2019-07-04

Gadhar an Stáisiúin

maireann spiorad na háite
istigh i gcorp clamhach
ghadhar an stáisiúin

ag cur a pheiríocha de
le trí chéad bliain anuas
faoin gcrann Teachta is Imeachta

osclaíonn an gadhar a shúil dheas
fada go leor chun a dhéanamh amach
an duine thú nó leathdhia

nó clár ama ochtghéagach an iarnróid
tagtha chun a cheann a chuimilt
le lámh bhalsaim

is é a thabhairt go neamh
níl an lá sin tagtha fós
dar leis

Arun Kolatkar