2020-10-31

Varus

Dietmar Rabich,
Haltern am See,
Skulptur -Der gescheiterte Varus- (Wilfried Koch) -- 2013 -- 5001
,
CC BY-SA 4.0
féach air - Varus bocht
a chaill trí cinn dá léigiúin
féinmharú ansin
        glaonn ar a chéilí mná
        Vispania . . . Claudia
look at poor Varus
who lost three of his legions
then took his own life
        at night he looks for his wives
        Vispania . . . Claudia
monhwɛ Varus mobroni
a ɔhweree na akofoɔ mmiɛnsa
na ɔsane kum ne ho
na eduru anwumerɛ biara a,
        ɔhwehwɛ ne yerenom
        Vispania . . . Claudia

Leagan Twi (c) Adjei Agyei-Baah

2020-10-30

Scuabtha chun Siúil

 Ar dtús, d’fhéach conair an ghrá
an-éasca.
 
Shíl mé
go mbeinn aontaithe Leat
gan dua.

Thuigeas
tar éis cúpla coiscéim a ghlacadh
go mba aigéan 
a bhí sa chonair

Isteach liom,
scuab tonn chun siúil mé.

Awhad al-Din Kirmani


2020-10-29

Kinship/ Gaol

 Gaol

Dónn sé go han-mhall, seasann crann ard
na foraoise i loigín an tsneachta
atá leáite ina thimpeall ag teas fada measartha
a bheatha agus a dhúil le bheith ina fhréamh
ina thamhan, ina ghéag, ina dhuilleog is eolas
a chur ar an gcré dhubh, solas gréine, méara na gaoithe, cantain éan.

Stoite atáimid, guagach, teofhuilteach, ar lasadh
sa bhladhm úd a fhágann dall sinn ar thine 
ard bhráithriúil na beatha atá chomh bríomhar anois
is a bhí sa tsíológ dhá chéad bliain ó shin.

Kinship

Very slowly burning, the big forest tree
stands in the slight hollow of the snow
melted around it by the mild, long
heat of its being and its will to be
root, trunk, branch, leaf, and know
earth dark, sun light, wind touch, bird song.

Rootless and restless and warmblooded, we
blaze in the flare that blinds us to that slow,
tall, fraternal fire of life as strong
now as in the seedling two centuries ago.

Ursula Le Guin

2020-10-28

2020-10-27

The Embrace

Ahmed Morsi
"The Embrace"
Oil on wood
190 x 124 cm
Cairo - 1966

níor thuig éinne
an uair sin, a thaisce
an tslí chun na bhflaitheas
        coinnigh greim ar ruball an chapaill
        b'in an tslí, dar leis na saoithe
it was a time
when none knew the way
to heaven, beloved
        hold on to the horse's tail
        that was the way, said the sages

2020-10-26

Ryokan

 



an domhan seo
macalla sléibhe ag dul i léig
folamh bréagach

2020-10-25

"Al Roh w'al Raks" (The Spirit and the Dance)

"Al Roh w'al Raks" (The Spirit and the Dance)
Ahmed Morsi
Oil on Canvas
200 x 198 cm
Cairo - 1968
ná bí ag taibhreamh, a shearc
ní heol dúinn cá dtabharfaidh
taibhrimh sinn: fan id' dhúiseacht
        cnuasaigh do chuid taibhreamh
        ullmhaigh le haghaidh a loiscthe iad
do not dream, beloved
we know not where dreams
will take us: stay awake
        gather your dreams together
        prepare them for the fire

2020-10-24

Haiku le Issa/ Grianghraf: Jason Symes

 

gaotha an fhómhair…
mo scáil ag siúl
an aill anonn

.秋風や谷向ふ行影法師
akikaze ya tani mukau yuku kagebôshi

autumn winds…
my shadow walks
along the cliff

(1817)

2020-10-23

An Striapach, an tAinrialaí agus an Príomh-Raibí

Saothar haibun é seo, An Striapach, an tAinrialaí agus an Príomh-Raibí, an chéad saothar haibun sa Ghaeilge. Is é is haibun ann ná prós agus haiku ina orlaí tríd. Murab ionann agus go leor haibun eile, is haibun sruth smaointeachais é seo atá tógtha, cuid mhaith, ar shaothar de chuid ealaíontóirí agus grianghrafadóirí éagsúla.

