2020-10-21

Caipín an tSúfaígh

Cén mhaith iad
na róbaí olla sin
agus clóca an tSúfaígh?

Caith uait na balcaisí
agus saor tú féin
ó ghníomhartha ciontacha!

Ní dhéanfaidh hata olla
Súfaíoch díot.

Bí umhal ar nós an deirbhísigh
agus ansin caith pé caipín
is mian leat.

Sa’dī