovin herr
inby ma brush tae cleek it.
Tae pent the stoorin o licht!
Oor wechtit sets, thae verticals,
brenn tae mell wi err
syne chynges oor banes, skin, claes
tae gases. Doctor,
gin ye cud anely glisk
how heiven pous yirth intae'ts airms
an hou infinitely the hert swalls
tae awn this warl, blae oam wi'oot en

John McDonald

2019-07-22

Árainn/ Aran

Grianghraf: Laura Jean Zito
filleadh an deoraí...
balsam croí iad
claíocha Árann
emigrant's return...
the little stone walls of Aran
that mend the heart
μέτοικοι γυρνούν...
πέτρινα τείχη Έραν
γιαίνουν την καρδιά 


Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-07-21

Haiku le Issa ón mbliain 1816

Qi Baishi
nach breá an saol é, ar siad . . .
froganna beaga
froganna móra

.ことしや世がよいぞ小蛙大蛙

kotoshi ya yo ga yoi zo ko kawazu ôkawazu


2019-07-20

PÓG NA BEATHA: SÚIL SIAR







ANOIS 21-22 Deireadh Fómhair 1995 lch 10

Bíonn ar a laghad smaoineamh buile amháin agam sa lá. Sílim nach bhfuil Éire ullamh fós chun 'díleá' a dhéanamh ar leath acu. Ach tá goile níos mó ag na Gearmánaigh. Mar sin nuair a iarradh orm teacht go Köln agus páirt a ghlacadh i rud ar a dtugtar 'Dialogfeld' – gort cumarsáide? – agus a athbhaisteadh ina 'Intertalk' bhí fhios agam ón dteideal nach léamh ná léacht a bhí ag teastáil ach 'tarlú' de shaghas éigin agus sin é díreach an rud a cuireadh ar fáil.

Beagán faoin gcúlra i dtosach. Tarlú leanúnach thar thréimhse a bhí i gceist agus amach san earrach a chuirfí an pacáiste fístéipe le chéile mar aonad. Páirteach sa tarlú leanúnach fadtréimhseach seo tá Cap Grundheber, ealaíontóir a bhfuil cónaí uirthi in Köln, agus Abdoulaye Soumaré, ealaíontóir, scríbhneoir agus fealsamh as Seineagáil.

fit
fa ro diakarlo ak boromam,
di fa diubali bat ti turam,
diam fa ak beti maf,
diurom niara yon,
ngir diamono yoki tankam
Sa léaráid thuas feictear dán de chuid Soumaré ina theanga dhúchais, Wolof. B'éigean domsa scata de na dánta sin a aistriú go Gaeilge, via an Ghearmáinis ar ndóigh, agus is mar a leanas an dán áirithe sin, 'Saighead', sa Ghaeilge
Saighead
Nuair a fhaigheann an t-anam
spléachadh ar an tsíoraíocht
agus nuair a chrochtar suas
iomainn chun glóire Dé
ba chóir duit súile an fhiolair a aimsiú
seacht n-uaire
chun go mbeadh do chéim ar eite.
Páirteach san tarlú freisin tá Philip Corner ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, ceoltóir, agus cumadóir. Seinneann sé go leor uirlisí neamhghnácha, ina measc an t-alpchorn. 

Is é a bhí mar pháirtí agam féin ná Jürgen Schneider ar leis an Galerie Caoc i mBeirlín. Nach ceart séimhiú a bheith ar an bhfocal sin 'Caoc,' a deirim leis? Ach nílim dall go hiomlán, a deir sé, leathshúil liom atá fabhtach.

'Póg na Beatha' a thugamar ar an tarlú seo againne sa Schauraum, Vondelstraβe, Köln. Rinneadh físeán dem bhéalsa agus sé fhocal déag á bhfuaimniú agam. Focail is ea iad a bhfuil bríonna deasa tugtha ag an Duinníneach dóibh agus bhí a fhios agam go dtaitneoidh a an sainmhíniú leis na Gearmánaigh.: iomas gréine; donn; gealach; buarach bháis; meann; aingeal; péicín; drúichtín; bearadóir; athlaoch; amainiris; seicimínín; seala; sleith; gabhairín; ullastráth.

Bhí na focal sin priontáilte ar bhallaí bána an ghailearaí – agus iad le cloisteáil ar an monatóir. 