Seachas sampla nó dhó atá le feiceáil, ní mór cliceáil ar an nasc chun breathnú ar an obair ealaíne. (Ní gá go mbeadh gach píosa ealaíne mar chuid den leabhar a thiocfaidh as seo, is é sin, má tá sé le foilsiú in aon chor!).

D’fhéadfadh haiku teacht i dtús, i lár nó i ndeireadh an phíosa próis. Níl aon riail dhocht ag baint leis sin.

Gné lárnach den ábhar leabhair seo is ea an teagmháil a dhéanann daoine atá ar shlí na fírinne leis an reacaire, an triúr seo ach go háirithe: striapach a rugadh in Llanelli na Breataine Bige; ainrialaí Rúiseach a thuill cáil di féin i Meiriceá agus san Eoraip an dara duine; an tríú pearsa ná duine a bhí tráth mar Phríomh-Raibí againn in Éirinn.

2020-10-22

Smaoineamh an Lae

Anandamayi: den Lúcháir mé

Caitanyamayi: den Chomhfhios mé

Satyamai: den Fhírinne mé 

Parame: an Neach is Airde

2020-10-21

Caipín an tSúfaígh

Cén mhaith iad
na róbaí olla sin
agus clóca an tSúfaígh?

Caith uait na balcaisí
agus saor tú féin
ó ghníomhartha ciontacha!

Ní dhéanfaidh hata olla
Súfaíoch díot.

Bí umhal ar nós an deirbhísigh
agus ansin caith pé caipín
is mian leat.

Sa’dī


2020-10-20

O'Carolan

O'Carolan le Joe Machine (2016)
níor fhág sé slán riamh
mar nach féidir slán a rá
slán a rá le ceol?
        beidh an ceol ionainn go brách
        is beo don Chearbhallánach
there was no farewell
one can never say good bye
farewell to music?
        it courses through every vein
        Turlough O'Carolan lives



Tá sé 350 bliain ó rugadh an Cearbhallánach - féach anseo.

2020-10-19

Túr na gCapall Gorm

Franz Marc, 1913:
Túr na gCapall Gorm

do dhreapas an túr
a shearc, is ní fhaca mé
ach túr ard gorm
        is é ag lonrú i gcéin
        síos liom ó mo thúr féinig
i climbed the tower
beloved, all that I saw
was another tower
        a distant blue glimmering
        i descended from my tower

2020-10-18

Issa 1803

 

ina haonar is í ag éamh
éinín gan mháthair…
contráth fómhair

.一つなくは親なし鳥よ秋の暮
hitotsu naku wa oya nashi tori yo aki no kure


alone she cries
a motherless bird…
autumn dusk

2020-10-17

Angelus Novus

Dánta agus Pictiúir de chuid Paul Klee

Aiste Ómóis le Gabriel Rosenstock

Réamhrá

Ní raibh clú ar Klee – thaitneodh na fuaimeanna páistiúla sin leis – ní raibh clú air mar fhile lena linn mar nár foilsíodh oiread is dán amháin leis fad ba bheo dó. Is mar dhuine d’ealaíontóirí móra an domhain a aithnímid inniu é. Níor thángthas ar dhánta leis go dtí tar éis a bháis. Ní Gedichte (‘dánta’) a thug sé féin orthu ach focal a chum sé féin, Geduchte (‘dúnta’, más maith leat).

