2019-03-31

Schubert: Die Wetterfahne (Winterreise)

File: Wilhelm Müller
Cumadóir: Franz Schubert

Die Wetterfahne

Der Wind spielt mit der Wetterfahne
auf meines schönen Liebchens Haus.
Da dacht ich schon in meinem Wahne,
sie pfiff den armen Flüchtling aus.

Er hätt’ es ehr bemerken sollen,
des Hauses aufgestecktes Schild,
so hätt’ er nimmer suchen wollen
im Haus ein treues Frauenbild.

Der Wind spielt drinnen mit den Herzen
wie auf dem Dach, nur nicht so laut.
Was fragen sie nach meinen Schmerzen?
Ihr Kind ist eine reiche Braut.

An Eite Ghaoithe

Leoithne ag spraoi leis an eite ghaoithe
Atá ar thigh mo mhíle grá.
Tuigeadh domsa is mé ar mire
Gur ruaig an fheadaíl mé ar fán.

Cén fáth nach bhfaca sé níos luaithe
An comhartha sin thuas ar an díon,
Is thuigfeadh sé go mbeadh ’na iontas
bean dílis ’fháil faoi dhíon an tí.

Leoithne ag spraoi istigh leis na croíthe
Mar ’dheineann thuas, ach ní ró-dhian.
Cuma leosan faoi mo phianta.
Is brídeach shaibhir í a níon.

2019-03-30

Briathra an Bhúda

Tañca kammaṃ kataṃ sādhu,
yaṃ katvā nānutappati,
yassa patīto sumano,
vipākaṃ paṭisevati.

Éist leis an mbun-Pháilis: http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_5_68.mp3

Gníomh maith é an gníomh sin
nach mbeidh a aithreachas ort ar ball
ach a thoradh á bhaint agat
go sona sásta suairc.

2019-03-29

Vinoba Bhave

Vinoba Bhave
Vinoba agus Gandhi
na briathra eatarthu...
an ciúnas ollmhór
Vinoba and Gandhi
the words they shared...
the immense silence
Βινόμπα και Γκάντι
τα λόγια που είπαν...
η άπειρη σιωπή

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-03-28

Misneach

Misneach
Bapuji!
tá misneach
id' scáth fiú amháin

Bapuji!
there is courage
even in your shadow
Μπάπου!
υπάρχει θάρρος
και στη σκιά σου ακόμη

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-03-27

Dealg

Dealg
maolaigh pian an domhain...
baineann bearbóir dealg
as do chos
take away the world's pain...
a barber extracts
a thorn from your foot
πάρ' τον πόνο του κόσμου...
ο κουρέας βγάζει
το αγκάθι σου

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-03-26

Smaoineamh an lae

Táim chun clú a ghnóthú dom féin.
Má theipeann orm,
ní chloisfidh tú fúm níos mó.

2019-03-25

Koan-Haiku

fuaim
leathsciathán féileacáin...
ag bualadh
the sound
of one butterfly wing...
flapping
ο ήχος
φτερού της πεταλούδας...
που φτερουγίζει

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou
音聞こゆ
いまや羽ばたく
蝶ありて

Leagan Seapáiníse: Mariko Sumikura
le son
d'une aile de papillon...
battant

Leagan Fraincise: Daniel Py

2019-03-24

Lola Álvarez Bravo

Lola Álvarez Bravo
ag dul suas ag dul síos
ní thuirsítear riamh sinn...
aistir shíoraí
ascent and descent
we never weary...
endless peregrinations

κατέβα ανέβα
δεν βαριόμαστε...
προσκυνήματα άπειρα

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou
昇降し
決して飽きぬ
我が旅よ

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura

2019-03-23

Santoka

cad tá iontu
n'fheadar faoin spéir . . .
ach táid go léir faoi bhláth

2019-03-22

Briathra an Bhúda

Síormhachnamhach agus buanseasmhach iad na saoithe
iadsan amháin a shroicheann Nirveána - is saortar iad ón daoirse.

Te jhāyino sātatikā, niccaṃ daḷhaparakkamā,
phusanti dhīrā nibbānaṃ, yogakkhemaṃ anuttaraṃ.

