Posts mit dem Label brecht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label brecht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-11-26

Lobet die Nacht/ Moltar an oích’…


Moltar an oích’ is an doirche atá ‘bhur dtimpeall!
Tagaíg’ go léir!
Féachaíg’ in airde sa spéir:
Féach tá an lá ina oíche.
 
Moltar i gcónaí an droch-chuimhne cheart ag na flaithis!
Mar nach léir dóibh
Cé thú féinig ná do chló
Ná go bhfuil tú fós ‘measc na mbeo.
 
Moltar an féar is gach aon bhrúid a mhaireann, a chailltear
i ngar daoibh,
Mar sibhse iad
Mar sin don fhéar is don bhrúid
I ndán daoibh ar fad tá an chríoch.
  
Moltar an fuacht, an doirche agus an lobhadh!
Féachaigí suas:
Níl aon ní ag brath ortsa
Féadann tú bás a fháil gan bhuairt.

Lobet die Nacht

Lobet die Nacht und die Finsternis, die euch umfangen!
Kommet zuhauf!
Schaut in den Himmel hinauf:
Schon ist der Tag euch verfangen.
 
Lobet von Herzen das schlechte Gedächtnis des Himmels!
Und dass er nicht
Weiß euren Nam' noch Gesicht.
Niemand weiß, dass ihr noch da seid.
 
Lobet das Gras und die Tiere, die neben euch leben und sterben!
Sehet, wie ihr
Lebet das Gras und das Tier.
Und es muss auch mit euch sterben.
 
Lobet die Kälte, die Finsternis und das Verderben!
Schauet hinan:
Es kommet nicht auf euch an.
Und ihr könnt unbesorgt sterben

2017-05-10

Tionscadal Brecht: Amhráin Ón Ré Dhorcha

Léiriú de chuid IMRAM, Féile Litríochta Gaeilge.

I gComhar le Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath

Tionscadal Brecht: Amhráin Ón Ré Dhorcha

Léiriú nua i nGaeilge arna sheiftiú agus arna léiriú ag Eric Fraad. Cuirfidh Caitríona O’Leary amhráin agus téacsanna de chuid Brecht inár láthair chun solas géar a chaitheamh ar an domhan polaitiúil agus sóisialta ina mairimid sa bhliain seo 2017.

Ar an gCéadaoin 24 Bealtaine 2017 cuirfidh Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath i gcomhar leis an bhFéile Litríochta Gaeilge IMRAM Tionscadal Brecht: Amhráin ón Ré Dhorcha /Songs from the Dark Times i láthair in Amharclann Smock Alley. Is é an stiúrthóir Meiriceánach amharclainne agus ceoldrámaíochta Eric Fraad a stiúrfaidh agus is í an t-amhránaí nótáilte Caitríona O’Leary atá mar stiúrthóir ceoil. Tarraingíonn an léiriú Gaeilge seo as monalóga, radhairc, amhráin, saothair éagsúla ceoil agus dánta a chum an file/drámadóir Bertolt Brecht agus na cumadóirí Kurt Weill agus Hanns Eisler d’fhonn comparáidí a dhéanamh idir na réimis fhaisisteacha a tháinig chun cinn sna 1930í agus sna 1940í agus an borradh atá faoi rialtais thiarnúla na heite deise lenár linn féin.

Ba é Brecht an file agus an drámadóir polaitiúil ba mhó a bhí againn san Iarthar sa chéad leath den fhichiú haois agus tá a shaothar chomh suntasach is a bhí riamh. Sna saothair réabhlóideacha aige ar nós Die Dreigroschenoper  agus Aufstieg und Fall der Stadt Mahagonny chuir Brecht agus Weill cor nua sa cheoldráma, san oratóir agus seánraí gaolmhara ceoil, thug brí nua pholaitiúil agus shóisialta dóibh chomh maith le nuálaíocht foirme. Is féidir an rud céanna a rá faoina chuid dánta agus drámaí ar saothar suaithinseach iad. Déanann Amhráin ón Ré Dhorcha ceiliúradh ar an oeuvre liteartha agus ceoil sin i nGaeilge ár linne do phobal ár linne, i dteanga nach minic ar stáitsí na hardchathrach í.

Is í Féile Idirnáisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath príomhfhéile litríochta na tíre a thugann cuid de na scríbhneoirí is fearr ar domhan le chéile ar mhaithe le díospóireacht, spreagadh, siamsaíocht agus draíocht.
 

Tugann IMRAM lucht féachana agus léitheoirí ar aistear draíochta chun nualitríocht na Gaeilge agus an domhain a chur ina láthair. Bíonn samhlaíocht agus éagsúlacht i gcónaí le sonrú ar chlár na féile, agus meascán neamhghnách de na seánraí éagsúla litríochta, filíocht, prós, drámaíocht agus ceol.
 

