2019-07-03

D’fhéadfaimisne leis...

D’fhéadfaimisne leis iad a fheiscint
Ag teacht anuas ó na pailmeacha dátaí
Iad siúd a shoilseoidh an domhan seo.
Ach i bhfad i gcéin i ngaineamhlach dóite,
Bhíomar chomh mór sin ar bís
Chun amhráin rúnda na gaoithe a chlos
Nach bhfacamar
Cén áit is conas is cathain
A tháinig duine anuas ó na pailmeacha dátaí.

Shaharyar