(Tá an aiste ar fáil thíos)

2020-10-16

Kenya

Ron Rosenstock
níl teachtaireacht aige
is é féin é…
solas ag teacht isteach i seid
no message
it is itself…
light streaming into a shed

2020-10-15

Woman's Head - Ahmed Morsi

Ahmed Morsi
Woman's Head (1972)
Acrylic on wood
52 x 46 cm
Sharjah Art Foundation Collection

an aithnítear an duine eile
an aithnítear an Féin
tagann tú    imíonn tú
        neach as an miotaseolaíocht
        imithe in éag le fada
who can know another
who can know the Self
You disappear    reappear
        some mythical creature
        long thought to be extinct

2020-10-14

An Fhírinne / The Truth: Varavara Rao

 కష్టజీవి చెమటచుక్క చెప్పని సత్యం
కష్టజీవి ఆకలిడొక్క చెప్పని సత్యం
కష్టజీవి కన్నీటి చుక్క చెప్పని సత్యం
కష్టజీవి పోరాడే రెక్క చెప్పని సత్యం
కవి కలం నుంచి చిందే సిరాచుక్క ఏం చెప్తుంది!

Varavara Rao
An bhun-Teileagúis/Original Telugu


The Truth

The truth that worker’s sweat will never utter,
The truth that his empty stomach will never utter,
The truth that his tears will never utter
The truth that his toiling fists will never utter –
Can a drop of ink from a poet’s pen
Ever express it?

Translated from the Telugu by Venugopalrao Nellutlu

An Fhírinne

An fhírinne nach bhfuil allas an oibrí in ann a chur in iúl
An fhírinne nach bhfuil a bholg folamh in ann a chur in iúl
An fhírinne nach bhfuil a dheora in ann a chur in iúl
An fhírinne nach bhfuil a dhá lámh oibre in ann a chur in iúl
An bhfuil braon dúigh as peann an fhile
In ann é a rá?

Irish version: Gabriel Rosenstock

Sannleikurinn

Sannleikurinn sem sviti verkamanns getur aldrei sagt,
Sannleikurinn sem tómur magi hans getur aldrei sagt,
Sannleikurinn sem tár hann geta aldrei sagt
Sannleikurinn sem stritandi hnefar hans geta aldrei sagt –
Getur blekdropi úr penna skálds
nokkurn tíma tjáð hann?

Icelandic version: Thór Stefánsson

જે સત્ય શ્રમિકનાં પ્રસ્વેદબિંદુ નથી ઉચ્ચારતાં,
જે સત્ય તેનું ખાલી જઠર નથી ઉચ્ચારતું,
જે સત્ય તેનાં અશ્રુબિંદુ નથી ઉચ્ચારતાં,
જે સત્ય તેનાં કામગરાં બાવડાં નથી ઉચ્ચારતાં,
-શું કવિની શાહી તેને કદીયે ઉચ્ચારી શકશે?
-વારાવરા રાવ

Gujarati version:  Udayan Thakker


Adevărul  

Adevărat e  că sudoarea muncitorului va fi mereu neștiută.
Adevărat e că burta goală va fi mereu neștiută.
Adevărat e că lacrimile lui vor fi mereu neștiute.
Adevărat e că pumnii lui truditori vor fi mereu neștiuți.   
Picătura din condeiul  poetului,    
poate vreodată să exprime adevărul?

Romanian version:  Olimpia Iacob


Y gwir

Y gwir na wnaiff chwys gweithiwr byth gyhoeddi;
Y gwir na wnaiff ei stumog byth ei ddweud;
Y gwir na wnaiff ei ddagrau byth ddatgelu
na’i ddwylo na’u llafur byth ei wneud;
Tybed all yr inc sydd yn diferu
o bin bardd, obeithio ei lefaru?

Welsh transcreation: Ifor ap Glyn


Nokwareno

ɛyɛ nokware sɛ ɔdansani nhunu adwumayɛni  mfifireteɛ
ɛyɛ nokware sɛ ɔbɛda yafunu mpan
ɛyɛ nokware sɛ obi nhunu ne nisuoteɛ
ɛyɛ nokware sɛ ne nsa a ɔde yɛ adwumaden bɛyɛ anifasoɔ−
Na ɔnwonfoɔ inki bɛtumi aka n’asɛm ama no?

Twi: Adjei Agyei-Baah


2020-10-13

Zhuangzí

Jason Symes


Zhuangzí…
fuaim an fhéileacáin
is a chuid sciathán á bhfilleadh aige


Zhuangzi…
the sound of a butterfly
folding its wings

2020-10-12

An Bhean Chóir/ An Saoránach Cóir

Do theanga a theascadh ar dtús.
Ná lig siolla ar bith éalú
ná hardaigh ceist.
Murar féidir sin a dhéanamh –
 
Slog na focail
siar! Sin é!
Agus nuair a thagann siad aníos
bí ag cogaint na círe.
 