Éist leis an mbun-Pháilis:

 http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_2_23.mp3

2019-03-21

Lang Jingshan

Lang Jingshan
crann giúise
ag machnamh ar shaol file...
sular rugadh é
a pine tree
meditating on the life of a poet...
before his birth
un pin
méditant sur la vie d'un poète...
avant sa naissance

Leagan Fraincise: Daniel Py
沈思の松
詩人の生涯
前世まで

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura

2019-03-20

Dánta le Richard Brautigan

Staidéar Gearr


Nuair a dhúisíonn taibhrimh
is é críoch na beatha é.
Imíonn na taibhrimh ansin.
Imíonn an bheatha.

Tóiceo, 26 Aibreán, 1976



Sifunda kafuphi seyinyamalele


la amaphupho ephaphama
iyaphela impilo
kuthi la maphupho esephela
ibiyaphela impilo

Leagan Súlúise:Vusi Benedict Mchunu


ΣΥΝΤΟΜΗ ΣΠΟΥΔΗ ΣΤΗ ΦΥΓΗ


Όταν τα όνειρα ξυπνούν
η ζωή τελειώνει.
Μετά τα όνειρα φεύγουν.
Η ζωή φεύγει.

Leagan Gréigise le Sarah Thilykou


AG AN INSTITIÚID TEICNEOLAÍOCHTA CALIFORNIA

Is cuma liom cé chomh cliste, léan orthu,
is atá an dream seo: tá leadrán an domhain orm.

    Tá sé ag stealladh báistí ó mhaidin
    is níl faic le déanamh.

(Scríofa ar an 24 Eanáir, 1967, agus mé i m'fhile cónaitheach san Institiúid Teicneolaíochta, California).



Anginandaba noma behlakaniphile
labafo: isithukuthezi
Lilokhu linile uzamcolo usuku lonke
Akukho engingakwenza

(Ilotshwe ngo January 24, 1967 ngenkathi eyimbongi emenyiwe  iCalifornia Institute of Technology)

 Leagan Súlúise le Vusi Benedict Mchunu

2019-03-19

Hiroshi Sugimoto

Hiroshi Sugimoto
ár sinsir
amuigh ag siúl...
gan lipéad ar bith orthu
our ancestors
taking a stroll...
without any labels

amadlozi ethu
etetemuka nje
engabhalwe lutho

Leagan Súlúise: Vusi Benedict Mchunu

2019-03-18

Lang Jingshan

Lang Jingshan
tá an caladh thall
ag glaoch orainn...
is an caladh a d'fhágamar
the other shore
is calling us...
as is the shore we left

彼の岸が
我ら呼ぶ
此の岸のごと

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura

2019-03-17

Briathra an Bhúda


Méadaíonn de shíor ar ghlóir an té
atá fuinniúil, airdeallach agus saor ó locht,
géarchúiseach, fíréanta, cuidiúil agus smacht aige air féin.

Uṭṭhānavato satīmato
sucikammassa nisammakārino,
saññatassa dhammajīvino, appamattassa yasobhivaḍḍhati.

Éist leis an mbun-Pháilis: http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_2_24.mp3

2019-03-16

Dán Grá Breatimeachta

Claude Monet - Tithe na Parlaiminte 
lá breá éigin, a stór
sleamhnóidh na Tithe Parlaiminte
isteach sa Tamais
    gan osna go ciúin
    gan chuilithín
one fine day, dearest
the Houses of Parliament
will slip into the Thames
    quietly, without a sigh
    barely a ripple
suku lumbe, sthandwa
imizi yePhalamende
iyominza kwiThames
shabalali ingabubuli -
namanzi ayothula cwaka

Leagan Súlúise: Vusi Benedict Mchunu
μία πρωία
το Κοινοβούλιο, ντίαρ
θα πέσει στον Τάμεση
     ήσυχα, χωρίς άχνα
     μόνο ένα κυματάκι

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-03-09

Maya

Díríonn an Búda ar an talamh
Díríonn an máistir Zen ar an ngealaigh
Díríonn Arjúna ar an sprioc
Díríonn Muire ar an mbunóc
Díríonn Íosa ar an gcroí
Díríonn Rumi ar Shams

Bímid go léir ag faire amach
go dtí go bhfeicimid

Maya


Buddha points to the earth
Zen master points to the moon
Arjuna points to the target
Mary points to her child
Jesus points to the heart
Rumi points to Shams

We all look
until we see

Ellen Grace O'Brian

2019-03-08

Smaoineamh an Lae

Nithe ársa, nithe a ligeadh i ndearmad le fada ba dhóigh leat, táid caomhnaithe ionainn, agus oibríonn siad orainn i gcónaí - go minic gan fhios dúinn - agus ansin, go tobann, tagann siad aníos agus labhrann linn ar nós na scáthanna úd in Háidéas a chothaigh Odaiséas lena chuid fola féin.

