2021-06-28

Nílimse chun Máthair a thabhairt ort níos mó

Nílimse chun Máthair a thabhairt ort níos mó.
An méid a d’fhulaingíos agus atá fós á fhulaingt agam
mar gheall ort.
Bhíos tráth ar mo sháimhín suilt sa bhaile.
Dheinis aiséiteach buile díom.
Cad eile a dhéanfaidh tú, a Neach na Gruaige Aimhréidhe?
B’fhearr liom imeacht ó dhoras go doras
ag lorg déirce
ná Máthair a ghlaoch ortsa arís,
ná léim i do bhaclainn,
ná suí arís ar do ghlúin.
‘A Mháthair, a Mháthair,’ arsa mise gan stad,
ach, a Mháthair, ní fhacaís faic,
níor chualaís faic.
An bhfuil tubaiste níos measa
ná a bheith i do dhílleachta
is do mháthair fós beo?

Ramprasad Sen