I riascaibh thaise
Mé ag breathnú orthu – á gcosaint –
A n-at mall is a mbláthú
Ar imeall shéasúr m’óige
Faic á rá le héinne eile,
Canaid liomsa
I m’aonar, i gcónaí:
Faoi ngrá,
Ríméad,
Briseadh croí.
Níor theip orthu riamh
Ná níor dhearúdadar
Mé a spreagadh is na séasúir ag casadh
Le linn pionóis, borrann siad, mar a bheidís
Ag brú go teann le bheith saor; agus le miangas fiáin
Seolann siad in eacstais an cheoil
As an mbasc-bharróg driogtar
Sú an ghrá; agus i bpreab na breithe
Bainne as cúrsáil na fola
Mar a bheadh dhá dheoir ann ó ghrá leatromach
Nach féidir a ghlanadh go deo,
Cruinníonn is sileann siad mar a dhéanfadh le teann bróin.