2021-03-31

«Совесть, Иуда»

«Совесть, Иуда»
Николай Николаевич Ге
[Coinsias, a Iúdáis
Nicolai Ge]


Iúdás...
an oíche ag cruinniú
ina thimpeall

2021-03-29

Mamón

The Worship of Mammon
Evelyn De Morgan


 

Mamón
dia bréige  . . .  
deacair an choróin a bhaint de


2021-03-28

Taibhreamh an Pápa Sergius

Taibhreamh an Pápa Sergius
Rogier van der Weyden

 

an mbíonn taibhrimh
ag pápaí?
bíonn ambaist – ár ndála féin



2021-03-27

Gauguin

Paul Gauguin (1848-1903)
Le cheval blanc 1898
lorgaím each bán
each a thabharfaidh chugatsa mé
is eol dó an tslí
        aithneoidh tusa é
        bhíomar cheana dod' lorg
i seek a white horse
one that can take me to You
one that knows the way
        one that You will recognise
        we have searched for You before

2021-03-26

San Francesco predica agli uccelli

 

San Francesco predica agli uccelli
Giotto

 

Proinsias  . . .
an té a labhraíonn
leis an éanlaith

2021-03-25

Áivé

 
L'Annunciazione, Cill 3,
Frà Beato Angelico, 1440-1442,
Mainistir San Marco, Firenze, Toscana


ag feitheamh leis na cianta
go ndéarfadh sé ‘Áivé’ . . .
an tArdaingeal


2021-03-24

Mahesh Balasubramanian

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise
Mahesh Balasubramanian

nach fada an lá é
a deir giolcach
Loch Kolavai
the day is long
so say the reeds
of Kolavai Lake
μεγάλη η μέρα
έτσι λεν οι καλαμιές
λίμνη Κόλαβαϊ

2021-03-22

Li Po


Tá na héin bailithe leo isteach sa spéir
is an néal deireanach ag leá den saol.

Mé féin is an sliabh, suímid le chéile
go dtí nach bhfuil fágtha ach an sliabh féinig

Li Po
(701 - 762)



The birds have vanished into the sky,
and now the last cloud drains away.

We sit together, the mountain and me,
until only the mountain remains.

English version by Sam Hamill
-- from Endless River: Li Po and Tu Fu: A Friendship in Poetry, Translated by Sam Hamill

2021-03-21

2021-03-20

Imní

Angst, 1894, Edvard Munch
imní, a chuisle
imní an domhain chéasta seo
ag dul in olcas
        tá do sholas uainn go géar
        tarrtháil le do niamhracht sinn
beloved, the angst
the ever-increasing angst
of our tortured world
        where is Your light when needed
        rescue us with Your radiance.

2021-03-19

A Legend of St. Patrick,
by Briton Riviere, c. 1877.
Sudley House, Liverpool, United Kingdom.

 

a Phádraig . . .
beannaigh Éire
agus cosain í

2021-03-18

Ní thiocfaidh mé

 Ní thiocfaidh mé
ní imeoidh mé
ní mhairfidh mé
ní bhfaighidh mé bás
 
Déanfad an tAinm a aithris
de shíor
agus mé féin a bhá
ann

Is babhla mé
agus trinsiúr
fear is ea mé
agus bean

Is seadóg mé
agus líoma milis
Hiondúch mé
agus Moslamach

Is iasc mé
agus líon
iascaire mé
agus am

Ní faic mé
arsa Kabir
Ní i bhfochair na mbeo atáim
Ná i measc na marbh

Kabir  (1440–1518)


I'm not coming

I'm neither coming
nor going
I'm not going to live
and I'm not going to perish

I'll recite the holy name
endlessly
drowning myself
in it

A bowl am I
and a platter
a man
and a woman

I'm a grapefruit
a sweet lime
A Hindu
a follower of the Prophet

I'm a fish
and a net
a fisherman
and time

I'm nothing at all
says Kabir
Neither among the living
nor the dead

2021-03-16

Composed and performed by Caitríona O'Leary. 

Bilingual Haiku by Gabriel Rosenstock. 

Design by Gareth Jones. 

Funded by the Arts Council Covid-19 Crisis Response Award.

Please listen on good speakers or headphones!

Available to stream or download on Bandcamp: https://caitrionaoleary.bandcamp.com/...​

www.caitrionaoleary.com

www.heresyrecords.com

2021-03-15

2021-03-14

bhur máthairse leis

Madonna di San Sisto (mionghné), Raphael

sea
a aingilíní  . . .
is í bhur máthairse leis í

2021-03-13

Triscéil

conas teacht ortsa
mura dtiocfainn orm féin
sa triscéil Bhreatnach
        tairseach an neamhní, a chuid
        ag cur thar maoil gan teorainn
how can i find You
if i cannot find myself
in a Welsh triskele
        a portal to nothingness
        brimful of borderlesness

2021-03-12

Boatman! take these songs from me.

Físeán de dhánta Gaeilge-Béarla as leabhar dátheangach nár foilsíodh fós, leabhar dar teideal Boatman! take these songs from me.

Tá cur síos déanta ar an tionscadal seo leis an ealaíontóir Masood Hussain, An Chaismír, ar YouTube ag an Ollamh Kabir, Ollamh le Béarla, King's College, Londain.

2021-03-11

The British Empire

An Empire based on theology
is hardly in need of apology:
with God on its side
who are we to deride
its professors of moral codology!


