2020-10-06

Cuimhní ar m’Athair agus Grianghraf

 Níor choinníos é, an  t-aon ghrianghraf maith
Atá agam is mé i dteannta m’athar.
Inár suí a bhíomar i gcarr m’athar ón seanré
Agus ní raibh gíocs asam.
Bhí saothar air agus é ag caint
Ag streachailt lena anáil.
Níl fágtha den ghrianghraf sin
Ach solas geal na gréine,
Mar sin féin is riachtanaí domsa é
Ná na grianghraif eile a bhfuil dea-bhail orthu.
Ach meabhraím dom féin
Go rabhas ag féachaint díreach romham,
Cillíní na hinchinne is iad ar lánoscailt,
Amhail is go bhfaca mé
A raibh ag teacht:
Bhí sé tagtha cheana féin
Suite eadrainn ansin, idir m’athair is mé,
Sa charr bánghorm aige ón seanré.

Deepti Mittal