Posts mit dem Label mantra werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label mantra werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2020-10-22

Smaoineamh an Lae

Anandamayi: den Lúcháir mé

Caitanyamayi: den Chomhfhios mé

Satyamai: den Fhírinne mé 

Parame: an Neach is Airde

2020-09-04

Suantraí

ॐ महागणपते नमोऽस्तु ते मातङ्गमुख नमोऽस्तु ते
हिमाद्रिजासुत नमोऽस्तु ते ओङ्कारेश्वर नमोऽस्तु ते

महागणपते नमोऽस्तु ते गजवदनधर नमोऽस्तु ते
मूषिकवाहन नमोऽस्तु ते मोदकहस्त नमोऽस्तु ते

महागणपते नमोऽस्तु ते पशुपतितनय नमोऽस्तु ते
विघ्नविनायक नमोऽस्तु ते चामरकर्ण नमोऽस्तु ते

महागणपते नमोऽस्तु ते गौरीनन्दन नमोऽस्तु ते
बुद्धिप्रदातः नमोऽस्तु ते विद्यादातः नमोऽस्तु ते

Ceannaire an ollairm
Ar a bhfuil cloigeann eilifinte
Mac iníon na Himáilithe
Tiarna an tsiolla OM

Ceannaire an ollairm
Ar a bhfuil aghaidh eilifinte
Tiománaí na luch-fheithicle
Milseáin agat go leor

Ceannaire an ollairm
Mac Shivé, tiarna na n-ainmhithe
 A scuabann constaicí chun siúil
Mar ghaothráin iad do chluasa

Ceannaire an ollairm
Mac Ghauri
Bronntóir na héirime
Bronntóir an eolais

2020-08-03

Mantra Páilise

  बुद्धं शरणं गच्छामि।
Buddham saranam gacchami
Go dtí an Búda liom chun tearmann a lorg

धर्मं शरणं गच्छामि।
Dhammam saranam gacchami
Go dtí an Damma liom chun tearmann a lorg

संघं शरणं गच्छामि।
Sangham saranam gacchami
Go dtí an Sanga liom chun tearmann a lorg

2020-04-05

Mantra na Cosanta

Aad Guray Nameh 
Jugaad Guray Nameh 
Sat Guray Nameh 
Siri Guroo Dayvay Nameh

Teanga: Gurmúcaí
(Foinse: Sukhmani Sahib) 

Umhlaím don Ghaois Phríomhúil.
Umhlaím don Ghaois i gcaitheamh na gCianta
Umhlaím don Fhíor-Ghaois
Umhlaím don Mhór-Ghaois nach bhFeictear

2020-03-25

Mantra in aghaidh an víris

Tayata Om Bejaje Bejaje
Maha Bejaje
Raja Samungate Svaha

(Go raibh leigheas i ndán go gasta
do gach neach mothaitheach
agus gan galar a theacht ar éinne arís go deo)

2020-02-18

Mantra an Ghrá agus an Ríméid

OM NAMO NARAYANAYA

Sé do bheatha, a Thiarna Visniú, Caomhnóir na Cruinne

2020-02-05

Mantra chun Sult a Bhaint as gach Soicind - Anois!

ਆਦਿ ਪੂਰਨ ਮਧਿ ਪੂਰਨ ਅੰਤਿ ਪੂਰਨ ਪਰਮੇਸੁਰੇਹ ||
Aad Pooran Madh Pooran Ant Pooran Parmesaray

Iomlán ina thús
Iomlán ina lár
Iomlán ina chríoch
Tiarna na Cruinne

2020-01-31

Mantra na Síochána

शान्तिमान्त्रः

ॐ सह नाववतु
सह नौ भुनक्तु
सह वीर्यं करवावहै
तेजस्वि नावधीतमस्तु
मा विद्विषावहै ॥
ॐ शान्तिः शान्तिः शान्तिः ॥
             ~
OM, cosaint chugainn
Cothú chugainn
Ag obair le chéile le fuinneamh is le brí
Ár n-intleacht géar
Gan aon naimhdeas eadrainn
Om, go raibh an tsíocháin ionamsa
An tsíocháin sa dúlra
An tsíocháin sna fórsaí diaga
             ~
oM saha nAvavatu
saha nau bhunaktu
saha vIryaM karavAvahai
tejasvi nAvadhItamastu
mA vidviSAvahai
oM zAntiH zAntiH zAntiH