Aoibhinn bheith id’ bhó
ró-aoibhinn bheith
dall ar fad.

Nabanita Sengupta


Ollamh Cúnta le Béarla in Ollscoil Chalcúta í an Dochtúir Nabanita Sengupta.

2020-10-11

Torc allta

Mosaic of a Wild Boar on the
Northern Aisle Floor
of the Byzantine Church of Petra



 

tá pobal Dé
imithe abhaile…
ach fanann an torc allta

2020-10-10

Lorgaíos thú

Lorgaíos thú, thall
is abhus, a shearc
Is dúrt le cách
go rabhas ag cur do thuairisce;
Fuaireas spléachadh ort ansin tríom féin
agus b’ionann sinn.
Deargaim anois ó chluas go cluas
nuair a smaoiním gur lorgaíos comharthaí díot.
Fakhruddin Iraqi

2020-10-09

Go Luath i Mí na Nollag in Croton-on-Hudson

Grian spíceach. An Hudson
laghdaithe ag an leac oighir.
Cloisim díslí cnáimhe
an ghairbhéil shéidte ag cliceáil. Chomh
mílítheach le cnámh, greamaíonn
an sneachta nua den abhainn mar chlúmh.
Lánstad. Bhíomar ag imeacht chun féiríní Nollag
a sheachadadh anuraidh nuair a phléasc bonn.
Os cionn na gcomhlaí marbha giúiseanna
lomtha ag stoirm ina seasamh, a ngéaga nochta…
Tá tú uaim

Louise Glück

Early December in Croton-on-Hudson

Spiked sun. The Hudson’s
Whittled down by ice.
I hear the bone dice
Of blown gravel clicking. Bone-
pale, the recent snow
Fastens like fur to the river.
Standstill. We were leaving to deliver
Christmas presents when the tire blew
Last year. Above the dead valves pines pared
Down by a storm stood, limbs bared…
I want you


The Nobel Prize in Literature 2020 was awarded to Louise Glück "for her unmistakable poetic voice that with austere beauty makes individual existence universal." ~ Nobel Committee

2020-10-08

An Fhírinne

 

Osclaíodh doras na fírinne
ach níor ligeadh isteach
ach leathdhuine sa turas.
 
Mar sin, níorbh fhéidir teacht ar an bhfírinne iomlán,
Mar an leathdhuine a tháinig isteach
Níor thug sé leis ach próifíl na leathfhírinne.
 
Agus gan ach leathphróifíl leis
Ag an leathdhuine eile.
Agus níorbh ionann an dá leathphróifíl.
 
Bhuaileadar go tréan ar an doras. Leagadar an doras.
Thángadar ar ionad soilseach
Agus an fhírinne ann ina laom.
Ina dhá leath a bhí an áit
Difriúil lena chéile.
 
Bhí argóint ann ciacu ab áille.
Ní raibh ceachtar díobh chomh hálainn agus ba mhian leat.
Ach caithfear rogha a dhéanamh. Roghnaigh gach éinne
Mar a rith leis ag an am, de réir seachmaill nó gearr-radhairc.

Carlos Drummond de Andrade 
as Poesia completa, Rio de Janeiro: Nova Aguilar, 2002.

Verdade


A porta da verdade estava aberta,
mas só deixava passar
meia pessoa de cada vez.

Assim não era possível atingir toda a verdade,
porque a meia pessoa que entrava
só trazia o perfil de meia verdade.

E sua segunda metade
voltava igualmente com meio perfil.
E os dois meios perfis não coincidiam.

Arrebentaram a porta. Derrubaram a porta.
Chegaram a um lugar luminoso
onde a verdade esplendia seus fogos.
Era dividida em duas metades,
diferentes uma da outra.

Chegou-se a discutir qual a metade mais bela.
As duas eram totalmente belas.
Mas carecia optar. Cada um optou conforme
seu capricho, sua ilusão, sua miopia.

