2022-01-18

An Teaghlach Naofa

Daltaí agus oide
Mary R. Hyde and students at Carlisle Indian Training School
Le J.N. Coate
Teaghlach naofa é gach teaghlach
ach nuair a cuireadh páistí de phobail dhúchasacha
chuig institiúidí cónaithe d'fhonn a gcultúr a mhúchadh
agus a ghalldú
stróiceadh an croí as an teaghlach sin go deo

Is minic nuair a tháinig an páiste abhaile
go raibh a theanga
agus nósanna na treibhe dearmadta aige:
é ina phréachán i measc na bpéacóg

Ar mo theacht abhaile dhom
ag deireadh gach téarma
bhraitheas deoranta
neamhchinnte
mar Mheirindiach
a tháinig abhaile
agus nach labhródh na carraigeacha leis níos mó.