2021-06-22

Stuif na mBard

Is sciotsóidigh ó dhúchas iad filí
agus níl aon léamh orthu
ag an síocanailísí

Ón dtaobh amuigh táid
chomh normáilte le tósta is uibheacha
is chomh leamh le salann

Ach tá rud éigin ag dó
na geirbe acu, rud éigin sa bhfuil
nach léir

i dtástálacha cliniciúla nó os comhair
bhinse na mbreithiúna nó scata aingeal,
déithe nó deamhan péinteáilte.

Ní spéis leo de réir dealraimh
an trealamh go léir atá ag na maithe
is móruaisle.

Sméideann siad ort agus gáireann
go muinteartha, ach tá a n-aigne
go buan in áit eile.

A leath dá ndomhan
stríoctha gorm is bán atá, an leath eile
chomh créachtaithe leis an ngealaigh

Nó chun leas a bhaint as samhail
níos domhanda, táid ar nós na gcamall
nach dronn amháin

Ach dhá dhronn uisce atá orthu
chun iad a thabhairt
thar dhumhcha loiscneacha.

Is gnách má tá airgead acu
in aon chor
go n-imíonn mar phíobán uisce

A ligfí i ndearmad i ngairdín.
Ní bhíonn deireadh go deo leis an ngnó seo
dán a chur

A chaillfí, seans, mar bhuinneán
sula dtosnófaí ar cheann eile
cé nach bhfuil éinne ag éisteacht

Faoi mar nach n-éistear le druideanna
nó filiméalaí, ulchabháin scréachacha,
glór na míolta móra

Nó fuaim an phláinéid
ag treabhadh leis go mall
ar ais dhíoscánach.

Manohar Shetty