2014-11-07

Smaoineamh an Lae

"Nuair is le grúpa beag é gach aon ní a rialaíonn riachtanais daoine chun bia, dídean agus éadaí a chur ar fáil dóibh féin agus dá gcuid teaghlach, nuair is é an grúpa beag sin a dhéanann gach cinneadh tábhachtach a chuireann isteach ar shaol an mhóraimh, tugtar tíorántacht air sin.
Tíorántacht eacnamaíoch is ea an caipitleachas. Thóg na glúine d'oibrithe na tionscail sin atá in ann níos mó ná dóthain a tháirgeadh chun deireadh a chur leis an mbochtanas agus chun daingne eacnamaíoch a ghealladh do gach fear, bean is páiste. Tá an caipitleachas tar éis an t-éacht iontach sin de chomhbhua an lucht oibre a chamadh agus an saibhreas is an chumhacht a chur i lámha an mhionlaigh bhig. An teicneolaíocht a d'fhéadfaí a úsáid chun obair mhaslach a laghdú agus feabhas a chur ar shaol gach éinne, ina áit sin tá sí in úsáid chun fáil réidh le jabanna agus chun an dúshaothrú a mhéadú. Tá an bochtanas chomh  forleathan is a bhí riamh. Tá an phá ag  ísliú agus an táirgiúlacht ag méadú. Is ag leathnú atá an dífhostaíocht, easpa dídine, gátar agus éadóchas. Cuireann neamhdhaingne eacnamaíoch agus cliseadh sóisialta strus dofhulaingthe ar an teaghlach, ar pháistí is orainn féin. Ag dul in olcas atá fadhbanna mothúchánacha,  coiriúlacht, striapachas, alcólachas, mí-úsáid drugaí, féinmharú agus go leor comharthaí eile míshonais agus éadóchais.”


Daniel De Leon (1852-1914)