2020-10-05

Conas a shamhlófá go bhfuil ní eile á cheilt

    Nuair is Eisean an Té atá i ngach ní?
Conas a shamhlófá go bhfuil ní eile á cheilt
  Nuair is Eisean a chuireann É Féin i ngach ní?
Conas a shamhlófá go bhfuil ní eile á cheilt
  Nuair is Eisean an Té a fhoilsítear do gach ní?
Conas a shamhlófá go bhfuil ní eile á cheilt
 Nuair  is Eisean a bhí ann sularbh ann d’aon ní?
Conas a shamhlófá go bhfuil ní eile á cheilt
  Nuair is follasaí É ná ní ar bith faoin spéir?
Conas a shamhlófá go bhfuil ní eile á cheilt
   Nuair nach bhfuil aon ní eile ach É?
Conas a shamhlófá go bhfuil ní eile á cheilt
   Nuair is gaire dhuit É ná ní ar bith eile?
Conas a shamhlófá go bhfuil ní eile á cheilt
   Nuair nach mbeadh aon ní ann murach É?

Iontas na n-iontas!
Féach chomh follasach sa neamh-bheith is atá an bheith
Agus an ní atá daingnithe in am, taobh leis an Té atá bithbheo bithbhuan.

Ibn Ata’ Illah