Ar an lá seo 7 Samhain, 1943, rugadh Joni Mitchell | |
ABHAINNle Joni MitchellIs gearr uainn an Nollaig Tá na crainn ar lár An réinfhia le feiceáil Amhráin síochána is síth’ á rá Ó dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil Níl aon sneachta anseo Is fanann sé glas Táim chun carn mór a dhéanamh Is ansin beidh mé ag tarraingt as Ó dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil Dá mbeadh abhainn agamsa, abhainn mhór ghroí Mhúinfinn eitilt dom dhá chos Dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil: Do chuireas é ag gol Theastaigh uaidh mé ’tharrtháil Mé bheith gan bhuairt lán só Is bhí a ghrá chomh dána Go rabhas lag ar ndóigh Ó dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil Deacair mé a láimhseáil Is santach mé faoi bhrón Anois ó chailleas an grá ab fhearr riamh ’Bhí ag éinne beo Dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil Ó, dá mbeadh abhainn agamsa abhainn mhór ghroí Mhúinfinn eitilt dom dhá chos Dá mbeadh agamsa abhainn Do raghainnse ag scátáil Is níl mo ghrása thall ná ’bhus. Is gearr uainn an Nollaig Tá na crainn ar lár An réinfhia le feiceáil Amhráin síochána is síth’ á rá Ó dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil (1970; Joni Mitchell) |