Posts mit dem Label Nuafhilíocht na hIndia werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Nuafhilíocht na hIndia werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2023-01-04

Scáil an Cheannaire Mhóir

 
Chuas chun breathnú ar dhealbh an cheannaire mhóir,
    ach bhí an lá róthe, mar sin sheasas
ina scáil.
Láithreach bonn, chuala mé cling
      srutháin.
Nuair a chuaigh mo shúile i dtaithí ar an dorchadas
    Ba léir dom garsún óg, agus a ghabhar.
Bhí iontas orm is gháir sé. Chaith sé amach an seamaide
    féir a bhí á chogaint aige, is ar sé,
Tógann sé tamall dul i dtaithí ar an dorchadas;
Feicfidh tú níos mó
   nuair a líonfar do shúile leis an bhfolús.
Tá scata againn ann
        agus a thuilleadh ag teacht i gcónaí.
Sa scáil a chaithimid an chuid is mó den lá,
    agus bogaimid thar an tírdhreach
      aniar.
Cá bhfuil an sruthán, arsa mise.
Glór na sruthán go léir a chuaigh i ndísc
   is ea é sin, ar seisean.
An taibhse atá ionat, arsa mise ansin,
   agus nuair ba léir óna shúile gur ghortaíos é,
Dúrtsa de mhonabhar nach raibh sé folláin
     a bheith ar easpa gréine. Mhaígh a ghean gáire air
agus d'ardaigh leathchos leis.
Bhí an ghrian ag taitneamh
             faoina shála.
 Is ann a bhí an féar ag fás.
 

Salil Chaturvedi



2021-07-09

An Ghealt

 

Luigh sí le scamall: ansin, ar ndóigh, ghabh gin;
Lean an chuid eile go réidh. Dhein smidiríní den chrúiscín cré sa bhaile le pléisiúr
Is thosaigh ar oilithreacht a chuirfeadh deireadh lena colainn.
Casadh asal uirthi sa tslí agus d’adhair go hómósach é.
Rug sí greim santach ar a raibh fágtha den phota túise is ar sí,
‘Dá mbeadh sé seo leis tiontaithe ina luaithreach cad déarfainn leis an domhan?
Ach tá an Chinniúint éachtach is siúlann romham mar ghadhar.”
Rug greim ansin ar dhuilleoga bainiain
                     is chroch ar chrann peepal iad
Is ar sí, ‘Ní gá dom faic a íoc le héinne anois
              oiread is gealach lán.”
Lean an chuid eile go réidh (mar a luaigh mé cheana)
Saolaíodh tintreach don Ghealt;
                                         thug cíoch don tintreach,
Ar aghaidh ansin leis an nGealt; casadh an tAbhlóir Cúirte uirthi sa tslí;
Ansin an Rí; an Bhanríon ansin; ansin A; ansin B.
Ach bhí a ciall go maith ag an nGealt: níor aithin sí duine ar bith.

Vinda Karandikar


2021-06-27

Ag Fás Aníos

Ní cailín óg
níos mó í
Tá m’iníon
ag teacht in inmhe
Ní chumann sí abairtí
níos mó mar a dhéanfadh
a máthair
Is mian léi déanamh
mar is áil léi féin
Nuair a iarrann
an múinteoir gramadaí uirthi
abairt a chumadh
leis an bhfocal ’teastaíonn’
is é a scríobhann m’aingilín –
“Ní theastaíonn éinne ó éinne
sa saol seo.”
Féachaimse ar an abairt sin
is deirim liom féin
go bhfuil m’iníon níos sine
ná mar atá sí.

Nirupama Dutt


2021-06-23

Scéal Béaloidis

 Nuair a cailleadh an rí
cuireadh i gcónra mhór órga
é
 
Corp breá ambaiste
éinne a leag súil air
bhí fhios aige láithreach
go mba rí a bhí ann.
 
An príomh-aire is túisce a tháinig
is sheas ansin agus a cheann cromtha
os comhair an choirp
tháinig an sagart ansin
agus labhair
faoina anáil
ar feadh i bhfad
an eilifint a tháinig ansin
is d’ardaigh a thrunc
in ómós don mharbhán
tháinig na capaill dubh is bán ansin
ach chuir gruaim an radhairc as dóibh
agus ní fhéadfaidís a n-aigne a dhéanamh suas
an ceart seitreach a dhéanamh nó nach ceart.
 
Is mall – an-mhall ar fad – a tháinig
an siúinéir
an bearbóir
an potaire . . .
sheasadar timpeall na cónra breátha.

