Chreideas-sa tráth, nuair a bhíos im’ mhaighdean shéimh
(Is bhíos mar sin tráth, díreach mar thú)
B’fhéidir go mbeidh chughamsa duine éigin,
Cad a bheidh le déanamh, uch arú.
Agus más boc é,
Is é cineálta,
Is gan smál ar bith ar a léine fiú
Is fhios aige an tslí chun caitheamh le mná,
Bheadh ormsa diúltú.
Sin an uair is ceart an stuaim ‘choinneáil,
Ar eagla do dhul amú!
Beidh an ghealach lonrach ins an spéir
Beidh an báidín beag sa chaladh ‘n oíche go léir
Ach ní féidir nithe a bhrú.
Sea, ní ceart go mbeadh ort díreach síneadh siar,
Sea, ní mór do dhuine a bheith fuar,
Sea, cá bhfios cad d’fhéadfadh dúinn tarlú
I ngach aon chás níl ann ach diúltú.
An chéad neach bhí chugam, ba dhuine é as Kent,
Bhí sé mar a d’iarrfá féin,
Bhí longa ag neach a dó amuigh sa chaladh
Is neach a trí ar nós seaimpéin.
Is ó bhí siad saibhir,
Is ó bhí cineálta,
Is gan smál ar a gcuid léinte fiú
Bhí ormsa diúltú.
B’in an uair ba cheart dom stuaim ‘choinneáil,
Ar eagla mo dhul amú!
Bhí an ghealach lonrach ins an spéir
Bhí an báidín beag sa chaladh ’n oíche go léir,
Is níorbh fhéidir nithe a bhrú.
Sea, ní ceart go mbeadh ort díreach síneadh siar,
Sea, ní mór do dhuine a bheith fuar,
Sea, cá bhfios cad d’fhéadfadh dúinn tarlú
I ngach aon chás níl ann ach diúltú.
Tháinig lá amháin (gorm bhí an lá)
An neach seo, gan faic a rá.
Is do chroch a hata donn ar an tairne a bhí im’ sheomra,
Is níor thuigeas an rud bhí dom chrá.
Is ó bhí sé féin daibhir
Is gan cineáltas ann,
Agus gan fhios aige
An tslí chun caitheamh le mná
Dó siúd ní fhéadfainn diúltú.
Níorbh in an uair ba cheart dom stuaim ’choinneáil
Ar eagla mo dhul amú!
Á, an ghealach lonrach insan spéir
An báidín beag ar fán an oíche go léir.
Is do b’fhéidir nithe a bhrú.
Sea, is ceart go mbeadh ort díreach síneadh siar
Sea, ní ceart go mbeadh do chroí istigh chomh fuar
Sea, cá bhfios cad d’fhéadfadh dúinn tarlú,
Sea, ní mór diúltú don diúltú.