2020-10-10

Lorgaíos thú

Lorgaíos thú, thall
is abhus, a shearc
Is dúrt le cách
go rabhas ag cur do thuairisce;
Fuaireas spléachadh ort ansin tríom féin
agus b’ionann sinn.
Deargaim anois ó chluas go cluas
nuair a smaoiním gur lorgaíos comharthaí díot.
Fakhruddin Iraqi