2020-01-14

Ek ong kaar / Cruthaitheoir amháin

Cruthaitheoir amháin .
An Fhírinne is ainm dó.
Eisean a dheineann gach ní.
Gan eagla, gan díoltas, síoraí.
Níor rugadh riamh é.
Féinsoilsithe .
Tíolacadh an Ghúrú:
Machnaigh!
Fíor ón dtús.
Fíor i gcaitheamh na gcianta.
Fíor inniu.
Ó, a Nanak,
Fíor go deo !

Ek ong kaar
Sat naam,
Karataa purakh nirbho, nirvair
Akaal moorat
Ajoonee
Saibhang, gur prasaad. Jap!
Aad such, jugaad such
Hai bhee such
Naanak hosee bhee such

2019-09-01

Mantra chun Bacainní a Shárú

Shree Vakratunda Mahakaya Suryakoti Samaprabha 
Nirvighnam Kuru Me Deva Sarva-Kaaryeshu Sarvada

A Thiarna Gainéis an trunca chasta
lasta ataoi mar mhíle grian!
Beannaigh mé le do thoil

i dtreo is nach mbeidh bacainn ar bith romham sa tslí.

2019-07-25

Mantra chun machnamh a dhéanamh ar an bhFírinne Shuthain Ionainn Féin

ੴ ਸਤਿ ਨਾਮੁ ਕਰਤਾ ਪੁਰਖੁ ਨਿਰਭਉ ਨਿਰਵੈਰੁ ਅਕਾਲ ਮੂਰਤਿ ਅਜੂਨੀ ਸੈਭੰ ਗੁਰ ਪ੍ਰਸਾਦਿ ॥
Ik oaʼnkār saṯ nām karṯā purakẖ nirbẖao nirvair akāl mūraṯ ajūnī saibẖaʼn gur parsāḏ.
Aon Chruthaitheoir Uilíoch, Dia, ar a dtugtar An Fhírinne, An Bheith Chruthaitheach á Léiriú Aige. Gan Eagla. Gan Ghráin. Íomhá na Neamhbhásmhaireachta, Lastall den Bhreith, Tarchéimnitheach. Trí Ghrásta an Ghúrú.

॥ ਜਪੁ ॥
Jap.
Déan Cantaireacht agus Machnamh.

ਆਦਿ ਸਚੁ ਜੁਗਾਦਿ ਸਚੁ ॥
Āḏ sacẖ jugāḏ sacẖ.
Fíor ón dTús Príomhúil. Fíor i gCaitheamh na gCianta.

ਹੈ ਭੀ ਸਚੁ ਨਾਨਕ ਹੋਸੀ ਭੀ ਸਚੁ
Hai bẖī sacẖ Nānak hosī bẖī sacẖ.
Fíor Anseo Agus Anois. Ó, a Nanak, Fíor go Deo Deo.

2019-07-02

Mantra Chun an Eagla a Shárú

Edvard Munch
Aadays Tisai Adays,
Aad Aneel Anaad Anaahat,
Jug Jug Ayko Vays

Umhlaímse Dó, umhlaím go humhal:
Solas Íon, Príomhúil, gan Tús, gan Chríoch,
I gcaitheamh na gCianta, is Aon É gan Athrú.

2019-05-30

Mantra na hAigne is na Colainne Nua

Mantra na humhlaíochta é an mantra seo, mantra a thabharfaidh amach asat féin thú agus a osclóidh foinse na lúcháire agus an ghrá dhuit. Mantra is ea é chomh maith díreach chun scíth a fháil.

Is é is brí le gú ná dorchadas agus is é is brí le rú ná solas:
Gúrú gúr gúrú gúr wahe gúrú.

An fórsa sin a thugann ón dorchadas go dtí an solas sinn, sin é an gúrú.
Fuaim is ea wahe chun lúcháir a chur in iúl.

Cuireann an mantra seo i dteagmháil leis an bhfíor-thusa (gan ego) thú.

