2014-11-17

Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge: Ó Chathal Póirtéir

A chairde na scríbhneoireachta,

Tá mé ag feidhmiú mar rúnaí sealadach ar Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge go dtí go mbíonn deis ag na baill coiste stiúrtha a thoghadh ag ollchruinniú. Ba mhaith liom moltaí a bhailiú uaibh faoi na spriocanna a ba chóir a bheith ag an Aontas agus faoi na háiseanna agus na seirbhísí a ba mhaith libh a fháil ón Aontas. Bunaithe ar bhur bhfreagraí, cuirfidh mé cáipéis le chéile roimh an ollchruinniú agus thig linn í a phlé.

Cár choir dúinn toscaireachtaí agus aighneachtaí a chur? Luaigh daoine liom Áis, Foras na Gaeilge, RTÉ, TG4, An Chomhairle Ealaíon, Idirmhalartán Litríochta Éireann, foilsitheoirí, Cultúr Éireann...an bhfuil tuilleadh le cur leis an liosta sin?

Cad a ba cheart dúinn a lorg? Cad iad na gnéithe a ba chóir dúinn díriú orthu? Cad iad na scéimeanna a n-éiríonn leo? An gá scéimeanna nua a thosú, seanscéimeanna a neartú? Cad a cheapann muid faoin dóigh is fearr le feabhas a chur ar dhreasachtaí, duaiseanna, aistriúcháin, cearta, conarthaí, scéimeanna cónaithe, comórtais, cothú na léitheoireachta, cothú na scríbhneoireachta, oiliúint do scríbhneoirí, eagarthóireacht, cúrsaí oiliúna, cúrsaí léirmheasanna, poiblíochta agus margaíochta.

Cad iad na cáilíochta do scríbhneoir a bheith ina b(h)all san Aontas? An ionann an duine atá i ndiaidh 100 leabhar a scríobh agus an duine a d’fhoilsigh 100 líne? Ar chóir níos mó ná cineál amháin ballraíochta a bheith ann do dhaoine nach bhfuil mórán scríofa acu ach a ba mhaith leo a bheith ag tabhairt tacaíochta dúinn nó ag forbairt a gcuid scríbhneoireachta féin? Cúrsaí aoise (íosteorainn!)

Ar chóir go mbeadh táille ballraíochta ann?

Beidh fáilte mhór roimh mholtaí agus tuairimí ach bíodh siad réasúnta gonta – táimid ag tarraingt ar 100 duine ar an liosta!

Is dóigh liom go mba chóir an cruinniú a eagrú Dé Sathairn éigin i mBaile Átha Cliath ag am a bheadh oiriúnach do thraenacha agus busanna ionas nach mbeadh costas lóistín ar aon duine. Is dóigh liom go bhfuil sé indéanta go fóill cruinniú a ghairm roimh Nollaig. Cad a cheapann sibh?

Gabhaim buíochas libh as bhur seoltaí ríomh-phoist a thabhairt dom le comhfhreagras a dhéanamh furasta agus gasta. Leanaigí ag scaipeadh an scéil faoin Aontas. Aithním go bhfuil go leor scríbhneoirí gníomhacha nach bhfuil i ndiaidh nóta a chur chugam go fóill . . .!

Is mise le meas,

Cathal Póirtéir