2020-10-23

An Striapach, an tAinrialaí agus an Príomh-Raibí

Saothar haibun é seo, An Striapach, an tAinrialaí agus an Príomh-Raibí, an chéad saothar haibun sa Ghaeilge. Is é is haibun ann ná prós agus haiku ina orlaí tríd. Murab ionann agus go leor haibun eile, is haibun sruth smaointeachais é seo atá tógtha, cuid mhaith, ar shaothar de chuid ealaíontóirí agus grianghrafadóirí éagsúla.

Seachas sampla nó dhó atá le feiceáil, ní mór cliceáil ar an nasc chun breathnú ar an obair ealaíne. (Ní gá go mbeadh gach píosa ealaíne mar chuid den leabhar a thiocfaidh as seo, is é sin, má tá sé le foilsiú in aon chor!).

D’fhéadfadh haiku teacht i dtús, i lár nó i ndeireadh an phíosa próis. Níl aon riail dhocht ag baint leis sin.

Gné lárnach den ábhar leabhair seo is ea an teagmháil a dhéanann daoine atá ar shlí na fírinne leis an reacaire, an triúr seo ach go háirithe: striapach a rugadh in Llanelli na Breataine Bige; ainrialaí Rúiseach a thuill cáil di féin i Meiriceá agus san Eoraip an dara duine; an tríú pearsa ná duine a bhí tráth mar Phríomh-Raibí againn in Éirinn.