Ernst Fischer, Von der Notwendigkeit der Kunst (Faoi Riachtanas na hEalaíne)

2019-03-07

Tháinig an Grá

Tháinig an Grá


Tháinig an Grá agus folmhaíodh mé ,
gach féith díom is póir
ina coimeádán a líonfadh m'Ansacht.
Níl fágtha díomsa ach ainm,
tusa an chuid eile, a Chara, a Ansacht.

Abu-Said Abil-Kheir

(967 - 1049)

Love came and emptied me of self


Love came and emptied me of self,
every vein and every pore,
made into a container to be filled by the Beloved.
Of me, only a name is left,
the rest is You my Friend, my Beloved.

Leagan Béarla: Vraje Abramian


Η αγάπη ήρθε και μ' άδειασε από τον εαυτό μου


Η αγάπη ήρθε και μ' άδειασε από τον εαυτό μου,
έγινε κάθε φλέβα κάθε πόρος,
ένα δοχείο για να γεμίσει απ' τον Αγαπημένο.
Μόνο ένα όνομα από εμένα έχει απομείνει,
όλα τα άλλα είσαι Εσύ, Φίλε μου, Αγαπημένε.

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2019-03-06

Sa Tóir ar Chéimseata

Sa tóir ar chéimseata an cur síos atá againn ón ngrianghrafadóir Sileach Sergio Larrain ar an bpróiseas ealaíne aige. I dtús na seascaidí a foilsíodh an leabhar seo an chéad lá.

“Nuair a bhreathnaím uaim,” a deir sé, “agus an ceamara i mo ghlac agam, is ag breathnú ionam féin atáim dáiríre, ag lorg pictiúr”. Agus tagann an pictiúr nuair a bhíonn an chéimseata i gceart.
Is sainmhíniú spéisiúil é sin ar ghairm an ghrianghrafadóra ealaíne agus bímis buíoch de Éditions Xavier Barral go bhfuil fáil arís ar an leabhar iontach seo, El Rectangulo En La Mano.

Deich mbliana nó mar sin a chaith Larrain i mbun grianghrafadóireachta – saol na sráideanna, scáileanna agus leanaí trí mhór-théama aige – agus ansin bhain sé sráidbhaile sléibhe amach agus chuaigh i mbun machnaimh agus peannaireachta.

2019-03-05

Éan Corr: Mionléirmheas le Gabriel Rosenstock



Bhain sé an-cháil amach sa bhliain 1986 leis an leabhar The Solitude of Ravens agus tá íomhánna as an leabhar sin agus saothar eile sa bhailiúchán grianghraf Masahisa Fukase, foilsithe ag Editions Xavier Barral, 416 leathanach, 160 íomhá, 7¾x10¼". 

Sa leabhar nua seo chomh maith tá na féinphortráidí clúiteacha agus é san fholcadán, portráidí de chait agus saothar eile nár foilsíodh cheana.
Ba sa bhliain 1975 a tharraing na fiacha dubha a aird agus é ar aistear traenach. Bhíodar ag eitilt, nó ar chuaillí teileagraif, iad leo féin nó le scata eile, iad ina scáileanna beo. 


Chaithfeadh sé deich mbliana sa tóir ar na scáileanna sin. Sa bhliain 1982, d’admhaigh sé ina dhialann go raibh sé féin iompaithe ina fhiach dubh!
Má ba fiach dubh é Fukase, éan gan sciatháin ab ea é: sa bhliain 1992 thit sé síos staighre i dtábhairne agus bheadh sé scór bliain i gcóma go dtí gur cailleadh é sa bhliain 2012. 


Spreag ceann de na fiacha dubha sin aige haiku dhá line uaimse:

colscaradh –
níl aon dul siar ann