Cliar Ealaíne agus Léirithe

Stiúrthóir Stáitse: Eric Fraad
Stiúrthóir Ceoil: Caitríona O’Leary
Cóiréagrafaíocht:  Justine Doswell
Seit & Dearadh Soilsithe: Kevin McFadden
Dearadh Cultacha: Monica Ennis
Dearadh Teilgthe: Margaret Lonergan

Traschruthú agus Aistriúcháin Ghaeilge: Gabriel Rosenstock, Aindrias Ó Cathasaigh

Oirfidigh

Amhránaí: Caitríona O’Leary
Aisteoirí: Seán T Ó Meallaigh, Gearóid Ó Mordha
Damhsóirí: Justine Doswell, Clodagh Farrell, Sarah Carey, Roisin Kearney
Méarchláir: Josh Johnston
Sacsafóin, Cnaguirlisí: Nick Roth
Cláirnéid: Deirdre O’Leary


Dáta: Dé Céadaoin 24 Bealtaine 2017
Am: 8:00 pm
Ionad: Amharclann Smock Alley
Praghas: €10 / €8


Amharclann Smock Alley
6-7 Sráid an Mhalartáin Íochtarach
Barra an Teampaill
BÁC 8, Éire


IMRAM go deo! Ceannaigh leabhar - agus deoch - do chara leat, nó duit féin.


TUILLEADH EOLAIS: Liam Carson 087-2912797; liamog62@mac.com

2017-04-19

Einst glaubte ich, als ich noch unschuldig war



Chreideas-sa tráth, nuair a bhíos im’ mhaighdean shéimh
(Is bhíos mar sin tráth, díreach mar thú)
B’fhéidir go mbeidh chughamsa duine éigin,
Cad a bheidh le déanamh, uch arú.
Agus más boc é,
Is é cineálta,
Is gan smál ar bith ar a léine fiú
Is fhios aige an tslí chun caitheamh le mná,
Bheadh ormsa diúltú.

Sin an uair is ceart an stuaim  ‘choinneáil,
Ar eagla do dhul amú!
Beidh an ghealach lonrach ins an spéir
Beidh an báidín beag sa chaladh ‘n oíche go léir
Ach ní féidir nithe a bhrú.
Sea, ní ceart go mbeadh ort díreach síneadh siar,
Sea, ní mór do dhuine a bheith fuar,
Sea, cá bhfios cad d’fhéadfadh dúinn tarlú
I ngach aon chás níl ann ach diúltú.

An chéad neach bhí chugam, ba dhuine é as Kent,
Bhí sé mar a d’iarrfá féin,
Bhí longa ag neach a dó amuigh sa chaladh
Is neach a trí ar nós seaimpéin.
Is ó bhí siad saibhir,
Is ó bhí cineálta,
Is gan smál ar a gcuid léinte fiú
Bhí ormsa diúltú.

B’in an uair ba cheart dom stuaim ‘choinneáil,
Ar eagla mo dhul amú!
Bhí an ghealach lonrach ins an spéir
Bhí an báidín beag sa chaladh ’n oíche go léir,
Is níorbh fhéidir nithe a bhrú.
Sea, ní ceart go mbeadh ort díreach síneadh siar,
Sea, ní mór do dhuine a bheith fuar,
Sea, cá bhfios cad d’fhéadfadh dúinn tarlú
I ngach aon chás níl ann ach diúltú.

Tháinig lá amháin (gorm bhí an lá)
An neach seo, gan faic a rá.
Is do chroch a hata donn ar an tairne a bhí im’ sheomra,
Is níor thuigeas an rud bhí dom chrá.
Is ó bhí sé féin daibhir
Is gan cineáltas ann,
Agus gan fhios aige
An tslí chun caitheamh le mná
Dó siúd ní fhéadfainn diúltú.

Níorbh in an uair ba cheart dom stuaim ’choinneáil
Ar eagla mo dhul amú!
Á, an ghealach lonrach insan spéir
An báidín beag ar fán an oíche go léir.
Is do b’fhéidir nithe a bhrú.
Sea, is ceart go mbeadh ort díreach síneadh siar
Sea, ní ceart go mbeadh do chroí istigh chomh fuar
Sea, cá bhfios cad d’fhéadfadh dúinn tarlú,
Sea, ní mór diúltú don diúltú.

Brecht

2017-04-10

Amhrán na Moldau

File: Bertholt Brecht
Cumadóir: Hans Eisler

Amhrán na Moldau

Ar ghrinneall na Moldau, púróga ’g corraíl
Tá impirí breátha faoin bhfód thall i bPrág
Ní fhanfaidh an mór tréan, an beag ní bheidh bídeach -
Dá fhaid í an oíche, sea tiocfaidh an lá
                             sea, tiocfaidh an lá.

Sea athraíonn gach faisean. Is cuma cén scéim é
Beidh taoisigh is ceannairí uile faoin bhfód.
Mar chearca gan chloigeann anois iad na créatúir,
Sea athraíonn gach faisean, ní fiú é an bród
                                         ní fiú é an bród

Ar ghrinneall na Moldau, púróga ’g corraíl
Tá impirí breátha faoin bhfód thall i bPrág
Ní fhanfaidh an mór tréan, an beag ní bheidh bídeach
Dá fhaid í an oíche, sea tiocfaidh an lá,
                             sea, tiocfaidh an lá.

Das Lied von der Moldau

Am Grunde der Moldau wandern die Steine
Es liegen drei Kaiser begraben in Prag.
Das Große bleibt groß nicht und klein nicht das Kleine.
Die Nacht hat zwölf Stunden, dann kommt schon der Tag.


Es wechseln die Zeiten. Die riesigen Pläne
Der Mächtigen kommen am Ende zum Halt.
Und gehn sie einher auch wie blutige Hähne
Es wechseln die Zeiten, da hilft kein Gewalt.


Am Grunde der Moldau wandern die Steine
Es liegen drei Kaiser begraben in Prag.
Das Große bleibt groß nicht und klein nicht das Kleine.
Die Nacht hat zwölf Stunden, dann kommt schon der Tag.