2020-10-12

An Bhean Chóir/ An Saoránach Cóir

Do theanga a theascadh ar dtús.
Ná lig siolla ar bith éalú
ná hardaigh ceist.
Murar féidir sin a dhéanamh –
 
Slog na focail
siar! Sin é!
Agus nuair a thagann siad aníos
bí ag cogaint na círe.
 
Aoibhinn bheith id’ bhó
ró-aoibhinn bheith
dall ar fad.

Nabanita Sengupta


Ollamh Cúnta le Béarla in Ollscoil Chalcúta í an Dochtúir Nabanita Sengupta.