Ar an lá seo 30 Samhain, 1935, cailleadh an mórfhile Fernando Pessoa Agus is é Pessoa a chuireann deireadh leis an mír seo den bhlag. Tá bliain iomlán déanta againn. |
|
Não sei quantas almas tenho.Não sei quantas almas tenho.Cada momento mudei. Continuamente me estranho. Nunca me vi nem achei. De tanto ser, só tenho alma. Quem tem alma não tem calma. Quem vê é só o que vê. Quem sente não é quem é. Atento ao que sou e vejo, Torno-me eles e não eu. Cada meu sonho ou desejo, É do que nasce, e não meu. Sou minha própria paisagem, Assisto à minha passagem, Diverso, móbil e só. Não sei sentir-me onde estou. Por isso, alheio, vou lendo Como páginas, meu ser. O que segue não prevendo, O que passou a esquecer. Noto à margem do que li O que julguei que senti. Releio e digo, «Fui eu?» Deus sabe, porque o escreveu. Níl fhios agam líon na n-anamacha atá ionamNíl fhios agam líon na n-anamacha atá ionam.D’athraíos ó mheandar go meandar. Braithim i gcónaí im stróinséir. Ní fhaca mé mé féin ná níor thána riamh orm féin. Ón méid iomlán díom, níl agam ach anam. An té a bhfuil anam aige ní suaimhneach dó. An té a fheiceann níl ann ach a bhfeiceann sé. An té a mhothaíonn ní hé é féin atá ann. Is airdeallach a bhím faoin méid atá ionam is a bhfeicim. Bímse iadsan agus stopaim de bheith mé féin. Gach aon bhrionglóid, gach aon dúil Is leis an té a rabhadar san aige iad, ní liomsa iad. Mise mo thírdhreach féin Breathnaím orm féin is mé ar aistear – Éagsúil, soghluaiste, liom féin. San áit seo ina bhfuilim ní mhothaímse mé féin. Sin an fáth a léimse mé féin mar stróinséir Mar a bheadh leathanaigh ann. N’fheadar cad a thiocfaidh Dearúdaimse gach ar tharla, Breacaim nóta ar imeall mo chuid léitheoireachta, Machnamh agus mothúcháin. Deinim iontas agus mé á athléamh: ‘Arbh in mise?' Tá’s ag Dia, mar eisean a scríobh. |