2019-03-08

Smaoineamh an Lae

Nithe ársa, nithe a ligeadh i ndearmad le fada ba dhóigh leat, táid caomhnaithe ionainn, agus oibríonn siad orainn i gcónaí - go minic gan fhios dúinn - agus ansin, go tobann, tagann siad aníos agus labhrann linn ar nós na scáthanna úd in Háidéas a chothaigh Odaiséas lena chuid fola féin.

Ernst Fischer, Von der Notwendigkeit der Kunst (Faoi Riachtanas na hEalaíne)