2020-10-08

An Fhírinne

 

Osclaíodh doras na fírinne
ach níor ligeadh isteach
ach leathdhuine sa turas.
 
Mar sin, níorbh fhéidir teacht ar an bhfírinne iomlán,
Mar an leathdhuine a tháinig isteach
Níor thug sé leis ach próifíl na leathfhírinne.
 
Agus gan ach leathphróifíl leis
Ag an leathdhuine eile.
Agus níorbh ionann an dá leathphróifíl.
 
Bhuaileadar go tréan ar an doras. Leagadar an doras.
Thángadar ar ionad soilseach
Agus an fhírinne ann ina laom.
Ina dhá leath a bhí an áit
Difriúil lena chéile.
 
Bhí argóint ann ciacu ab áille.
Ní raibh ceachtar díobh chomh hálainn agus ba mhian leat.
Ach caithfear rogha a dhéanamh. Roghnaigh gach éinne
Mar a rith leis ag an am, de réir seachmaill nó gearr-radhairc.

Carlos Drummond de Andrade 
as Poesia completa, Rio de Janeiro: Nova Aguilar, 2002.

Verdade


A porta da verdade estava aberta,
mas só deixava passar
meia pessoa de cada vez.

Assim não era possível atingir toda a verdade,
porque a meia pessoa que entrava
só trazia o perfil de meia verdade.

E sua segunda metade
voltava igualmente com meio perfil.
E os dois meios perfis não coincidiam.

Arrebentaram a porta. Derrubaram a porta.
Chegaram a um lugar luminoso
onde a verdade esplendia seus fogos.
Era dividida em duas metades,
diferentes uma da outra.

Chegou-se a discutir qual a metade mais bela.
As duas eram totalmente belas.
Mas carecia optar. Cada um optou conforme
seu capricho, sua ilusão, sua miopia.

An Bhrasaíl, 1902 - 1987