2019-07-10

Ag suirí leis is í faoi bhrón

Ag suirí leis is í faoi bhrón
Faoi bhrón is í ag suirí leis

Ag suirí leis, tugann ainm dó
Is seachmall é an té ar thug sí ainm dó,
Maya, a ngluaiseann a mhianta trína suan

Tá a fhios aici, sa deireadh
Is cuma cén t-ainm a thabharfaidh sí dó
Ní bheidh sna hainmneacha sin ach spás folamh

Ag suirí leis, is dóigh léi
Í bheith slán sa díchuimhne
Sa tnúthán, sa leithleachas

Ní ritheann sé léi nach bhfuil sa té
A bhfuil a croí ann
Ach dorn cnámh.
Cnámha a thagann amach as an gcréamtóiriam
Laistigh de chúig nóiméad glan.

Ag suirí leis, análaíonn isteach
A chuid feola, a smior, a anam

Bhí a anam áit éigin thart anseo
An dtiocfadh sí air
I measc na gcnámh seo?

Gach aon uair le teann eagla
Coinníonn sí go docht chuici féin é
Is sciorrann sé gach uair óna géaga

Is í ag suirí leis
Faoi bhrón

Gagan Gill