ANÁLÚTaobh amuigh istighÓ, trína cneas Bhíos-sa cheana ’muigh Ach bheith istigh tá sé go deas Thuas sa spéir aréir Ó, solas breá glé Cuireann mo radar baol chugam Ach deir m’instinn liom, Lean leis an Anáil (Am-ach, is-teach, am-ach) Tarraingím mo mháthair isteach (Am-ach, ist-each, am-ach) Tarraingím mo shearc isteach (Am-ach, is-teach, am-ach) Tarraingím nicitín isteach (Am-ach, is-teach, am-ach) An titim san anáil (am-ach,is-teach, am-ach) Am-ach, is-teach, am-ach is-teach, am-ach (Am-ach,is-teach, am-ach Chailleamar deis Tús is deireadh an áil Tar éis an áir, píosaí plútóiniam Ag lonrú i ngach scamhóg Mo ghreidhin go deo mo shearc, ó Gach áit, fud na bhfud, Ach deineadh cac den scéal Bhí fhios againn é, níl sa saol ach Anáil (Am-ach, is-teach, am-ach) Tarraingím mo mháthair isteach (Am-ach, is-teach, am-ach) Tarraingím mo shearc isteach (Am-ach, is-teach, am-ach) Tarraingím nicitín isteach (Am-ach, is-teach, am-ach) An titim san anáil (am-ach, is-teach, am-ach) Am-ach, is-teach, am-ach is-teach, am-ach Am-ach, is-teach, am-ach, am-ach Am-ach, am-ach Go deimhin is féidir an difríocht atá idir maidhm bheag núicléach mar shampla agus ceann an-mhór a chruthú le modh an-simplí ar fad is é sin ná go mbíonn scal ón mbuama núicléach atá i bhfad níos gile ná solas ar bith eile ar domhan is níos gile ná an ghrian agus is é faid na scaile sin a ligeann dúinn méid an airm a thomhas agus is í an cheist anois ná Cad a dhéanfaimid ’na éagmais?) Tar éis na scaile feictear caor thine ’g éirí is súitear suas an smionagar, dusta is nithe beo thart ar limistéir na pléisce móire ar a bealach suas, aithnítear í gan aon rómhoill sea ambaist an néal muisiriúnach Chun faid na scaile sin a thriail Tugaimis faoi líon na soicindí Sin a chomhaireamh nuair a scaoileann buama an-bheag scal uaidh is ceann níos toirtiúla ansin, meánmhéide is i ndeireadh na dála buama láidir thar na bearta Cad a dhéanfaimid ’na éagmais?) (Led thoil) Cad a dhéanfaimid ’na éagmais?) (Cá bhfuil m’anáil) Cad a dhéanfaimid ’na éagmais?) (Ó, tarraing an anáil) Caillfear sinn go léir ’na éagmais (Ó fág beagán aeir id dhiaidh) Cad a dhéanfaimid ’na éagmais?) (Ó fág beagán aeir id dhiaidh) Caillfear sinn go léir ’na éagmais A Dhia, fág beagán aeir id dhiaidh Cad a dhéanfaimid ’na éagmais? (Ó, an saol) |