Bhí brón aisteach
mórthimpeall na háite.
 
Bhí gach éinne uaigneach
bhí an príomh-aire uaigneach
toisc uaigneas a bheith ar an eilifint
bhí an eilifint uaigneach
toisc uaigneas a bheith ar na capaill
bhí na capaill uaigneach
toisc uaigneas a bheith ar an bhféar
bhí an féar uaigneach
toisc uaigneas a bheith ar an siúinéir  . . .

Kedarnath Singh

2021-06-22

Stuif na mBard

Is sciotsóidigh ó dhúchas iad filí
agus níl aon léamh orthu
ag an síocanailísí

Ón dtaobh amuigh táid
chomh normáilte le tósta is uibheacha
is chomh leamh le salann

Ach tá rud éigin ag dó
na geirbe acu, rud éigin sa bhfuil
nach léir

i dtástálacha cliniciúla nó os comhair
bhinse na mbreithiúna nó scata aingeal,
déithe nó deamhan péinteáilte.

Ní spéis leo de réir dealraimh
an trealamh go léir atá ag na maithe
is móruaisle.

Sméideann siad ort agus gáireann
go muinteartha, ach tá a n-aigne
go buan in áit eile.

A leath dá ndomhan
stríoctha gorm is bán atá, an leath eile
chomh créachtaithe leis an ngealaigh

Nó chun leas a bhaint as samhail
níos domhanda, táid ar nós na gcamall
nach dronn amháin

Ach dhá dhronn uisce atá orthu
chun iad a thabhairt
thar dhumhcha loiscneacha.

Is gnách má tá airgead acu
in aon chor
go n-imíonn mar phíobán uisce

A ligfí i ndearmad i ngairdín.
Ní bhíonn deireadh go deo leis an ngnó seo
dán a chur

A chaillfí, seans, mar bhuinneán
sula dtosnófaí ar cheann eile
cé nach bhfuil éinne ag éisteacht

Faoi mar nach n-éistear le druideanna
nó filiméalaí, ulchabháin scréachacha,
glór na míolta móra

Nó fuaim an phláinéid
ag treabhadh leis go mall
ar ais dhíoscánach.

Manohar Shetty




2021-06-19

Bíosún Greanta ar Chloch

 Tá seasamh á ghlacadh ag an tuath
mar nach meallfar í, ní bhrisfear
i seomra í. Taifeadann sí
trí dhuilleoga a shuaitheadh go cúramach
imeacht gach stoirme, an bháisteach,
an triomach. Géilleann an tuath
in áiteanna, d'aon ghnó
ó d'fhoghlaim an chogaíocht ó na hairm
a chothaigh sí. Is aonad í
an tuath is níl seanmhíorúiltí
dearúdta aici: bíosún greanta
ar chloch, cuir i gcás. Nochtann an tuath
ar nós cuairteora gan choinne
is tugann tearmann, ní féidir í a chur faoi ghlas
ná i leataobh. Níl an tuath in ann
a hainm a shíniú, ná bás a fháil
mar nach féidir í a adhlacadh.
Tuigeann sí an teanga,
labhrann i gcanúint.

Arvind Krishna Mehrotra



2021-06-17

Bláthanna Mustaird

Má fheiceann tú seanóir ina shuí leis féin
ag stad an bhus agus má tá tú á rá leat féin cé hé
neosfaidh mé duit é.
Is é m'athair é.
Ní ag feitheamh le bus ná le cara atá sé
Ní ag glacadh mionscíthe atá sé
sula leanfaidh sé ar aghaidh ag siúl.
Níl ar intinn aige siopadóireacht a dhéanamh
ach oiread sna siopaí atá láimh leis
tá sé ina shuí ar an mbinse, sin uile.

Bíonn meangadh gáire nó píosa comhrá uaidh uaireanta.
Ní éisteann neach ar bith leis.
Níl spéis ag éinne ann.
Agus is cuma leis, is cosúil, an éistear
nó nach n-éistear.

Carranna, busanna agus daoine
ina gcaise ar an mbóthar.
Gabhann abhainn íomhánna, meafar,
is samhlacha trína intinn.
Nuair  a stopann gach aon ní
ag na soilse tráchta tá sé ina mheán oíche
ina shráidbhaile siúd. Cuirtear tús leis an lá
nuair a iompaíonn na soilse glas.
Má shéidtear adharc
tosaíonn gadhar na comharsan ag tafann.

Nuair a ghabhann gluaisteán buí thar bráid
pléascann míle bláth mustaird
ina cheann.

