2019-07-05

Deich mBliana is Trí Scór

Carn páipéar í mo cholainnse
fágtha ar bhinse.
Ordaíodh go ndófaí é,
suíonn sé, neamhshuaite.

Tiúb mhiotail í mo cholainn
de thaos, sreanga, fáiscíní.
Tá uimhir uirthi ag laghdú an t-am ar fad,
preabann scáth.

Planda is ea mo cholainn
a tháinig leis an gclib
“Le Taispeáint.”
Seasaim sa ghairdín, mearbhall orm.
Im’ sheasamh an lá ar fad, smeartha le blátha mar Phierrot.

Is déanach a thagann féirín Sa’adi.
Scríobhann sé:
Análaigh go réidh sa ghairdín is bí sásta.
Bí id’ radharc aisteach.
Ón lá seo amach
Beidh do chuid rósanna ar lánoscailt.

Adil Jussawalla