I lár an tseomra bhí teachíní beaga ceann tuí greamaithe de chuaillí miotail. Sin í an íomhá d'Éirinn atá ag na Gearmánaigh, a dúirt Herr Schneider. Níl a fhios agam cár deineadh na teachíní Éireannacha sin, Singeapór nó Hong Cong b'fhéidir. Teachíní lámhdhaite a bhí iontu, más fíor.


Kölsch

Bhí sé ag druidim le ham oscailte. Buidéil Kölsch á dtógáil amach as an gcuisneoir. Kölsch is ea an bheoir áitiúil – agus an gcanúint áitiúil chomh maith!
Tháinig spéirbhean isteach – an saghas a moladh Eoghan an Bhéil Bhinn ina chuid aislingí. Shuigh sí ar a gogaide. 'Ich hab' einen ganz schwere Tag gehabt,' ar sise. 'Ich auch,' a deirimse, 'mo dhála féin.'

Bhí a fhios agam nach ag tarraingt feamainne a bhí sí. Thóg sí píosa dóp as a mála, chuir jadhnt le chéile go gasta ealaíonta agus thosaigh á chaitheamh.
Faoin am seo bhí Schutzanzug – forbhríste indiúscartha de pháipéir bán – orm féin agus ar Schneider agus Póg na Beatha priontáilte ar an gcúl.

'Jetzt fängt es an,' – arsa cara Schneider, Klaudia – cuirtear tús leis an seó. 'Bist du nervös,' arsa Eva, spéirbhean an dóip liom, 'bhfuil tú neirbhíseach?'.

'Táim buartha faoin ndréimire,' arsa mise léi as Kölsch.

In airde liom féin ar an dréimire. Cuireann Schneider béaldath ar mo bheola. Tá carn leabhar Gaeilge sa chúinne – 100 leabhar, siombal den líon leabhar a fhoilsítear sa Ghaeilge in aghaidh na bliana. Pógaim na leabhair go léir, go sollúnta, sliocht fánach á léamh agam, béaldath úr á chur ar mo bheola ag Schneider gach ré seal. Ionadaí ó Ambasáid na hÉireann i láthair, a dhá súil ar bior, a béal ar leathadh.

Agus sin agaibh cuntas cruinn ar anm tarlú Póg na Beatha in Köln. D'imigh Eva, an spéirbhean go luath. Níl a fhios agam cad a shíl sí den tarlú. Seans nach raibh an dóp sách láidir...


Príomhstáisiún traenach Köln
ARDÁN sciomartha
sss- sleamhnaíonn na colúir

Seala: a ration of four eggfuls of honey.
Gabhairín: potatoes sold secretly by children for pocket money.
Seicimínín: the belly-skin that falls down, in well-fed geese, between the legs.
Sleith: carnal intercourse with a woman without her consent or knowledge.
Ullastráth: the day before the day before yesterday.
Bearadóir: a prober – one who probes for bogwood by means of an iron bar or spike, with a wooden handle; the prober having stuck the bar into the bod applies his teeth to the timber handle to detect the bog-wood.
Donn: a prince, a chief, a judge; the name of a fairy inhabiting the sandbanks off the Clare coast. Dar Donn, by Jove.
Iomas gréine: sun-inspiration, a sun-bubble caused on herbs which if eaten gives the gift of poetry.
Gealach: light, brightness, moonlight, the moon; the white circle in a slice of half-bolied potato, turnip; frenzy; madness
Meann: stuttering; surname Minn (Kuno Meyer found a large percentage of stutterers amongst people of this name in Liverpool).
Péicín: Ullage; old man; the froth of porter collected in some public houses and mixed with fresh liquor.
Aingeal: an angel; a burnt out cinder taken from the fire, sometimes given in their hands as protection to children going out at night.
Drúichtín: a light dew; a dewdrop; a species of small whitish snail, a slug; on May mornings girls discovered the colour of the hair of their future husbands from the shade of colouring of the first drúichtín they found.
Athlaoch: one who becomes a monk in very old age.
Amainiris: the day after tomorrow
Buarach bháis: an unbroken hoop of skin cut with incantation from a corpse across the entire body from shoulder to footsole and wrapped in silk of the colours of the rainbow and used as a spancel to tie the legs of a person to produce certain effects by witchcraft.

