2020-10-30

Scuabtha chun Siúil

 Ar dtús, d’fhéach conair an ghrá
an-éasca.
 
Shíl mé
go mbeinn aontaithe Leat
gan dua.

Thuigeas
tar éis cúpla coiscéim a ghlacadh
go mba aigéan 
a bhí sa chonair

Isteach liom,
scuab tonn chun siúil mé.

Awhad al-Din Kirmani