Gúrmúicis an teanga, teanga atá gaolmhar leis an tSanscrait.
Ach cad is mantra ann sa chéad áit? Deirtear sa leabhar The Ancient Language of the Soul: the Mystic Knowledge of Mantra le Nehemiah Davis gurb é atá ann ná 'an ancient holy sonic vibration of creation . . .'

2018-03-04

Jaya Radha

Sé do bheatha
A Bhanríon Vrindavan
Is tú ár máithrín
Réalt gheal san fhirmimint
A shoilseoidh ionainn
Go lá an bhrácha
Mo ghairm thú
is tú foinse ár n-áthais!

2018-01-09

Nirvana Shatakam

mano buddhi ahankara chittani naaham na cha shrotravjihve na cha ghraana netre na cha vyoma bhumir na tejo na vaayuhu chidananda rupah shivo'ham shivo'ham

Ní mé an aigne, an intleacht, an ego ná an chuimhne,
Ní mé na cluasa, an craiceann, an tsrón ná na súile,
Ní spás mé, ná talamh, ná tine, uisce ná gaoth:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

na cha prana sangyo na vai pancha vayuhu na va sapta dhatur na va pancha koshah na vak pani-padam na chopastha payu chidananda rupah shivo'ham shivo'ham

Ní anáil mé, ná na cúig dúile,
Ní damhna mé, ná cúig thruaill an chomhfheasa
Ná ní urlabhra mé, ná lámha, ná na cosa:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

na me dvesha ragau na me lobha mohau na me vai mado naiva matsarya bhavaha na dharmo na chartho na kamo na mokshaha chidananda rupah shivo'ham shivo'ham
Ní bhaineann ‘is maith-ní maith’ liom,
Ná saint ná seachrán,
Ní bhaineann mórtas liom ná éad,
Níl dualgas ar bith orm
Ná dúil sa mhaoin, sa drúis ná sa tsaoirse:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

na punyam na papam na saukhyam na duhkham na mantro na tirtham na veda na yajnah aham bhojanam naiva bhojyam na bhokta chidananda rupah shivo'ham shivo'ham

Gan suáilce, gan duáilce, gan phléisiúr, gan phian,
Níl gá agam le mantra, le hoilithreacht,
Le scrioptúr, le deasghnáth,
Ní mé an t-eispéireas ná neach a raibh eispéireas aige:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

na me mrtyu shanka na mejati bhedaha pita naiva me naiva mataa na janmaha na bandhur na mitram gurur naiva shishyaha chidananda rupah shivo'ham shivo'ham

Ní bhaineann eagla roimh bhás liom,
Sainaicme ná creideamh ar bith,
Níl athair agam ná máthair
Mar nár rugadh riamh mé,
Ní gaol le héinne mé, ná cara,
Ní oide ná dalta mé:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

aham nirvikalpo nirakara rupo vibhut vatcha sarvatra sarvendriyanam na cha sangatham naiva muktir na meyaha chidananda rupah shivo'ham shivo'ham

Ní bhaineann déachas liom, éagruth é mo chruthsa,
Mairim gach áit, ar fud na gcéadfaí uile,
Níl ceangal orm, nílim saor ná i mo dhaor:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

Adi Shankara

2017-11-04

2017-10-12

An Mahamantra (Mantra Mór)

Ar chloisteáil fhliúit Sri Krishna dóibh, gluaiseann tairbh, bólacht agus fianna Vrindavana faoina dhéin. Níl siad in ann an féar a chuireadar ina mbéal a shlogadh, seasann siad go ciúin, a gcluasa ar bior agus iad ar nós ainmhithe i bpictiúr. 

Srimad-Bhagavatam 10.35.5

An toradh atá ar chantaireacht ná go ndúisítear grá do Krishna ionainn agus blaisimid den lúcháir tarchéimnitheach. Sa deireadh, i gcomhar le Krishna a bhímid agus ag freastal Air go deabhóideach ar nós a bheith tumtha i móraigéan grá. 

Sri Caitanya

2017-10-09

Mantra scriosta an ego

Gan ar mo chumas achainí a dhéanamh, gan ar mo chumas tabhairt uaim.

Gan ar mo chumas a bheith beo, gan ar mo chumas bás a fháil.

Gan ar mo chumas rialú, le maoin is le cumhachtaí rúnda aigne.