Foilsithe ar dtús ar Words Without Borders.

Buntéacs agus leagan Béarla © 2018 Ajmer Rode.


2021-04-12

Béile Deireanach an Bhúda

‘Fasting Buddha Shakyamuni’,
schist, sculpture, 3rd-5th century
Image courtesy Metropolitan Museum of Art
Ní ligfidh an ghaois, ná an abhainn,
Isteach thú
An dara huair.

Filleann deannach ar an Solas
Rud a thuig Siddhartha
Sular dhúisigh sé ina Bhúda.
Faoin am sin, bhí an choróin caillte aige
Agus impireacht gnóthaithe aige.

Fiú ansin
Níor thug
An píosa muiceola lofa

An dara seans dó.

Anand Haridas

2021-04-07

An Traein

Kanchan Chander,
‘Drawing 42’,
Acrylic and Pen on Paper, 2018,
4 X 6 inches

Tá an traein ag triall ar an sráidbhaile seo againne;
Ach nílimse ar bord
Tá na ráillí istigh ionam
Ar m'ucht atá na rothaí
Scréach uaimse í fead na traenach.

Ní bheidh mise ann
Nuair a fhillfidh sí chun mé a fháil
Ach taistealód m'anáil
In airde ar an díon,
Ag tabhairt aire dom chorp marbh.
 
Nuair a stopfaidh an traein sa sráidbhaile,
Raghaidh m'anáil isteach im' cholainn
Agus beidh mo rothar ag feitheamh liom
Chun dul síos na seanlánaí aithnidiúla.
Tiocfaidh mo chuid páistí is iad ag rith
Ar chloisteáil an chloigín dóibh:
“Tá Abbu tagtha!  Tá Abbu tagtha!"
 
Cén teanga a úsáidfidh mé chun a rá leo
Nach bhfuil tagtha ach an marbhán?
Teanga neimhe nó ifrinn?
Táimse áit éigin idir eatarthu.

Lig don tobar labhairt, nó an lochán.
Má dhiúltaíonn an t-uisce labhairt
Lig do m'anáil dul isteach i bpréachán
Ar an gcrann moringa sa chlós cúirte
Agus an fhírinne a insint dóibh.

K. Satchidanandan 

 തീവണ്ടി  

 
ആ തീവണ്ടി പോകുന്നത്
എന്റെ ഗ്രാമത്തിലേക്കാണ്
പക്ഷെ അതില്‍ ഞാനില്ല
എന്റെ ഉള്ളിലാണ് അതോടുന്ന റെയില്‍പാളം
അതിന്റെ ചക്രങ്ങള്‍ എന്റെ നെഞ്ചില്‍
എന്റെ നിലവിളി അതിന്റെ ചൂളം
 
അത് എന്നെ കൊണ്ടുപോകാന്‍
തിരിച്ചു വരുമ്പോള്‍  ഞാനുണ്ടാവില്ല
എങ്കിലും എന്റെ പ്രാണന്‍
ആ വണ്ടിയുടെ മേലെ ഇരുന്നു യാത്ര ചെയ്യും ,
എന്റെ ജഡം അരികില്‍ കിടത്തിക്കൊണ്ട്.
അത് ഗ്രാമത്തിലെത്തി  എന്റെ ഉള്ളില്‍ കയറി
പഴയ ഇടവഴികളിലൂടെ സൈക്കിള്‍ ഓടിക്കും
അതിന്റെ ബെല്‍ കേട്ട് എന്റെ കുട്ടികള്‍
ഓടി വരും, ‘അബ്ബു വന്നു! അബ്ബു വന്നു!’
 
വന്നത് എന്റെ ജഡമാണെന്ന്
ഞാനേതു ഭാഷയില്‍  അവരോടു പറയും?
നരകത്തിന്റെയോ സ്വര്‍ഗ്ഗത്തിന്റെയോ?
ഞാന്‍ അവയ്ക്കിടയിലാണല്ലോ.
 
കിണര്‍ സംസാരിക്കട്ടെ , അല്ലെങ്കില്‍ കുളം.
ജലം മിണ്ടുന്നില്ലെങ്കില്‍
മുറ്റത്തെ മുരിക്കുമരത്തിലെ കാക്കയുടെ
ഉള്ളിലിരുന്നു എന്റെ പ്രാണന്‍
അവരോടു സത്യം പറയട്ടെ.
(Aistrithe ón Mailéalaimis ag an bhfile san iris GUFTUGU)