An Bhrasaíl, 1902 - 1987

2020-10-07

Ahmed Morsi - Burial in Blue (2002)

Ahmed Morsi
Burial in Blue (2002)
Acrylic on canvas
175 x 195 cm
Sharjah Art Foundation Collection

nuair a eitlíonn an t-anam leis
an ar ais 'dtí an Gairdín é
diúltaímse éisteacht
        le trost ciúin na n-úll
        ag titim sa bhfómhar síoraí
when the soul flies off
is it back to the Garden
no! i will not listen
        to the soft thud of apples
        falling in eternal autumn

2020-10-06

Cuimhní ar m’Athair agus Grianghraf

 Níor choinníos é, an  t-aon ghrianghraf maith
Atá agam is mé i dteannta m’athar.
Inár suí a bhíomar i gcarr m’athar ón seanré
Agus ní raibh gíocs asam.
Bhí saothar air agus é ag caint
Ag streachailt lena anáil.
Níl fágtha den ghrianghraf sin
Ach solas geal na gréine,
Mar sin féin is riachtanaí domsa é
Ná na grianghraif eile a bhfuil dea-bhail orthu.
Ach meabhraím dom féin
Go rabhas ag féachaint díreach romham,
Cillíní na hinchinne is iad ar lánoscailt,
Amhail is go bhfaca mé
A raibh ag teacht:
Bhí sé tagtha cheana féin
Suite eadrainn ansin, idir m’athair is mé,
Sa charr bánghorm aige ón seanré.

Deepti Mittal

2020-10-05

Conas a shamhlófá go bhfuil ní eile á cheilt

Conas a shamhlófá go bhfuil ní eile á cheilt
    Nuair is Eisean an Té atá i ngach ní?
Conas a shamhlófá go bhfuil ní eile á cheilt
  Nuair is Eisean a chuireann É Féin i ngach ní?
Conas a shamhlófá go bhfuil ní eile á cheilt
  Nuair is Eisean an Té a fhoilsítear do gach ní?
Conas a shamhlófá go bhfuil ní eile á cheilt
 Nuair  is Eisean a bhí ann sularbh ann d’aon ní?
Conas a shamhlófá go bhfuil ní eile á cheilt
  Nuair is follasaí É ná ní ar bith faoin spéir?
Conas a shamhlófá go bhfuil ní eile á cheilt
   Nuair nach bhfuil aon ní eile ach É?
Conas a shamhlófá go bhfuil ní eile á cheilt
   Nuair is gaire dhuit É ná ní ar bith eile?
Conas a shamhlófá go bhfuil ní eile á cheilt
   Nuair nach mbeadh aon ní ann murach É?

Iontas na n-iontas!
Féach chomh follasach sa neamh-bheith is atá an bheith
Agus an ní atá daingnithe in am, taobh leis an Té atá bithbheo bithbhuan.

Ibn Ata’ Illah


2020-10-04

Ahmed Morsi - Red Cage

"Red Cage"
Oil on canvas
70 x 100 cm
Cairo - 1968
ní scarann aon ní
óna chéile sinn, níor scar riamh
ní scarfaidh go deo
        conas a dhéanfaí dhá leath den mhuir
        níor tharla sé ó aimsir Fharó
nothing separates us
nothing ever did
or ever can, beloved
        how can the sea divide itself
        not since the time of the Pharaoh

2020-10-03

2020-10-02

Lig dó tú a chur ar meisce

 (Sliocht as Óid an Fhíona/ al-Khamriyah)


Lig dó tú a chur ar meisce
   mura mbeadh ann ach ar feadh uair an chloig
     is beidh an t-am ina sclábhaí
  is é faoi réir agat.

Umar Ibn al-Farid

2020-10-01

Haiku le hIssa (Ní fios bliain a chumtha)

 
(c) Jason Symes


an domhan seo…
an féileacán fiú
ag saothrú leis ó dhubh go dubh

.世の中は蝶も朝からかせぐ也
yo no naka wa chô mo asa kara kasegu nari

this world…
even the butterfly toils
all day long