Gan ar mo chumas tuiscint iomasach a fháil, gaois spioradálta ná machnamh a dhéanamh.

Gan ar mo chumas an bealach a aimsiú chun éalú ón saol.

Eisean amháin atá in ann. É ag faire ar an uile ní.

2017-09-29

Mantra Rúnda na Misteach

Om Puurnnam-Adah Puurnnam-Idam Puurnnaat-Purnnam-Udacyate Puurnnasya Puurnnam-Aadaaya Puurnnam-Eva-Avashissyate |

OM, is Purna (lán den Chomhfhios Diaga)

É Sin (An Domhan Seachtrach):

Is Purna leis é Seo (An Domhan Inmheánach)

As Purna a eascraíonn Purna

2017-09-16

Mantra chun eagla is imní a shárú

ਥਾਪਿਆ ਨ ਜਾਇ ਕੀਤਾ ਨ ਹੋਇ ॥
Thāpiā na jāe kīṯā na hoe.

Ní féidir É a bhunú, ní féidir É a chruthú.

 ਆਪੇ ਆਪਿ ਨਿਰੰਜਨੁ ਸੋਇ ॥
Āpe āp niranjan soe.

Íon gan teimheal atá Sé.

 ਜਿਨਿ ਸੇਵਿਆ ਤਿਨਿ ਪਾਇਆ ਮਾਨੁ ॥
Jin seviā ṯin pāiā mān.

Is onóir é a bheith umhal dó.

 ਨਾਨਕ ਗਾਵੀਐ ਗੁਣੀ ਨਿਧਾਨੁ ॥
Nānak gāvīai guṇī niḏẖān.

A Nanak, mol an Tiarna, Ciste na Foirfeachta.

 ਗਾਵੀਐ ਸੁਣੀਐ ਮਨਿ ਰਖੀਐ ਭਾਉ ॥
Gāvī▫ai suṇīai man rakẖīai bẖāo.

Can is éist, agus lig do d’aigne a bheith líonta le grá.

 ਦੁਖੁ ਪਰਹਰਿ ਸੁਖੁ ਘਰਿ ਲੈ ਜਾਇ ॥
Ḏukẖ parhar sukẖ gẖar lai jāe.

Cuirfear pian i bhfad uait agus cónóidh an tsíocháin i do thigh.

 ਗੁਰਮੁਖਿ ਨਾਦੰ ਗੁਰਮੁਖਿ ਵੇਦੰ ਗੁਰਮੁਖਿ ਰਹਿਆ ਸਮਾਈ ॥
Gurmukẖ nāḏaʼn gurmukẖ veḏaʼn gurmukẖ rahiā samāī.

Sruth fuaime an Naad é briathar an Ghúrú; gaois na Véidí é; gabhann briathar an Ghúrú ar fud na bhfud.

 ਗੁਰੁ ਈਸਰੁ ਗੁਰੁ ਗੋਰਖੁ ਬਰਮਾ ਗੁਰੁ ਪਾਰਬਤੀ ਮਾਈ ॥
Gur īsar gur gorakẖ barmā gur pārbaṯī māī.
Is é Síve é an Gúrú, is é Visniú agus Bráma é an Gúrú; Párvátaí agus Laicsmí.

 ਜੇ ਹਉ ਜਾਣਾ ਆਖਾ ਨਾਹੀ ਕਹਣਾ ਕਥਨੁ ਨ ਜਾਈ ॥
Je hao jāṇā ākẖā nāhī kahṇā kathan na jāī.

Fiú agus eolas agam air Dhia, nílim in ann cur síos Air; níl léamh ná scríobh ná insint béil Air.

 ਗੁਰਾ ਇਕ ਦੇਹਿ ਬੁਝਾਈ ॥
Gurā ik ḏehi bujẖāī.

Tá léargas amháin tugtha ag an nGúrú dom:

 ਸਭਨਾ ਜੀਆ ਕਾ ਇਕੁ ਦਾਤਾ ਸੋ ਮੈ ਵਿਸਰਿ ਨ ਜਾਈ ॥੫॥
Sabẖnā jīā kā ik ḏāṯā so mai visar na jāī.

Níl ann ach an tAon, Bronntóir gach anama. Nár dhéana mé dearmad Air choíche!