2019-07-07

Bíobla Mo Dheirféar

Mar a leanas Bíobla mo dheirféar:
leabhar ciondála scaoilte,
foirm iarratais ar iasacht,
cárta ón iasachtóir neamhthrócaireach,
fógra na bhféilte
eaglasta is teampaill,
grianghraf de pháiste mo dhearthár,
páipéar a thaispeánann conas caipín linbh a chniotáil,
nóta céad rúipí,
leabhar Ardteistiméireachta.

Nithe nach bhfuil ag Bíobla mo dheirféar:
an réamhrá,
an Sean-Tiomna is an Nua,
mapaí,
an clúdach dearg.

S. Joseph