2019-07-18

No Egos No Divas: New Poets in Irish on BBC Radio 4


No Egos No Divas: New Poets in Irish is a new radio show with Louis de Paor, produced by Claire Cunningham of RTÉ Radio 1's Poetry Programme. He will be talking to contemporary poets Aifric Mac Aodha, Marcus Mac Conghail, Caitlín Nic Íomhair, Ailble Ní Ghearbhuigh, Simon Ó Faoláin, Doireann Ní Ghríofa, Séamus Barra Ó Súilleabháin about the Irish language in poetry on BBC Radio 4 on Sunday 28 July at 4.30pm. Several of these poets feature in Calling Cards, which Poetry Ireland co-published last year with The Gallery Press.

Presenter Louis de Paor will facilitate a lively conversation about the poets' love of the language, their debt to previous Irish language poets and the surge in popularity of live poetry and spoken-language events run by organisations like Ó Bhéal in Cork and REIC in Dublin.

2019-07-17

Briathra an Bhúda

Yesaṃ dhammā asammuṭṭhā
paravādesu na nīyare;
te sambuddhā sammadaññā,
caranti visame samaṃ.

Éist leis an mbun-Pháilis:
http://download.pariyatti.org/dwob/samyutta_nikaya_1_8.mp3

Iad siúd ar léir dóibh an Darma
ní mheallann teagaisc eile iad;
lánfhoirfe atáid agus eolas foirfe acu,
siúlann siad go réidh thar an aimhréidh.

2019-07-13

Mo bhean a chuir ar an ól mé; beidh mé buíoch di go deo.

W.C. FIELDS

2019-07-12

smaoineamh an lae

Cé nach bhfuil ar intinn aige a bheith ag faire amach, ní gan chúis a sheasann an fear bréige sa ghort.

DOGEN

2019-07-11

Smaoineamh an Lae

Cá bhfaighinn an duine a bhfuil dearmad déanta aige ar bhriathra? Sin é an té is mian liomsa labhairt leis.

CHUANG-TSÚ

2019-07-10

Ag suirí leis is í faoi bhrón

Ag suirí leis is í faoi bhrón
Faoi bhrón is í ag suirí leis

Ag suirí leis, tugann ainm dó
Is seachmall é an té ar thug sí ainm dó,
Maya, a ngluaiseann a mhianta trína suan

Tá a fhios aici, sa deireadh
Is cuma cén t-ainm a thabharfaidh sí dó
Ní bheidh sna hainmneacha sin ach spás folamh

Ag suirí leis, is dóigh léi
Í bheith slán sa díchuimhne
Sa tnúthán, sa leithleachas

Ní ritheann sé léi nach bhfuil sa té
A bhfuil a croí ann
Ach dorn cnámh.
Cnámha a thagann amach as an gcréamtóiriam
Laistigh de chúig nóiméad glan.

Ag suirí leis, análaíonn isteach
A chuid feola, a smior, a anam

Bhí a anam áit éigin thart anseo
An dtiocfadh sí air
I measc na gcnámh seo?

Gach aon uair le teann eagla
Coinníonn sí go docht chuici féin é
Is sciorrann sé gach uair óna géaga

Is í ag suirí leis
Faoi bhrón

Gagan Gill



 

2019-07-09

Dónn an Tine

Dónn an tine

ach ní bhogann sí.

Bogann an ghaoth
ach ní dhónn sí.

Go dtí go mbeidh tine is gaoth le chéile
ní thógfaidh sí coiscéim

An léir don duine
gur mar sin atá
le fios is le gníomh?
 

Devara Dasimayya (11ú aois)


2019-07-08

Cíocha

Boilgíní ag éirí
I riascaibh thaise

Mé ag breathnú orthu – á gcosaint –
A n-at mall is a mbláthú
Ar imeall shéasúr m’óige

Faic á rá le héinne eile,
Canaid liomsa
I m’aonar, i gcónaí:
Faoi ngrá,
Ríméad,
Briseadh croí.

