2021-03-01

Froganna

 Tá an bháisteach tagtha, na froganna ag pléascadh le háthas.
Iad ag canadh d'aon ghuth ard lúcháireach.

Níl aon imní inniu orthu: níl triomach ann ná ganntanas péisteanna
Ná gialla nathrach, ná clocha á radadh ag buachaillí dána.

Na féara ag éirí dlúth mar réaltaí: na huiscí mealltacha sna goirt
A n-uair ghairid de neamhbhásmhaireacht ag preabadh le torann

Gan mhuineál, ach is saibhir borrtha atá an scornach
Agus an cholainn shleamhain, na séadsúile fuara!

Súile ag breathnú inairde, dírithe ar mhachnamh,
Sna flaithis, súile saoithe gan chaipíní ag stánadh ar Dhia.

Tá an bháisteach stoptha; claonann scáileanna,
A gcuid amhrán ar snámh mar iomainn ar an aer mall airdeallach.

Cailltear an lá anois i dtost; ach gearrann dord dorcha
Tríd an gclapsholas; cromann an spéir chaol síos agus éisteann.

Dorchadas is fearthainn: is táimid te teolaí sa leaba.
Ach gabhann frása neamhthraochta trínár suan

Shloka deireanach a gcuid cantaireachta mistiúla
Grág, grág, grág ag frog fanaiceach amháin.

Buddhadev Bose