Maidir le seo

In Another Land

Tanka Gabriel Rosenstock
Fís Masood Hussain

2021-03-08

Alexej von Jawlensky:  Heilandsgesicht
Kopf Lichte Ruhe c1921.

cé hé

a deir na sluaite

mise?  *



 



Lúcás (9.18)

2021-03-07

Plúiríní Sneachta

 

Dante Gabriel Rossetti - Blanzifiore 

an duitse
a phreabann siad aníos, a Bhríd  . . .
plúiríní sneachta

2021-03-06

Síth Dé

 

Gabháil Chríost, Leabhar Cheanannais


Lochlannaigh ag treabhadh na dtonn . . .
níor chualadar trácht fós
ar shíth Dé



2021-03-05

Grá

Grá

Is é is brí leis an ngrá ná foghlaim conas breathnú ort féin
Faoi mar a bhreathnófá ar nithe i bhfad uait
Mar níl ionatsa ach ní amháin i measc an iliomad nithe.
Agus an té a bhreathnaíonn amhlaidh leigheasfar a chroí,
Gan fhios dó féin, ar ghalair gan áireamh.
Labhróidh an t-éan agus an crann leis: A chara.
 
Beidh fonn ansin air é féin is an uile ní a úsáid
Chun go seasfaidh siad faoi loinnir na haibíochta.
Is cuma mura bhfuil a fhios aige cad air a bhfuil sé ag friotháil:
Ní gá go mbeadh tuiscint ghlan ag an bhfriothálaí fónta.

Love

Love means to learn to look at yourself
The way one looks at distant things
For you are only one thing among many.
And whoever sees that way heals his heart,
Without knowing it, from various ills.
A bird and a tree say to him: Friend.

Then he wants to use himself and things
So that they stand in the glow of ripeness.
It doesn't matter whether he knows what he serves:
Who serves best doesn't always understand.

~ Czesław Miłosz ~
(New & Collected Poems 1931-2001)


LUVE

Luve means learin tae leuk it yersel
The wey ye leuk it faurawa things
Fir ye'r only yin thingum amang monie.
An whaeivver seis yon wey heals's hert ,
wi'oot kennin it, frae sindry seiknesses.
Burd'n tree cry'm: Neebour

Syne he ettles tae yaise his sel an awthing
Sae they micht staun i the leam o ripeness.
It disnae maiter whither he kes whae he sers o no:
Whae sers brawest disnae ayewis unnerstaun.

John McDonald


2021-03-04

Isaac van Ostade

bhí muc ann
uair amháin
uair amháin . . . muc
there once
was a pig
a pig . . . once
thare yince
wis a grumphie
a grumphie...yince

John McDonald

かつてそれ
豚だったのだ
かつて 豚

Mariko Sumikura

2021-03-03

Fuaireas Radharc ar an gCruthaitheoir

 Fuaireas radharc ar an gCruthaitheoir le súile an chroí.
Ar mé, 'Cé Thusa? ' 'Tusa!' a d'fhreagair Sé.

Id' chás-sa, ní féidir fiafraí, 'Cén áit?'
Mar cad is brí le háit Duitse?

Ní ghabhann Tú tríd an tsamhlaíocht
Nó bheadh fhios againn cá bhfuil Tú.

Is Tusa an Té atá i ngach aon bhall
Gan teacht Ort thall ná abhus. Cá bhfuil Tú?

Milleadh mé agus ba é mo mhilleadh millte é
Agus is sa mhilleadh sin a d'aimsíos Thú.

Mansur Hallaj (922-309)


A Vision of the Creator


Through the heart's eyes, I saw the Creator
'Who are you?' I exclaimed. 'You!' the answer came.

When it comes to You, one cannot ask, 'Where'
For there is no where for You.

You are not filtered by the imagination
or we might guess Your abode.

You abide in every nook and cranny
and yet You are nowhere. Where are You?

I was brought to ruination, my ruin's ruin
and in that utter ruin I found You.

    

2021-03-02

Ceol an Bhúda

Ceol an Bhúda
an ceol a chruthaigh an domhan
an ceol a chruthaigh an ghaoth
an ceol a chruthaigh m’anáil
 
Ceol an Bhúda
an ceol a chruthaíonn m’anáil
an ceol a chruthaíonn an ghaoth
an ceol a chruthaíonn an domhan

2021-03-01

Froganna

 Tá an bháisteach tagtha, na froganna ag pléascadh le háthas.
Iad ag canadh d'aon ghuth ard lúcháireach.

Níl aon imní inniu orthu: níl triomach ann ná ganntanas péisteanna
Ná gialla nathrach, ná clocha á radadh ag buachaillí dána.

Na féara ag éirí dlúth mar réaltaí: na huiscí mealltacha sna goirt
A n-uair ghairid de neamhbhásmhaireacht ag preabadh le torann

Gan mhuineál, ach is saibhir borrtha atá an scornach
Agus an cholainn shleamhain, na séadsúile fuara!

Súile ag breathnú inairde, dírithe ar mhachnamh,
Sna flaithis, súile saoithe gan chaipíní ag stánadh ar Dhia.

Tá an bháisteach stoptha; claonann scáileanna,
A gcuid amhrán ar snámh mar iomainn ar an aer mall airdeallach.

Cailltear an lá anois i dtost; ach gearrann dord dorcha
Tríd an gclapsholas; cromann an spéir chaol síos agus éisteann.

Dorchadas is fearthainn: is táimid te teolaí sa leaba.
Ach gabhann frása neamhthraochta trínár suan

Shloka deireanach a gcuid cantaireachta mistiúla
Grág, grág, grág ag frog fanaiceach amháin.

Buddhadev Bose