Níor theip orthu riamh
Ná níor dhearúdadar
Mé a spreagadh is na séasúir ag casadh

Le linn pionóis, borrann siad, mar a bheidís
Ag brú go teann le bheith saor; agus le miangas fiáin
Seolann siad in eacstais an cheoil

As an mbasc-bharróg driogtar
Sú an ghrá; agus i bpreab na breithe
Bainne as cúrsáil na fola

Mar a bheadh dhá dheoir ann ó ghrá leatromach
Nach féidir a ghlanadh go deo,

Cruinníonn is sileann siad mar a dhéanfadh le teann bróin.
 

 Kutti Revathi

 

2019-07-07

Bíobla Mo Dheirféar

Mar a leanas Bíobla mo dheirféar:
leabhar ciondála scaoilte,
foirm iarratais ar iasacht,
cárta ón iasachtóir neamhthrócaireach,
fógra na bhféilte
eaglasta is teampaill,
grianghraf de pháiste mo dhearthár,
páipéar a thaispeánann conas caipín linbh a chniotáil,
nóta céad rúipí,
leabhar Ardteistiméireachta.

Nithe nach bhfuil ag Bíobla mo dheirféar:
an réamhrá,
an Sean-Tiomna is an Nua,
mapaí,
an clúdach dearg.

S. Joseph

2019-07-06

Cathair na gCuimhní

Prós a labhraíonn na daoine cois teorann
Prós a labhraítear sa gheiteo agus sa mhonarcha
Prós a labhraíonn an chathair i rith an lae
Prós a labhraíonn an uile ainnise chomhaimseartha
Prós a labhraíonn an gort loiscthe agus an duine garbh gioblach
Prós a labhraíonn an tsibhialtacht siosúr is sceana trí chéile.
Mar sin cad faoi a scríobhfar dán?

Sunil Gangopadhyay

2019-07-05

Deich mBliana is Trí Scór

Carn páipéar í mo cholainnse
fágtha ar bhinse.
Ordaíodh go ndófaí é,
suíonn sé, neamhshuaite.

Tiúb mhiotail í mo cholainn
de thaos, sreanga, fáiscíní.
Tá uimhir uirthi ag laghdú an t-am ar fad,
preabann scáth.

Planda is ea mo cholainn
a tháinig leis an gclib
“Le Taispeáint.”
Seasaim sa ghairdín, mearbhall orm.
Im’ sheasamh an lá ar fad, smeartha le blátha mar Phierrot.

Is déanach a thagann féirín Sa’adi.
Scríobhann sé:
Análaigh go réidh sa ghairdín is bí sásta.
Bí id’ radharc aisteach.
Ón lá seo amach
Beidh do chuid rósanna ar lánoscailt.

Adil Jussawalla

2019-07-04

Gadhar an Stáisiúin

maireann spiorad na háite
istigh i gcorp clamhach
ghadhar an stáisiúin

ag cur a pheiríocha de
le trí chéad bliain anuas
faoin gcrann Teachta is Imeachta

osclaíonn an gadhar a shúil dheas
fada go leor chun a dhéanamh amach
an duine thú nó leathdhia

nó clár ama ochtghéagach an iarnróid
tagtha chun a cheann a chuimilt
le lámh bhalsaim

is é a thabhairt go neamh
níl an lá sin tagtha fós
dar leis

Arun Kolatkar

2019-07-03

D’fhéadfaimisne leis...

D’fhéadfaimisne leis iad a fheiscint
Ag teacht anuas ó na pailmeacha dátaí
Iad siúd a shoilseoidh an domhan seo.
Ach i bhfad i gcéin i ngaineamhlach dóite,
Bhíomar chomh mór sin ar bís
Chun amhráin rúnda na gaoithe a chlos
Nach bhfacamar
Cén áit is conas is cathain
A tháinig duine anuas ó na pailmeacha dátaí.

Shaharyar

2019-07-02

Mantra Chun an Eagla a Shárú




Edvard Munch
Aadays Tisai Adays,
Aad Aneel Anaad Anaahat,
Jug Jug Ayko Vays



Umhlaímse Dó, umhlaím go humhal:
Solas Íon, Príomhúil, gan Tús, gan Chríoch,
I gcaitheamh na gCianta, is Aon É gan Athrú.

2019-07-01

Frog

Ron Rosenstock
grág!
ar ais tríd an gceo go mall
go dtí an frog
croak!
through mist returning slowly
to the frog

κουάξ!
απαντά η ομίχλη
στο βατράχι

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou